2 Samúéil 3:1-39 |
1. Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige. |
2. Rugadh clann mhac do Dháiví i Heabrón; a chéadghin Amnón, ó Aichíonoam as Izréil; |
3. a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr; |
4. an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal; |
5. an séú mac Itreám ó Eaglá bean Dháiví. Rugadh iadsan do Dháiví i Heabrón. |
6. Fad a bhí an cogadh idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví ar siúl, ghabh Aibnéar gach ceannas ar theaghlach Shóil. |
7. Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: «Cad ab áil leat luí le leannán m' athar?» |
8. Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. «An ceann madra as Iúdá mé,» ar sé. «Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d' athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná! |
9. Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó |
10. an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.» |
11. Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe. |
12. Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: «Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.» |
13. «Tá go maith,» arsa Dáiví, «déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.» |
14. Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: «Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.» |
15. Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís. |
16. Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: «Imigh leat ar ais,» agus rinne. |
17. Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: «is fada anois sibh,» ar sé, «ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh. |
18. Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: 'Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.'» |
19. Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví. |
20. Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta. |
21. Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: «Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.» Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d' imigh sé gan aon duine a chur isteach air. |
22. Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d' imigh sé go síochánta. |
23. Nuair a tháinig Ióáb agus an t-arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: «Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d' imigh sé faoi shíocháin.» |
24. Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: «Cad tá déanta agat?» ar sé. «Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth? |
25. Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.» |
26. D' imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví. |
27. Nuair a d' fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb. |
28. Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: «Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna. |
29. Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!» |
30. (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.) |
31. Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: «Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.» Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair. |
32. Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith. |
33. Mar seo leanas a chaoin an rí Aibnéar: «Ar dhual d' Aibnéar bás an amadáin? Ní raibh cuibhreach ar a lámha ná slabhra ar a chosa. |
34. Thit tú faoi mar a thitfeadh duine faoi láimh na gcoirpeach.» Agus chaoin an pobal go léir aris é. |
35. Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: «Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!» |
36. Thug na daoine go léir é sin faoi deara agus thaitin sé leo, dála gach rud eile dá ndearna an rí, agus a thaitin leis an bpobal go léir, go deimhin. |
37. Thuig an pobal agus thuig Iosrael go léir an lá sin nach raibh baint ag an rí le bás Aibnéar mac Néar. |
38. Dúirt an rí lena oifigigh: «Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu? |
39. Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t-olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!» |
2 Samúéil 4:1-12 |
1. Nuair a chuala Ís Bál, mac Shóil, gur maraíodh Aibnéar i Heabrón, thit an lug ar an lag aige, agus tháinig scéin ar Iosrael go léir. |
2. Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin; |
3. theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta). |
4. Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d' aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D' ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d' fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó. |
5. Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae. |
6. Bhí bean an dorais ag cáthadh cruithneachta ach tháinig múisiam codlata uirthi. Shleamhnaigh Raecáb agus Báná a dheartháir thairsti isteach. |
7. Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche, |
8. agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. «Seo duit,» ar siad leis an rí, «ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d' anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.» |
9. Ach d' fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: «Dar an Tiarna beo, a d' fhuascail mé ó gach gábh, |
10. an fear a mheas go raibh scéala maith á thabhairt aige chugam, nuair a d' inis sé dom go raibh Sól marbh, rug mé greim air agus mharaigh mé é i Zicleag; sin é an luach saothair a fuair sé ar son a dhea-scéil. |
11. Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?» |
12. Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón. |
Salm 62:5-12 |
5. 6 Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom, óir is ann atá mo dhóchas. |
6. 7 Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh. |
7. 8 Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir; is carraig chumhachtach agus díon dom é. |
8. 9 Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah |
9. 10 Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin. |
10. 11 Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í. |
11. 12 Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna, |
12. 13 agus gur leatsa an buanghrá, agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neach de réir a shaothair. |
Seanfhocal 16:13-15 |
13. Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir. |
14. Teachtaire báis fearg rí, ach déanfaidh an t-eagnaí í a cheansú. |
15. Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí, agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi. |
Eoin 4:31-54 |
31. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: «A raibí,» ar siad leis, «bí ag ithe.» |
32. Dúirt sé leo: «Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.» |
33. Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: «An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?» |
34.
Dúirt Íosa leo:
«Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
|
35.
Nach ndeir sibhse ' Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann'? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
|
36.
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
|
37.
Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ' Cuireann duine, baineann duine eile.'
|
38.
Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.»
|
39. Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: «D' inis sé dom gach ní dá ndearna mé.» |
40. Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d' fhan sé ansiúd dhá lá. |
41. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair |
42. agus deiridís leis an mbean: «Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.» |
43. Tar éis an dá lá d' fhág sé an áit sin agus d' imigh don Ghailíl. |
44. Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. |
45. Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith. |
46. Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. |
47. Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d' iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. |
48. Dúirt Íosa leis: «Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.» |
49. Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: «Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.» |
50. Dúirt Íosa leis: «Imigh leat, tá do mhac beo. Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d' imigh. |
51. Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d' inis siad dó go raibh a mhac beo. |
52. D' fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: «Ar an seachtú huair inné d' fhág an fiabhras é.» |
53. Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: «Tá do mhac beo,» agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. |
54. Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl. |