A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 13

1 Samúéil 28:1-25
1. Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite sna laethanta úd chun dul chun catha le hIosrael. Agus dúirt Áicís le Dáiví: «Bíodh a fhios agat go rachaidh tusa freisin agus do chuid fear ar an slógadh liom.»
2. D' fhreagair Dáiví Áicís: «Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.» Agus dúirt Áicís le Dáiví: «An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.»
3. Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d' adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.
4. Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.
5. Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith.
6. Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.
7. Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: «Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.» D' fhreagair a ghiollaí. «Tá asarlaí in Éan Dór.»
8. Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t-aistear chun na mná. «Taispeáin dom,» ar sé, «a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.»
9. D' fhreagair an bhean é: «Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m' anam leis an mbás a thabhairt orm?»
10. Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: «Dar an Tiarna beo,» ar sé, «ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.»
11. Ansin dúirt an bhean: «Cé thabharfaidh mé aníos chugat?» «Tabhair Samúéil aníos chugam,» ar sé.
12. Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: «Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!»
13. Dúirt an rí léi: «Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?» «Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,» ar sí le Sól.
14. «Cén dealramh atá air?» ar sé léi. «Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.» Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d' umhlaigh dó.
15. Ansin dúirt Samúéil le Sól: «Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?» «Tá suaitheadh mór orm,» arsa Sól, «mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.»
16. D' fhreagair Samúéil á rá: «Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?
17. Tá déanta ag an Tiarna leat faoi mar gheall sé ó mo bhéalsa a dhéanfadh. Sciob sé an flaitheas as do ghlac agus thug é do do chomharsa, Dáiví,
18. de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.
19. Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.»
20. Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.
21. Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: «Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m' anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.
22. Déansa, dá bhrí sin, rud ar do bhanóglach. Leagfaidh mé beagán bia romhat, agus ith é agus bíodh neart éigin ionat ag dul ar d' aistear.»
23. Ach ní dhéanfadh; «Ní íosfaidh mé greim,» ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D' éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba.
24. Bhí gamhain biata sa teach ag an mbean; mharaigh sí é ar an toirt; fuair sí plur agus d' fhuin é agus bhruith builíní slimaráin as;
25. leag sí an bia os comhair Shóil agus a ghiollaí agus d' itheadar é, agus d' éiríodar agus d' imíodar leo an oíche sin.

Salm 61:1-4
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví. 2 Éist le mo ghlao, a Dhia; tabhair cluas do m' urnaí! Salm 60
2. 3 Glaoim ort ó chríocha na cruinne nuair a chliseann mo chroí. Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi, cuir mé in airde, a Dhia,
3. 4 Óir is tú mo dhún is mo dhaingean in aghaidh an namhad.
4. 5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball go brách na breithe, chun go bhfaighe mé díon agus dídean faoi scáth do sciathán. Selah

Seanfhocal 16:6-6
6. Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t-olc le heagla an Tiarna.

Eoin 3:1-18
1. Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh.
2. Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: «Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.»
3. D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen,» ar sé leis, «mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.»
4. Dúirt Níocodaemas leis: «Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d' fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?»
5. D' fhreagair Íosa: «Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ' Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.'
8. Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.»
9. D' fhreagair Níocodaemas: «Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?» ar sé leis.
10. D' fhreagair Íosa: «Is oide in Iosrael thú,» ar sé leis, «agus nach eol duit na nithe sin!
11. Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12. Má inis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a chreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh?
13. Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh].
14. Faoi mar a d' ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,
15. i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
16. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
17. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.
18. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.