A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 9

Iósua 7:1-26
1. Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.
2. Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: «Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.» Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.
3. D' fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: «Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.»
4. Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu.
5. Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.
6. Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.
7. «Uch, a Thiarna Dia,» arsa Iósua, «cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d' fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!
8. Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?
9. Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n-aghaidh agus scriosfaidh siad ár n-ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d' ainm mhóir?»
10. D' fhreagair an Tiarna Iósua: «Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d' fhiacla?
11. Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d' ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.
12. Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.
13. Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: 'Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: «Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.»
14. Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine.
15. An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.'»
16. D' éirigh Iósua go moch ar maidin agus thug Iosrael leis treibh ar threibh agus thit an crann ar threibh Iúdá.
17. Thug sé leis finí Iúdá agus thit an crann ar fhine Zearach. Thug sé leis fine Zearach teaghlach ar theaghlach agus thit an crann ar theaghlach Zaibdí.
18. Ansin thug sé leis teaghlach Zaibdí, duine ar dhuine, agus thit an crann ar Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach.
19. Ansin dúirt Iósua le hÁcán: «Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.»
20. Thug Ácán freagra ar Iósua: «Pheacaigh mé, pheacaigh sin, in aghaidh an Tiarna Dia Iosrael, agus seo mar rinne mé:
21. Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t-airgead in íochtar.»
22. Chuir Iósua teachtairí uaidh agus ritheadar seo chun na botha. Bhí an fhallaing i bhfolach sa bhoth agus an t-airgead thíos fúithi.
23. Thógadar ón mboth iad agus thugadar i láthair Iósua agus seanóirí Iosrael iad, agus leagadar os comhair an Tiarna iad.
24. Ácán mac Zearach, an t-airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór).
25. «Cad ina thaobh,» arsa Iósua, «gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!» Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.
26. Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.

Iósua 8:1-35
1. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: «Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.
2. Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.»
3. Ansin d' éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,
4. leis na horduithe seo: «Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n-aire.
5. Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu.
6. Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: 'Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.' Teithfimidne rompu, más ea,
7. agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í.
8. Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d' ordaigh mé daoibh.»
9. Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.
10. D' éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.
11. Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí.
12. Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.
13. Sin mar a suíodh an slua campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.
14. Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.
15. Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.
16. Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d' fhágadar an chathair féin gan chosaint.
17. Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; d' fhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael.
18. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: «Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.» Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.
19. A luaithe a shín sé a lámh d' éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill.
20. Nuair a d' fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d' fhilleadar ar ais ar an tóir.
21. Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d' iompaíodar ar ais agus d' ionsaíodar muintir Háí.
22. Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n-aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,
23. ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.
24. Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d' fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d' imríodar faobhar claímh uirthi.
25. Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile.
26. Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir.
27. Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua.
28. Loisc Iósua Háí agus d' fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.
29. Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d' ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.
30. agus an Dlí á Léamh ann
31. faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna do chlann Iosrael de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois, «altóir de chlocha nár snoíodh agus nár luigh aon uirlis iarainn riamh orthu»; agus d' ofráladar íobairtí dóite uirthi don Tiarna agus íobairtí comaoineach chomh maith.
32. Ansiúd ar na clocha scríobh Iósua, i láthair phobal Iosrael, cóip den dlí a scríobh Maois.
33. Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.
34. Ina dhiaidh sin léigh Iósua briathra uile an dlí, na beannachtaí agus na mallachtaí, de réir mar atá scríofa i leabhar an dlí.
35. Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc.

Salm 43:1-5
1. Salm 42 Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).
2. Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh?
3. Cuir chugam do sholas agus d' fhírinne, go ndéana siad mo threorú do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa, faoi dhéin do phailliúin.
4. Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!
5. Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Seanfhocal 13:22-23
22. Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
23. Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht, ach scuabann an éagóir ar shiúl é.

Lúcás 9:37-62
37. Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin.
38. Agus bhí duine den slua d' éigh amach: «A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,
39. agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh.
40. Agus d' iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.»
41. D' fhreagair Íosa agus dúirt: «Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.»
42. Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é.
43. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé.
44. «Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.»
45. Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
46. Tháinig sé ina n-aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó.
47. Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis,
48. agus dúirt leo: «Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m' ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.»
49. Labhair Eoin agus dúirt: «A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d' ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.»
50. Dúirt Íosa leis: «Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n-aghaidh, tá sé ar bhur son.
51. Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,
52. agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó.
53. Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall.
54. Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: «A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?»
55. Ach d' iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.
56. Agus d' imigh siad go dtí baile nárbh é.
57. Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: «Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.»
58. Dúirt Íosa leis: «Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.»
59. Dúirt sé le duine eile: «Lean mise. Ach dúirt seisean: «A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m' athair a adhlacadh.»
60. Dúirt sé leis: «Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.»
61. Dúirt duine eile fós: «Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.»
62. Ach dúirt Íosa leis: «Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.»