1 Samúéil 1:1-28 |
1. Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach. |
2. Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná. |
3. Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd. |
4. An lá a dhéanadh Ealcáná íobairt thugadh sé scaireanna do Phinineá a bhean agus dá clann mhac agus iníonacha go léir. |
5. Bíodh gurbh ionúin leis Hanná, ní thugadh sé ach scair amháin di, toisc gur dhruid an Tiarna a broinn. |
6. A comhleacaí mná, bhíodh sí ag caitheamh achasán léi, ag spochadh aisti, á chasadh léi gur dhruid an Tiarna a broinn. |
7. Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia. |
8. Ansin dúirt Ealcáná a fear léi: «A Hanná, cad chuige a bhfuil tú ag gol? Cad chuige nach bhfuil tú ag ithe? Cad chuige go bhfuil tú dubhach? Nach fearr mise agat na deichniúr mac?» |
9. Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d' éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna. |
10. Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt. |
11. Thug sí móid á rá: «A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.» |
12. Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal, |
13. mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce |
14. agus dúirt sé léi: «An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.» |
15. D' fhreagair Hanná: «Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,» ar sí, «ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m' anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna. |
16. Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.» |
17. D' fhreagair Éilí ansin: «Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.» |
18. Agus dúirt sise: «Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.» Ansin d' imigh an bhean léi; [d' fhill sí ar an halla], d' ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó. |
19. D' éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d' fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi. |
20. Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí «gur iarr mé ar an Tiarna é.» |
21. An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna. |
22. Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: «Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.» |
23. Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: «Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.» D' fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é. |
24. Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg. |
25. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí. |
26. Dúirt sí «A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna. |
27. Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d' iarr mé air. |
28. Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol. Tá sé tugtha suas don Tiarna.» [D' fhag sí] ansiúd ag an Tiarna é. |
1 Samúéil 2:1-36 |
1. Ansin ghuigh Hanná mar leanas: «Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe. |
2. Níl aon neach naofa mar an Tiarna níl aon neach seachas thú Níl carraig mar ár nDia. |
3. Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin. Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal, Mar Dia an eolais é an Tiarna Agus meánn seisean na bearta. |
4. Briseadh bogha na dtréan, Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu. |
5. Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe. |
6. Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos; |
7. Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir. Leagann ar lár agus ardaíonn in airde. |
8. Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan. |
9. Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir. |
10. Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n-aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.» |
11. D' imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d' fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart. |
12. Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna |
13. agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d' ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh |
14. agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo. |
15. Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: «Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.» |
16. Dá ndéarfadh an duine: «Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,» deireadh sé, «Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.» |
17. Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna. |
18. Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill. |
19. Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil. |
20. Ansin thugadh Éilí a bheannacht d' Ealcáná agus a bhean á rá: «Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.» Ansin théidís abhaile. |
21. D' fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna. |
22. Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála). |
23. Dúirt sé leo: «Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir. |
24. Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna. |
25. Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?» Ach thugadar an chluas bhodhar dá n-athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis. |
26. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine. |
27. Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: «Deir an Tiarna: 'Nár nocht mé mé féin do theaghlach d' athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt? |
28. Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m' altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d' athar a thug mé m' íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir. |
29. Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d' ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n-ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael? |
30. Uime sin agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d' athar i m' fhianaise go brách, anois, áfach sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu. |
31. Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d' athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach. |
32. Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d' Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách. |
33. An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m' altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear]. |
34. Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna. |
35. Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m' intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m' ungthaigh go brách. |
36. Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d' fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.'» |
1 Samúéil 3:1-21 |
1. Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d' fheictí físeanna. |
2. Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil. |
3. Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé. |
4. Ansin ghlaoigh an Tiarna: «A Shamúéil!» D' fhreagair seisean: «Seo anseo mé,» |
5. agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Ach dúirt seisean: «Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.» D' imigh sé mar sin, agus luigh síos. |
6. Ghlaoigh an Tiarna arís. «A Shamúéil!» D' éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.» Agus d' fhreagair seisean: «Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.» |
7. Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós. |
8. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D' éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr. |
9. Dúirt sé le Samúéil: «Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: 'Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.'» D' imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin. |
10. Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: «A Shamúéil! A Shamúéil!» D' fhreagair Samúéil: «Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.» |
11. Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: «Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é. |
12. Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh. |
13. Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad. |
14. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.» |
15. D' fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d' oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí, |
16. ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: «A Shamúéil, a mhic.» «Seo anseo mé,» ar seisean. |
17. «Cén teachtaireacht a thug sé duit?» arsa Éilí, «ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.» |
18. D' inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: «Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.» |
19. D' fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d' aon fhocal dá chuid titim ar lár. |
20. Thuig Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, go raibh Samúéil ceaptha ina fháidh don Tiarna. |
21. Agus bhíodh an Tiarna á thaispeaint féin arís i Sileo mar go dtaispeánadh sé é féin do Shamúéil i Sileo trí bhriathar an Tiarna. |
Salm 53:1-6 |
1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Mahalat». Mascil Dháiví. Salm 52 |
2. 2 Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. 3 Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia. |
3. 4 Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanfadh an mhaith, níl oiread is duine. |
4. 5 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia. |
5. 6 Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh. |
6. 7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael. |
Seanfhocal 15:8-11 |
8. Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin. |
9. Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh, ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht. |
10. Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo. |
11. Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna, nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine! |
Lúcás 20:27-47 |
27. Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann |
28. agus chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «seo mar a d' ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: 'Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.' |
29. Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. |
30. An dara duine ansin, |
31. agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. |
32. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. |
33. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.» |
34. Dúirt Íosa leo: «Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, |
35. ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; |
36. óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí. |
37. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib. |
38. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.» |
39. Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: «A Mháistir, is maith a dúirt tú é!» |
40. Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air. |
41.
Dúirt sé leo ansin: «Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?
|
42.
Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,
|
43. nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.' |
44. «Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?» |
45. Agus i gcomhchlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail: |
46. «Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; |
47. an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.» |