Rút 3:1-18 |
1. Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: «A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta. |
2. Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte. |
3. Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige. |
4. Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.» |
5. D' fhreagair sí: «Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.» |
6. Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht. |
7. Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd. |
8. I lár na hoíche dhúisigh an fear, d' fhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa. |
9. Dúirt sé léi: «Cé hí thú féin?» D' fhreagair sí: «Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.» |
10. «Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,» arsa Boaz, «mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir. |
11. Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú. |
12. Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat. |
13. Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.» |
14. Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach d' éirigh [Boaz] roimh an tráth a d' aithneodh daoine a chéile, «mar,» ar sé, «ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.» |
15. Ansin dúirt sé léi: «Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.» Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus d' ardaigh uirthi é. D' imigh sí léi isteach sa chathair ansin. |
16. Nuair a shroich sí máthair a céile, d' fhiafraigh sise: «Conas a bhí agat, a iníon ó?» Ansin d' inis sí gach a ndearna an fear di. |
17. Lean sí uirthi: «Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,» ar sí, «agus dúirt sé liom: 'Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.'» |
18. D' fhreagair sise: «Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.» |
Rút 4:1-22 |
1. Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: «Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,» agus tháinig sé agus shuigh. |
2. Ansin rinne sé deichniúr de sheanóirí na cathrach a thoghadh agus dúirt leo: «Suígí síos anseo,» agus shuíodar. |
3. Ansin dúirt sé leis an bhfear gaoil: «Náoimí, an bhean a d' fhill ar ais ó thír Mhóáb, tá sí ag díol an phaiste talún a bhí ag Eilímeilic ár ngaol. |
4. Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.» Dúirt sé: «Táim sásta é a fhuascailt.» |
5. Ansin lean Boaz air: «An lá a cheannóidh tú an paiste talún ó láimh Náoimí, ceannóidh tú [Rút] chomh maith, an Móábach, baintreach an mhairbh, agus ar an gcuma sin tabharfaidh tú a ainm ar ais dá oidhreacht.» |
6. Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: «Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m' oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.» |
7. Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d' fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe. |
8. Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: «Ceannaigh duit féin é,» bhain sé a chuarán de. |
9. Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: «Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón; |
10. mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d' fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.» |
11. Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: «Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil. |
12. Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.» |
13. Thóg Boaz Rút leis mar sin agus bhí sí mar bhean aige. Agus nuair a luigh siad le chéile, bhronn an Tiarna gin uirthi, agus rug sí mac. |
14. Agus dúirt na mná le Náoimí: «Moladh leis an Tiarna nár fhág [an marbh] gan bráthair gaoil inniu chun a ainm a bhuanú in Iosrael. |
15. Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.» |
16. Agus thóg Náoimí an leanbh agus chuir ina hucht é, agus bhí ina buime aige. |
17. Agus thug mná na comharsanachta ainm air. «Saolaíodh mac do Náoimí,» a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví. |
18. Seo iad sliocht Pheiriz: ghin Peiriz Heazrón; |
19. ghin Heazrón Rám; ghin Rám Amaineádáb; |
20. ghin Amaineádáb Nachsón; ghin Nachsón Salmón; |
21. ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed; |
22. ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví. |
Salm 52:6-9 |
6. 8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá: |
7. 9 «Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.» |
8. 10 Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé; ' s tá mo dhóchas i ndilghrá Dé go brách agus choíche. |
9. 11 Tabharfaidh mé buíochas duit go deo de bharr a ndearna tú, agus fógróidh mé feabhas d' ainmse i bhfianaise na bhfíréan. |
Seanfhocal 15:6-7 |
6. Tá mórán maoine i dteach an fhíréin, ach leanann buairt cnuasach an choirpigh. |
7. Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n-amadán. |
Lúcás 20:1-26 |
1. Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí, |
2. agus dúirt an méid seo leis: «Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?» |
3. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom: |
4. An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?» |
5. Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: «Má deirimid: 'Ó neamh,' déarfaidh sé: 'Cad chuige nár chreid sibh ann?' |
6. Ach má deirimid: 'Ó dhaoine,' gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.» |
7. Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. |
8. Dúirt Íosa leo: «Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.» |
9. Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: «Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire. |
10. Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. |
11. Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. |
12. Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach. |
13. Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: 'Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b' fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.' |
14. Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: 'Is é seo an t-oidhre,' ar siad, ' maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.' |
15. Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíonghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo? |
16. Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.» Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: «Nárab ea!» |
17.
Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt:
«Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa: ' An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne di ceann an chúinne'?
|
18. «Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.» |
19. Agus b' fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd. |
20. Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d' údarás an ghobharnóra. |
21. Chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne. |
22. An dleathach dúinn cíos a íoc le Céasar nó an mídhleathach?» |
23. Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: |
24. «Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?» Dúirt siad: «Céasar.» |
25. Dúirt sé leo: «Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.» |
26. Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b' ionadh leo a fhreagra, d' fhan siad ina dtost. |