A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 28

Rút 1:1-22
1. Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d' imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.
2. Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.
3. D' éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac.
4. Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.
5. Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear.
6. Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d' airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.
7. Ansin d' imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.
8. Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: «Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa.
9. Go ndeonaí an Tiarna go bhfaighfidh sibh baile, gach duine agaibh beirt, le céile fir ina theach.» Agus phóg sí iad, ach chromadarsan ar ghol go fuíoch.
10. «Fillfimid leat,» ar siad, «fillfimid sin, go dtí do mhuintirse.»
11. Ach dúirt Náoimí: «Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh?
12. Filligí, a iníonacha; imígí libh mar táimse róaosta le pósadh ar ais. Fiú dá ndéarfainn go bhfuil dóchas agam fear a fháil anocht féin, agus clann mhac breise a bheith orm,
13. an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.»
14. Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d' imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.
15. Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: «Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.»
16. Ach d' fhreagair Rút: «Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.
17. Fód do bháis, fód mo bháis-sé, agus láthair m' adhlactha. Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom, agus a thuilleadh fós, dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!»
18. Nuair a thuig Náoimí go raibh sí meáite ar dhul léi, ní dúirt sí a thuilleadh.
19. Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. «An í seo Náoimí?» a deireadh na mná.
20. Dúirt sí leo: «Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.
21. Oir d' imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m' aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?»
22. D' fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.

Rút 2:1-23
1. Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.
2. Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: «Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.» «Imigh leat, a iníon ó,» ar sise léi.
3. D' imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d' fhine Eilímeilic, den ithir.
4. Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: «Go raibh an Tiarna libh,» ar sé. D' fhreagair siadsan: «Go mbeannaí an Tiarna thú féin.»
5. Ansin dúirt Boaz leis an seirbhíseach a bhí aige i bhfeighil na meithle: «Cér díobh an cailín seo?»
6. D' fhreagair saoiste na meithle: «Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,
7. agus dúirt sí: 'Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.' Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.»
8. Dúirt Boaz le Rút: «Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.
9. Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.»
10. Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: «Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?»
11. D' fhreagair Boaz: «Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d' fhear bás; mar a d' fhág tú d' athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.
12. Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.»
13. Ansin dúirt sí: «Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.»
14. Am dinnéir dúirt Boaz léi: «Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.» Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d' ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.
15. Ansin d' éirigh sí arís chun díolama agus thug Boaz ordú dá ghiollaí: «Ligigí di díolaim i measc na bpunann féin agus ná cuirigí isteach uirthi.
16. Agus tarraingígí roinnt diasa as na punanna agus fágaigí ansiúd roimpi iad le bailiú agus ná bígí á ceartú.»
17. Rinne sí díolaim mar sin sa ghort go tráthnóna. Ansin rinne sí a cnuasach a bhualadh agus bhí timpeall éafá eorna ann.
18. Thug sí léi é agus d' imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.
19. Dúirt máthair a céile léi: «Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!» Ansin d' inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: «Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.»
20. Dúirt Náoimí le bean a mic: «Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.» Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: «Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.»
21. Labhair Rút an Móábach mná ansin: «Dúirt sé liom chomh maith,» ar sí, «' lean ar shála mo mheithle go dtí go mbeidh m' fhómhar go léir bainte acu.'»
22. Agus dúirt Náoimí le Rút baintreach a mic: «Is fearr duit dul amach lena mheithealsan in áit dul go gort eile mar ar bhaol go gcuirfí isteach ort.»
23. D' fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile.

Salm 52:1-5
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví 2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: «Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.» 3 Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais, a ghaiscígh na hurchóide? Salm 51
2. 4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae, agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar, a chealgaire ghlic.
3. 5 Is ansa leat an t-olc ná an mhaitheas, an t-éitheach ná an fhírinne.
4. 6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach, a theanga na camastaíola.
5. 7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.

Seanfhocal 15:4-5
4. Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.
5. Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.

Lúcás 19:28-48
28. Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.
29. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:
30. «Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é.
31. Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: 'Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?' is é a déarfaidh sibh: 'Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.'»
32. D' imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo.
33. Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: «Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?»
34. Dúirt siad: «Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,»
35. agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.
36. Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar.
37. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d' áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,
38. á rá: «Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.»
39. Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: «A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.»
40. D' fhreagair sé agus dúirt: «Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.»
41. Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,
42. ag rá: «Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.
43. Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;
44. nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d' fhiosraithe.»
45. Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach,
46. ag rá leo: «Tá scríofa: 'Beidh mo theach ina theach urnaithe'; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.»
47. Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;
48. ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.