A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 27

Breithiúna 20:1-48
1. Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.
2. Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé.
3. (Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: «Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.»
4. D' fhreagair an Léivíteach, fear na mná a maraíodh, agus dúirt leo: «Tháinig mé féin agus mo bhean luí go Gibeá, a bhaineann le Biniáimin, chun an oíche a chaitheamh ann.
5. D' éirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus d' éigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás.
6. Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina piosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghrainiúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael.
7. Sibhse go léir cruinnithe anseo, a phobal Iosrael, tugaigí bhur mbreith agus cinnigí bhur gcomhairle ar an toirt.»
8. D' éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: «Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.
9. Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh;
10. toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d' Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.»
11. Tháinig fir Iosrael go léir le chéile bonn ar bhonn i gcoinne na cathrach sin.
12. Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: «Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc?
13. Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, d' fhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t-olc a dhíbirt as Iosrael.» Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael.
14. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael.
15. Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).
16. Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall.
17. Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir.
18. Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: «Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?» D' fhreagair an Tiarna: «Téadh Iúdá suas ar dtús.»
19. Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.
20. Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá.
21. Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin.
22. D' imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d' fhiafraíodar: «An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?» D' fhreagair an Tiarna: «Téigí ar aghaidh ina gcoinne.»
23. Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.
24. Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá;
25. ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir.
26. Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t-arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d' ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.
27. Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t-am sin,
28. agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D' fhiafraíodar: «Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?» D' fhreagair an Tiarna: «Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.' '
29. Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá.
30. Ar an tríú lá ghluais clann Iosrael in aghaidh chlann Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar os comhair Ghibeá dála na n-uaireanta eile.
31. Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n-uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d' arm Iosrael.
32. Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: «Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.» Ach sé dúirt arm Iosrael: «Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre.
33. Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.»
34. Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, d' ionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu.
35. Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d' fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir.
36. Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu. Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá.
37. Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d' imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir.
38. Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair,
39. agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: «Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.»
40. Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, d' fhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas.
41. Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.
42. Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t-arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil.
43. Thimpeallaíodar Biniáimin; rinneadar tóir gan taise gan trócaire orthu, agus bhascadar iad lastoir os comhair Gheaba.
44. Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile.
45. Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.
46. Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d' fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile.
47. Ach d' éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d' fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí.
48. D' fhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus d' imir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine.

Breithiúna 21:1-25
1. Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: «Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.»
2. Chuaigh an pobal go Béitéil agus d' fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar.
3. Dúradar: «A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán d' Iosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?»
4. Lá arna mhárach, d' éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d' ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.
5. Dúirt clann Iosrael ansin: «Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?» Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.
6. Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: «Tá treibh gearrtha chun siúil d' Iosrael inniu.
7. Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n-iníonacha féin dóibh le pósadh?»
8. Ansin chuireadar an cheist: «Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?» Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,
9. mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann.
10. Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus d' ordaigh dóibh: «Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile.
11. Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.» Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.]
12. Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán.
13. Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon.
14. D' fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann.
15. Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael.
16. Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: «Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?»
17. Agus dúradar: «Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d' fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael?
18. Ní féidir dúinn féin ár n-iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.» Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: «Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.»
19. «Ach, féach!» ar siad, «tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.» (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.)
20. Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: «Téigí i luíochán sna fíonghoirt
21. agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin.
22. Má thagann a n-aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: 'Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.'»
23. Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a d' fhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, d' fhilleadar ar a n-oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu.
24. D' imigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; d' fhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin.
25. Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin.

Salm 51:12-19
12. 14 Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.
13. 15 Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
14. 16 Saor mé ó choir na fola, a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir, agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.
15. 17 A Thiarna, oscail mo bheola, agus fógróidh mo bhéal do mholadh.
16. 18 Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.
17. 19 M' íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch; ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.
18. 20 Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna, ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.
19. 21 Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta, le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe: ansin ofrálfar mairt chugat ar d' altóir.

Seanfhocal 15:1-3
1. Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach.
2. Riarann teanga na n-eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n-amadán.
3. Tá súile an Tiarna i ngach treo, agus faire acu ar olc agus maith.

Lúcás 19:1-27
1. Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd.
2. Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir,
3. bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.
4. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.
5. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: «A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.»
6. Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.
7. Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: «Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.»
8. Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: «Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d' aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.»
9. Dúirt Íosa leis: «Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d' Abrahám an duine seo freisin:
10. óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.»
11. Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.
12. Uime sin a dúirt: «Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.
13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: 'Bígí i mbun gnó go dtaga mé.'
14. Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: 'Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.'
15. Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d' ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.
16. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: 'A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.'
17. Dúirt sé leis: 'Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.»
18. Tháinig an dara duine agus dúirt: 'Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.'
19. Dúirt sé leis sin chomh maith: 'Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.'
20. Ach tháinig an duine eile agus dúirt: 'A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.
21. Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.'
22. Dúirt sé leis: 'Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
23. Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.'
24. Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: 'Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.'
25. ' Ach, a thiarna,' ar siad sin leis, ' tá deich míoná aigesean.'
26. ' Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.
27. Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.'»