A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 25

Breithiúna 15:1-20
1. Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. «Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,» ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é.
2. Agus dúirt sé: «Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.»
3. Dúirt Samsón leo: «Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.»
4. D' imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.
5. Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.
6. «Cé rinne é seo?» arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: «Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.» Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.
7. Dúirt Samsón leo: «Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.»
8. Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d' fhan ansiúd.
9. Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí.
10. Ansin dúirt muintir Iúdá leo: «Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?» «Thángamar aníos,» ar siad, «chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.»
11. Ansin chuaigh trí mhíle d' fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: «Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?» Dúirt sé leo: «Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.»
12. Agus dúradar leis: «Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.» Dúirt sé leo: «Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.»
13. D' fhreagair siad: «Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.» Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é.
14. Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.
15. Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.
16. Ansin dúirt Samsón: «Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh, Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.»
17. Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit.
18. Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: «Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?»
19. Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D' ól Samsón, d' fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.
20. Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain.

Breithiúna 16:1-31
1. Chuaigh Samsón as sin go Gaza; luigh a shúil ar striapach ansiúd agus chuaigh sé isteach chuici.
2. Fuair fir Ghazá an scéala: «Tá Samsón tagtha.» Thángadar timpeall na háite agus d' fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: «Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.»
3. D' fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d' éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d' ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d' fhág ansin iad].
4. Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.
5. Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: «Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d' fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.»
6. Dúirt Dilíleá le Samsón: «Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.»
7. D' fhreagair Samsón: «Dá gceanglófaí mé le seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh, ansin chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.»
8. Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.
9. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D' fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.
10. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: «Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.»
11. D' fhreagair sé í: «Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.»
12. Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.
13. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: «Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.» Dúirt sé léi: «Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.»
14. Chuir sí chun suain é, d' fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán.
15. Dúirt Dilíleá leis: «Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.»
16. Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.
17. Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: «Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d' éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.»
18. Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: «Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.» Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t-airgead ina lámha.
19. Chuir sí chun suain ina hucht é, agus chuir fios ar fhear agus bhearr sé na seacht ndual dá cheann. Ansin chrom sí ar spochadh as agus theip ar a chumas.
20. Liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.» Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: «Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.» Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.
21. Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t-am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.
22. An ceann gruaige a bhí bearrtha, chrom sé ar fhás arís.
23. Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar: «Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.»
24. A luaithe a chonaic an pobal a ndia, chuireadar na gártha suas ina onóir, agus mholadar é in ard a ngutha: «Thug ár ndia ár namhaid ar láimh dúinn, An té sin a chreach ár dtír, agus a mharaigh an oiread sin dínn.»
25. Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: «Cuirigí fios ar Shamsón d' fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.» Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d' iallach air seasamh idir na colúin.
26. Dúirt Samsón leis an ngiolla a raibh greim láimhe aige air: «Lig dom mo lámha a chur ar na colúin atá ag cothú an tí, chun go luífinn ina gcoinne.»
27. Bhí an teach lán d' fhir agus de mhná; bhí taoisigh uile na bhFilistíneach ann, agus bhí timpeall trí mhíle fear agus bean ag faire ón díon ar Shamsón ag déanamh cleas.
28. Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: «A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d' fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.»
29. Rug Samsón ansin ar an dá cholún láir ar a raibh an teach ag brath, agus chuir a mheáchan go léir ina gcoinne, a dheasóg i gcoinne cinn acu agus a chiotóg i gcoinne an chinn eile.
30. Scread sé: «Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.» Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha.
31. Tháinig a bhráithre agus muintir uile a athar anuas agus thugadar leo é. Thugadar aníos é agus chuireadar é idir Zorá agus Eisteáól i dtuama Mhánóach, a athair. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh fiche bliain.

Salm 51:1-6
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví, 2 an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba. 3 Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua. Salm 50
2. 4 Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.
3. 5 Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.
4. 6 Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.
5. 7 Ach féach gur rugadh faoi chion mé agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.
6. 8 Féach, is geal leat an croí dílis, agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.

Seanfhocal 14:31-32
31. Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.
32. Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.

Lúcás 18:1-23
1. Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:
2. «Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige.
3. Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: 'Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,'
4. ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: 'Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam,
5. ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.'»
6. Agus dúirt an Tiarna: «Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé!
7. Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d' oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?
8. Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?»
9. Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:
10. «Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile.
11. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: 'A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.
12. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.'
13. Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: 'A Dhia, glac trua dom, an peacach.'
14. Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.»
15. Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.
16. Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: «Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.
17. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.»
18. D' fhiafraigh duine ainmniúil de: «A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?»
19. Dúirt Íosa leis: «Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.
20. Is eol duit na haitheanta: 'Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair.'»
21. Dúirt seisean: «Choimeád mé iad sin uile ó m' óige.»
22. Ar chloisteáil sin d' Íosa, dúirt sé leis: «Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.»
23. Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.