A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 23

Breithiúna 11:1-40
1. Gaiscíoch tréan a ba ea Iaftá an Gileádach, ach ba mhac striapaí é. Ba é Gileád athair Iaftá.
2. Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d' fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: «Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n-athar, mar is mac mná deoranta thú.»
3. Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.
4. Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.
5. Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.
6. Dúradar le Iaftá: «Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.»
7. Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: «Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m' athar amach mé? Cad a b' áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?»
8. Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: «Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.»
9. D' fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: «Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?»
10. Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: «Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!»
11. Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
12. Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: «Cad é an t-aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?»
13. D' fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: «Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.»
14. Chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach
15. leis an bhfreagra: «Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach,
16. ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.
17. Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: 'Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil'; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D' fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.
18. Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.
19. Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: 'Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.'
20. Ach ní ligfeadh Síochon d' Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael.
21. Thug an Tiarna Dia Iosrael Síochon agus a mhuintir go léir ar láimh d' Iosrael; bhris Iosrael orthu
22. agus ghabh seilbh ar chríocha uile na nAmórach ó Arnón go Iaboc agus ó fhásach go Iordáin.
23. Má dhíbir an Tiarna Dia Iosrael na hAmóraigh ó Arnón go Iaboc, roimh a phobal Iosrael, an ndéanfaidh do leithéidse sinn a chur as seilbh anois?
24. Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.
25. An fearr d' fhear thú ná Bálác mac Zipeor rí Mhóab? Ar thug seisean dúshlán Iosrael riamh? Ar chuir sé cogadh riamh orthu?
26. Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?
27. Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n-aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.»
28. Níor thug rí na nAmónach aon aird ar an teachtaireacht a chuir Iaftá chuige.
29. Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.
30. Agus thug Iaftá móid don Tiarna agus is é a dúirt sé: «Má thugann tú na hAmónaigh suas dom
31. is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.»
32. Ghabh Iaftá sall chun catha in aghaidh na nAmónach mar sin agus thug an Tiarna isteach ina láimh iad.
33. Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n-ár agus a n-eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael.
34. Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.
35. Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: «Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.»
36. Agus dúirt sise leis: «A athair, má thug tú gealltanas don Tiarna, déan de réir na móide a rinne tú, ó d' imir an Tiarna díoltas thar do cheann ar do naimhde, ar na hAmónaigh.»
37. Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: «Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m' óghacht i bhfochair mo chompánach.»
38. D' fhreagair seisean: «Imigh leat,» agus lig sé uaidh í go ceann dhá mhí. D' imigh sí mar sin, í féin agus a compánaigh, agus chaoin sí a hóghacht ar na sléibhte.
39. Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael
40. go dtéadh cailíní óga Iosrael gach bliain chun iníon Iaftá, an Gileádach, a chaoineadh ar an sliabh ar feadh ceithre lá sa bhliain.

Breithiúna 12:1-15
1. Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: «Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.»
2. D' fhreagair Iaftá iad: «Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha.
3. Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m' anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?»
4. Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: «Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!»
5. Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: «Scaoil anonn mé!» deireadh fir Ghileád: «An as Eafráim duit?» Nuair a deireadh sé: «Ní hea,»
6. deiridís leis: «Abair sibolet más ea,» agus deireadh sé: «Suibolet,» mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d' fhir Eafráim an uair sin.
7. Bhí Iaftá ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh sé bliana. Ansin d' éag Iaftá an Gileádach agus adhlacadh é ina chathair féin, Mizpeá i nGileád.
8. Ina dhiaidhsean bhí Ibzeán ó Bheithil ina bhreitheamh in Iosrael.
9. Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.
10. Ansin fuair Ibzeán bás agus adhlacadh é i mBeithil.
11. Bhí Éalón as Zabúlun ina bhreitheamh in Iosrael ina dhiaidh. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh deich mbliana.
12. Ansin d' éag Éalón as Zabúlun agus adhlacadh é in [Éalón] i dtír Zabúlun.
13. Bhí Abdón mac Hilléil ó Phireátón ina bhreitheamh ina dhiaidh.
14. Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana.
15. Ansin d' éag Abdón mac Hilléil agus adhlacadh é i bPireátón i dtír Eafráim in ardáin na nAmailéiceach.

Salm 50:7-17
7. «Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann do Dhiasa.
8. Ní de bharr d' íobairtí a cháinim thú: bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.
9. Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach ná le pocaide gabhair de do thréada.
10. Óir is liom ainmhithe uile na coille agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.
11. Is aithnid dom éanlaith an aeir agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.
12. Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é, óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.
13. An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh? An measann tú go n-olaimse fuil gabhar?
14. Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde.
15. Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.»
16. Ach is é a deir Dia leis an bpeacach: «Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?
17. Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

Seanfhocal 14:28-28
28. Mathshlua daoine is glóir ag rí; bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.

Lúcás 17:1-19
1. Dúirt sé lena dheisceabail: «Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad;
2. b' é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d' aon duine amháin de na daoine beaga seo.
3. Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó.
4. Agus má pheacaíonn sé i d' aghaidh seacht n-uaire sa lá agus go n-iompóidh sé chugat seacht n-uaire, ag rá: 'Tá aithreachas orm', maith dó.»
5. Dúirt na haspail leis an Tiarna: «Méadaigh an creideamh againn.»
6. Ach dúirt an Tiarna: «Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: 'Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!' agus dhéanfadh sé rud oraibh.
7. «Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: 'Tar anois agus buail fút ag bord'?
8. Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: 'Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól'?
9. An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe?
10. Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: 'Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d' fhiacha orainn a dhéanamh.'»
11. Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl;
12. agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,
13. agus labhair siad go hard á rá: «A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!»
14. Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: «Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.» Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.
15. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard,
16. agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.
17. Labhair Íosa agus dúirt: «Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad?
18. An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?»
19. Agus dúirt sé leis: «Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.»