A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 19

Breithiúna 3:1-31
1. Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d' fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.
2. (Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d' fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):
3. cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.
4. Bhí sé d' fheidhm leo Iosrael a thriail féachaint an gcoimeádfaidís na haitheanta a thug an Tiarna dá sinsir ó bheal Mhaois.
5. Chuir clann Iosrael fúthu dá bhrí sin i measc na gCanánach, na Hiteach, na nAmórach, na bPirizeach, na Hiveach, na Iabúsach;
6. phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n-iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe.
7. Oitníéil
8. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.
9. Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d' ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb.
10. Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.
11. Nuair a fuair Oitníéil mac Canaz bás, Bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh daichead bliain.
12. rinne pobal Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t-olc i bhfianaise an Tiarna.
13. Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.
14. Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag.
15. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d' Eaglón rí Mhóáb.
16. Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh.
17. Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón.
18. Nuair a bhí an cháin curtha i láthair Eaglón aige, d' imigh sé leis an muintir a d' iompair an cháin.
19. Ach d' fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: «Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.» «Ciúnas,» a d' fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.
20. Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. «Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,» arsa Éahúd. D' éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.
21. Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.
22. Lean an dornchla an lann isteach agus dhún an méithreas ar an lann mar nár tharraing sé an claíomh as a bholg; tháinig an cainniúr amach.
23. Chuaigh Éahúd amach sa phóirse ansin, dhún doirse an tseomra uachtair air, agus chuir an glas orthu.
24. Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d' fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. «Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,» ar siad leo féin, «atá sé.»
25. D' fhanadar agus d' fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d' osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár.
26. D' éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá.
27. Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.
28. Dúirt sé leo: «Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.» Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.
29. Mharaíodar an uair sin timpeall deich míle Móábach; laochra tréana cumasacha iad uile; níor fágadh fear inste scéil díobh.
30. Fuair Iosrael lámh in uachtar ar Mhóáb an lá sin, agus bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh ceithre fichid bliain.
31. Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d' fhuascail seisean Iosrael freisin.

Breithiúna 4:1-24
1. Nuair a d' éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna.
2. Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím.
3. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.
4. Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.
5. Shuíodh sí faoi phailm Dheabórá idir Rámá agus Béitéil in ardáin Eafráim agus thagadh clann Iosrael chuici chun a gcaingne a réiteach.
6. Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: «Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: 'Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.
7. Déanfaidh mise Síseará ceann feadhna arm Iábaín a mhealladh amach i d' aghaidh ar bhruach abhann Chiseon lenaa charbaid agus lena shluaite, agus tabharfaidh mé ar láimh duit é.'»
8. D' fhreagair Bárác í: «Má théann tusa liom, rachaidh mé; mura dtéann tú liom, ní rachaidh mé [mar nach eol dom conas an lá a thoghadh ar a dtabharfadh aingeal an Tiarna an bua dom].»
9. «Rachaidh mé leat, más ea,» ar sí, «ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.» Ansin d' éirigh Deabórá ina seasamh agus d' imigh go Ceidis i dteannta Bhárác.
10. Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta.
11. Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis.
12. Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór,
13. chuir sé fios ar a charbaid go léir naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon.
14. Dúirt Deabórá le Bárác: «Bí i do shuí! Óir seo é an lá ina bhfuil an Tiarna ag tabhairt an lámh in uachtar duit ar Shíseará! Nach bhfuil an Tiarna ag gabháil romhat amach?» Síos le fána Shliabh Tábór le Bárác de ruathar agus deich míle fear ar a shála.
15. Chuir an Tiarna an teitheadh ar Shíseará agus ar a charbaid agus ar a shluaite go léir le faobhar claímh roimh ionsaí Bhárác. Phreab Síseará anuas dá charbad agus theith sé de chois.
16. Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil.
17. Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.
18. Tháinig Iáéil amach i gcoinne Shíseará agus dúirt leis: «Tar anseo, a thiarna, agus fan anseo faramsa; ná bíodh eagla ort.» D' fhan sé ina both dá bhrí sin agus chludaigh sí é le súsa.
19. Dúirt sé léi: «Tabhair dom deoch bheag uisce le do thoil mar tá tart orm.» D' oscail sí seithe bainne dá bhrí sin, thug deoch dó agus chlúdaigh arís é.
20. Ansin dúirt sé léi: «Seas ag béal na botha agus má thagann aon duine agus ceist a chur ort: 'An bhfuil aon duine anseo?' abair: 'Níl.'»
21. Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d' éag sé.
22. Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: «Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.» Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn.
23. Threascair an Tiarna Iábaín rí Chanán os comhair chlann Iosrael an lá sin.
24. Luigh clann Iosrael níos troime agus níos troime ar Iábaín rí Chanán go dtí gur scriosadar Iábaín rí Chanán.

Salm 48:9-14
9. 10 Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill.
10. 11 Leathann do mholadh, ar nós d' ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d' fhíréantacht;
11. 12 gairdíonn Cnoc Shíón. Tá áthas ar iníonacha Iúdá de bharr do bhreithiúnais.
12. 13 Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir.
13. 14 Breathnaigí a rampair chosanta; scrúdaigí a dúnfoirt, go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:
14. 15 is mar sin dár nDia. Is é ár nDia é go brách na breithe agus ár dtreoraí go deo.

Seanfhocal 14:18-19
18. Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois, ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise.
19. Cromann an t-olc roimh an mhaith, agus déanann an t-urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.

Lúcás 14:25-35
25. Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d' iompaigh sé agus dúirt leo:
26. «Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
27. Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
28. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?
29. Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá:
30. ' Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!'
31. Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige?
32. Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.
33. A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
34. Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó?
35. Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!»