A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 18

Breithiúna 1:1-36
1. Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: «Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?»
2. D' fhreagair an Tiarna: «Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.»
3. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: «Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d' fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.» Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.
4. Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic.
5. Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh.
6. Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de.
7. Ansin dúirt Adónaí Beizic: «Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.» Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.
8. (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.)
9. Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin.
10. Agus d' ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.
11. Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin.
12. Dúirt Cálaeb: «An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m' iníon mar bhean dó.»
13. Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean.
14. Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d' fhiafraigh Cálaeb di: «Cad tá uait?»
15. «Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,» ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha.
16. Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d' imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh].
17. Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair.
18. [Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte.
19. Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu.
20. Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.
21. Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim.
22. Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.
23. Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin.
24. Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. «Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,» ar siad leis, «déanfaimid anacal anama ort.»
25. Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d' imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht.
26. D' imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu.
27. Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.
28. Nuair a chuaigh na hIosraelaigh i dtreise, chuireadar cuing na daoirse ar na Canánaigh, ach níor chuireadar an ruaig orthu.
29. Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc.
30. Ná níor dhíbir Zabúlun lucht Chitreon ná lucht Nahalol. D' fhan na Canánaigh i measc Zabúlun, ach cuireadh faoi chuing na daoirse iad.
31. Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob.
32. Mhair na hÁiséaraigh i measc na gCanánach, a bhí ag cur fúthu sa dúiche mar nár dhíbir siad iad.
33. Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b' éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh.
34. Thiomáin na hAmóraigh clann Dhán ar gcúl chun na n-ardán agus ní ligfidís dóibh teacht anuas ar na hísleáin.
35. Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad.
36. Gabhann críocha na [nEadómach] ó Ard Acraibím go dtí an Charraig agus as sin suas.

Breithiúna 2:1-23
1. Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: «Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n-aithreacha. Dúirt mé: 'Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.
2. Agus ó bhur thaobhsa de, ná déanaigí aon chonradh le muintir na tíre seo; scriosaigí a n-altoirí.' Ach níor ghéill sibh do m' orduithe. Cad é seo a rinne sibh?
3. Deirim anois dá bhrí sin, ní thiomáinfidh mé amach romhaibh iad. Beidh siad agaibh mar ghéarleanúinteoirí, agus beidh a ndéithe mar ghaiste daoibh.»
4. Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón.
5. Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd.
6. Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d' imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.
7. Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.
8. D' éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d' aois.
9. Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.
10. Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n-aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d' Iosrael.
11. Rinne clann Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím.
12. Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D' adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.
13. De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót,
14. bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n-aghaidh.
15. Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n-aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.
16. Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta.
17. Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan.
18. Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n-uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.
19. Nuair a d' fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d' fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n-aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht.
20. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: «Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,
21. ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d' fhág Iósua sa tír nuair a d' éag sé a dhíbirt rompu.»
22. Ba d' fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís.
23. Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad.

Salm 48:1-8
1. 1 Amhrán. Salm chlann Chorach. 2 Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé. Salm 47
2. 3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí.
3. 4 Chruthaigh Dia i lár a dúnta bheith ina dhaingean sábháilte.
4. 5 Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile gur ionsaigh siad in éineacht.
5. 6 Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
6. 7 Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach, amhail tinneas clainne;
7. 8 mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh loingeas Thairsís.
8. 9 Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo.

Seanfhocal 14:15-17
15. Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.
16. Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t-amadán gan smacht gan aire.
17. Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.

Lúcás 14:1-24
1. Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.
2. Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air.
3. Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: «An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,» ar sé, «nó an mídhleathach?»
4. Ach d' fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é.
5. Agus dúirt sé leo: «An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?»
6. Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.
7. Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:
8. «Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú,
9. agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: 'Tabhair áit dó seo,' agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.
10. Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: 'A chara, gabh níos faide suas'; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.
11. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.»
12. Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: «Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.
13. Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;
14. agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.»
15. Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: «Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!»
16. Dúirt sé leis: «Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán.
17. Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: 'Tagaigí, mar tá sé reidh anois.'
18. Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: 'Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.'
19. Dúirt duine eile: 'Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.'
20. Agus dúirt duine eile: 'Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.'
21. Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d' inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: 'Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.'
22. Dúirt an seirbhíseach: 'A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.'
23. Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: 'Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d' fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán.
24. Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.'»