A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 15

Iósua 19:1-51
1. Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n-oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.
2. Fuaireadar mar chuid ronna: Béar Seaba, Seaba, Móládá,
3. Hazar Siúál, Bálá, Eizim,
4. Eilteólad, Batúl, Hormá,
5. Zicleag, Béit Marcábot, Hazar Súsá,
6. Béit Labáót, Seárúchan trí cathracha déag lena sráidbhailte.
7. Aín, Rimeon, Eitir, Aiseán ceithre cathracha lena sráidbhailte.
8. Leosan gabhann na sráidbhailte go léir timpeall ar na cathracha sin chomh fada le Bálat Béar agus Rámá an Neigib. Sin í oidhreacht threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní.
9. Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d' oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n-oidhreacht féin.
10. Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd.
11. Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán;
12. Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia.
13. Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá.
14. Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael.
15. Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil dhá chathair déag lena sráidbhailte.
16. Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní na cathracha sin agus a sráidbhailte.
17. Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní.
18. Ar a dtailte bhí Izréil, Casulót, Siúnaem,
19. Hafáraím, Síón, Anácharát,
20. Raibít, Ciseon, Eibiz,
21. Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz.
22. Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin sé cathracha déag lena sráidbhailte.
23. Sin í oidhreacht chlann Íosácár de réir a bhfiní na cathracha lena sráidbhailte.
24. Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní.
25. Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,
26. Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.
27. Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh
28. bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.
29. Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb,
30. Umá, Afaec, Rachob dhá chathair fichead lena sráidbhailte.
31. Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní na cathracha sin lena sráidbhailte.
32. Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní.
33. Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin.
34. Ghabh an teorainn thiar go hAznót Tábór agus as sin go Hucoc, cneas le Zabúlun laisteas agus le hÁiséar laistiar, agus le Iúdá lastoir ag an Iordáin.
35. Seo iad na cathracha daingne: Zidím, Zéar, Hamat, Racat, Cineirit,
36. Adámá, Rámá, Házor,
37. Ceidis, Eidreí, Éan Házór,
38. Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis naoi gcathair déag lena sráidbhailte.
39. Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte.
40. Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní.
41. Bhain lena bhfearann oidhreachta: Zorá, Eisteáól, Ír Seimis,
42. Sealaibín, Aiálón, Itleá,
43. Eileon, Timneá, Eacrón,
44. Eilticé, Gibiteon, Bálát,
45. Iahud, Beiné Barac, Gat Rimeon,
46. Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa.
47. Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n-aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d' ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d' imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d' athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.
48. Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte.
49. B' shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún.
50. Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti.
51. Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B' shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche.

Iósua 20:1-9
1. Dúirt an Tiarna le Iósua:
2. «Labhair leis na hIosraelaigh agus abair leo:
3. ' Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola.
4. Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.
5. Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin.
6. Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t-ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.'»
7. Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.
8. Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.
9. Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil.

Salm 46:1-6
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn «Na Maighdeana?» Amhrán. 2 Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra. Salm 45
2. 3 Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,
3. 4 fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh ' s ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah
4. 5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
5. 6 Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
6. 7 Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.

Seanfhocal 14:7-11
7. Seachain comhluadar an amadáin, ach cloígh le beola críonna.
8. Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú.
9. Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh, ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.
10. Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.
11. Scriosfar teach an urchóidigh, ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.

Lúcás 12:32-59
32. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.
33. Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
34. Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.
35. «Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,
36. agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó.
37. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.
38. Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar.
39. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb' eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.
40. Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.»
41. Dúirt Peadar ansin: «A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?»
42. Dúirt an Tiarna: «Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
43. Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.
44. Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.
45. Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: 'Is é an teacht mall ag mo mháistir é,' agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,
46. tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.
47. An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air;
48. ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.
49. «Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!
50. Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!
51. An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.
52. Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;
53. athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.»
54. Dúirt sé freisin leis na sluaite: «Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: 'Tá báisteach chugainn,' agus is amhlaidh a bhíonn;
55. agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: 'Beidh teas ann,' agus bíonn.
56. A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh?
57. Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?
58. Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú.
59. Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat.