Iósua 17:1-18 |
1. Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair. |
2. Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní. |
3. Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. |
4. Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. «D' ordaigh an Tiarna do Mhaois,» ar siad, «oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.» Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n-athar de réir mar a d' ordaigh an Tiarna. |
5. Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin, |
6. mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád. |
7. Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach. |
8. Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise. |
9. Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. |
10. Ó dheas bhí Eafráim; ó thuaidh bhí Manaise, agus an fharraige mar theorainn acu araon; shíneadar chomh fada le hÁiséar thuaidh agus Íosácár thoir. |
11. In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit. |
12. De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin. |
13. Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad. |
14. Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: «Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?» |
15. D' fhreagair Iósua: «Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.» |
16. D' fhreagair treibh Iósaef: «Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.» |
17. Dúirt Iósua ansin le teaghlach Iósaef, le hEafráim agus le Manaise: «Pobal mór sibh, agus pobal an-tréan; ní i dtaobh le haon roinn amháin a bheidh sibh; |
18. beidh na hardáin in bhur seilbh, agus ní mór daoibh iad a ghlanadh mar tá siad faoi bhrat crann; beidh siad go léir in bhur seilbh ó cheann ceann, ach [ní] féidir daoibh na Canánaigh a dhíbirt de bharr a gcarbad iarainn agus a nirt.» |
Iósua 18:1-28 |
1. Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir. |
2. Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil. |
3. Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: «An fada eile an t-am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, daoibh? |
4. Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d' fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm. |
5. Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh. |
6. Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia. |
7. Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n-oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.» |
8. Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: «Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.» |
9. Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d' fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo. |
10. Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh. |
11. Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo. |
12. Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan. |
13. Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz Béitéil anois ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach. |
14. Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar. |
15. Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach. |
16. Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael. |
17. Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím. |
18. Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen. |
19. Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas. |
20. An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann. |
21. Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz, |
22. Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil, |
23. Áivím, Párá, Ofrá, |
24. Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba dhá chathair déag lena sráidbhailte; |
25. Gibeón, Rámá, Beaerót, |
26. Mizpe, Cifíreá, Mozá, |
27. Reicim, Irpéil, Taralá, |
28. Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní. |
Salm 45:6-17 |
6. 7 Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta. |
7. 8 Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia do Dhia féin thú a ungadh le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh. |
8. 9 Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d' éadaí; seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha. |
9. 10 Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta, agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír. |
10. 11 Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom; cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d' athar. |
11. 12 Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d' áilleacht; eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó. |
12. 13 Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat ' s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte. |
13. 14 Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe, |
14. 15 agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha. Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta. |
15. 16 Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeas nuair a ghabhann siad isteach in áras an rí. |
16. 17 In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat; ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne. |
17. 18 Beidh cuimhne ar d' ainm go brách de bharr an dáin seo agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe. |
Seanfhocal 14:6-6 |
6. Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana. |
Lúcás 12:1-31 |
1. Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: «Seachnaígí sibh féin ar ghabháil is é sin, ar bhréagchrábhadh na bhFairisíneach. |
2. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. |
3. Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluais a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe. |
4. Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. |
5. Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. |
6. Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé. |
7. Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain. |
8. Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé; |
9. ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé. |
10. Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann. |
11. Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; |
12. óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.» |
13. Dúirt duine as an slua leis: «A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.» |
14. Ach dúirt seisean leis: «A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?» |
15. Dúirt sé leo ansin: «Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.» |
16. Agus labhair sé parabal leo: «Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, |
17. agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: 'Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?' |
18. Dúirt sé ansin: 'Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; |
19. agus déarfaidh mé le m' anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.' |
20. Ach dúirt Dia leis: 'A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d' anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?' |
21. Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.» |
22. Dúirt sé lena dheisceabail: «Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. |
23. Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach. |
24. Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith? |
25. Cé agaibh a d' fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? |
26. Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile? |
27. Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. |
28. An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh! |
29. Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin. |
30. Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin. |
31. Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith. |