A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 12

Iósua 13:1-33
1. Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: «Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.
2. Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;
3. Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím
4. laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,
5. agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.
6. An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d' ordaigh mé duit.
7. Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]»
8. Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu
9. an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;
10. na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,
11. agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;
12. i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.
13. Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d' Iosrael go dtí an lá inniu féin.
14. Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.
15. Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.
16. Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,
17. le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,
18. Iahaz, Caedaemót agus Maefat,
19. Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;
20. Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot,
21. cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.
22. Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach.
23. Shín fearann na Reúbaenach dá réir sin go dtí an Iordáin, a theorainn. Ba í sin oidhreacht na Reúbaenach de réir a bhfiní, leis na cathracha agus a mbailte máguaird.
24. Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní chomh maith do threibh Ghád.
25. Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,
26. agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir,
27. agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin.
28. Sin í oidhreacht chlann Ghád de réir a bhfiní, leis na cathracha agus lena mbailte máguaird.
29. (Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise.
30. Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.
31. Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.
32. Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó.
33. Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Iósua 14:1-15
1. Laistiar den Iordáin
2. Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
3. Thug Maois a n-oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.
4. Dhá threibh a ba ea clann Iósaef, Manaise agus Eafráim; níor tugadh aon chuid den fhearann do na Léivítigh ach cathracha áirithe le cónaí iontu, agus an talamh féaraigh ina dtimpeall dá n-eallach agus dá maoin.
5. Ag roinnt an fhearainn dóibh rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
6. Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: «Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.
7. Bhí mé daichead bliain d' aois nuair a sheol Maois ó Cháidéis Bairnéa mé chun an tír seo a bhrath, agus thug mé tuairisc dó le barr dílseachta.
8. Ach mo bhráithre a ghabh suas liom, chuireadar lagmhisneach ar an bpobal, ach rinne mé féin rud ar an Tiarna go beacht.
9. Mhionnaigh Maois an lá úd á rá: 'An talamh ar ar leag tú bonn do choise, bí deimhin de go mbeidh sé ina oidhreacht agat féin agus ag do chlann go brach, óir rinne tú rud ar an Tiarna mo Dhia go beacht.'
10. Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d' aois anois.
11. Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud.
12. Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.»
13. Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht.
14. Uime sin d' fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.
15. Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Salm 44:20-26
20. 21 Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,
21. 22 nach mbeadh a fhios sin ag Dia? Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.
22. 23 Ar do shonsa tugtar ár n-ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.
23. 24 Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna? Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!
24. 25 Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn agus nach cuimhin leat ár n-ainnise is ár n-ansmacht?
25. 26 Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.
26. 27 Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linn agus fuascail sinn as ucht do thrócaire.

Seanfhocal 14:3-3
3. Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna.

Lúcás 11:1-28
1. Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: «A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.»
2. Dúirt sé leo: «Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d' ainm; go dtaga do ríocht;
3. ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
4. agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.»
5. Agus dúirt sé leo: «Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: 'A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom,
6. óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair';
7. agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: 'Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit';
8. deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
9. Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
10. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
11. Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc?
12. Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige?
13. Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?»
14. Bhí deamhan á chaitheamh amach aige deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.
15. Ach dúirt cuid acu: «Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.»
16. Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.
17. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: «Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile.
18. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.
19. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
20. Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
21. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.
22. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.
23. An té nach bhfuil liom tá sé i m' aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
24. Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: 'Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.'
25. Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é.
26. Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.»
27. Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: «Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!»
28. Ach dúirt sé: «Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.»