A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 3

Uimhreacha 3:1-51
1. Seo iad sliocht Árón agus Mhaois nuair a labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái.
2. Seo iad ainmneacha chlann Árón: Nádáb an chéadghin agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
3. Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d' oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta.
4. Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a d' ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n-athair Árón.
5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6. «Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air.
7. Comhlíonaidís na dualgais atá dlite de agus dlite den chomhthionól go léir os comhair Bhoth na Teagmhála ina seirbhís don taibearnacal.
8. Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin.
9. Tabhair na Léivítigh d' Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.
10. Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.»
11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
12. «Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.
13. Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.»
14. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt:
15. «Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.»
16. Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe.
17. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.
18. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.
19. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.
20. Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.
21. Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.
22. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad.
23. Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar.
24. Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon.
25. Sé cúram a bhí ar chlann Ghéirseon i mBoth na Teagmhála, an taibearnacal, an Bhoth lena brait, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,
26. na brait ag crochadh timpeall na faiche, an chliath do dhoras na faiche atá timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus na téada go léir ba ghá don ghnó seo.
27. Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.
28. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra.
29. Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal.
30. Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát.
31. Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
32. Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.
33. Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.
34. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad.
35. Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal.
36. Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,
37. agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.
38. Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis.
39. Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d' aois nó breis, a d' áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d' ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.
40. Dúirt an Tiarna le Maois: «Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d' aois agus breis á n-áireamh ó ainm.
41. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n-eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.»
42. Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna.
43. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d' aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.
44. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
45. «Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n-eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.
46. Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach,
47. tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.
48. Tabhair an t-airgead seo d' Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.»
49. Thóg Maois an t-airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh.
50. Thóg sé airgead céadghin chlann Iosrael, míle trí chéad agus seasca cúig sheicil, de réir sheicil an tsanctóra.
51. Thug Maois an t-airgead fuascailte d' Árón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Uimhreacha 4:1-49
1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2. «Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne;
3. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
4. Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram.
5. Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.
6. Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc.
7. Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n-íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith.
8. Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t-iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.
9. «Ansin tógaidís éadach corcra agus clúdaídís an coinnleoir solais lena lampaí agus a smóladáin agus a shileadáin agus na crúscaí ola a ghabhann leis.
10. Cuiridís é féin agus a ghréithe go léir faoi chlúdach de leathar mín agus leagaidís é ar an mbarra.
11. «Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin.
12. Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad.
13. «Tógaidís an luaithreach den altóir agus leathaidís éadach corcra uirthi,
14. agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann.
15. Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t-ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.
16. «Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.»
17. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
18. «Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach.
19. Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.
20. Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.»
21. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
22. «Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;
23. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
24. Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n-ualaí.
25. Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,
26. brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram.
27. Dualgais uile chlann Ghéirseon a n-ualaí agus a gcúraimí déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.
28. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.
29. «Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;
30. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.
31. Seo iad an t-ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa;
32. na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n-ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.
33. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.»
34. Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine;
35. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
36. Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear.
37. Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
38. Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine;
39. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
40. Ba é líon a gclann agus a bhfiní dhá mhíle sé chéad agus a tríocha fear.
41. Ba é sin líon treabhchais Ghéirseon, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo agus a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna.
42. Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne:
43. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.
44. Ba é líon a bhfiní trí mhíle dhá chéad fear.
45. Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.
46. Ba é líon iomlán na Léivíteach a d' áirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael
47. na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála
48. ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear.
49. Ar ordú an Tiarna trí Mhaois, rinneadh an daonáireamh ag leagan a dhualgais agus a ualaigh ar gach fear; áiríodh iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Salm 30:1-7
1. a Tharrtháil ón mBás Salm 29
2. 3 D' iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
3. 4 Thug tú m' anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
4. 5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
5. 6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire; ach maireann a chineáltas ó aois go bás. Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
6. 7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: «Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.»
7. 8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé, ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.

Seanfhocal 10:30-32
30. Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair, ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.
31. As béal an fhíréin tagann eagna, ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.
32. Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin, ach calaois le beola an urchóidigh.

Marcas 8:1-21
1. Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo:
2. «Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu,
3. agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.»
4. D' fhreagair a dheisceabail é: «Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo san fhásach?»
5. D' fhiafraigh sé díobh: «Cé mhéad builín atá agaibh?» «Tá a seacht,» ar siadsan.
6. D' ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d' altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,
7. agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.
8. D' ith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhíní.
9. Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad.
10. Chuaigh sé ar bord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dalmanútá.
11. Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.
12. Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.»
13. D' fhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile.
14. Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin.
15. Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: «Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.»
16. Agus bhí siadsan ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu.
17. Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr?
18. Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh,
19. nuair a bhris mé na cúig builíní don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?» Dúirt siad: «Dhá cheann déag.»
20. «Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh? Dúirt siad: «Seacht gcinn.»
21. Agus dúirt sé leo: «Nach dtuigeann sibh fós?»