Deotranaimí 17:1-20 |
1. «Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid. |
2. Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh, |
3. agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé, |
4. agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael, |
5. tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha. |
6. Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin. |
7. Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t-olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin. |
8. «Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, |
9. agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit. |
10. Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit. |
11. Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit. |
12. Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin. |
13. Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís. |
14. «Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ' Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,' |
15. ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn. |
16. Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d' fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: 'Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.' |
17. Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin. |
18. Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach a scríobh dó féin i leabhar; |
19. bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d' fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh. |
20. Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann. |
Deotranaimí 18:1-22 |
1. «Ní bheidh aon chuid ná oidhreacht le hIosrael ag na sagairt Léivíteacha, treibh Léiví, is é sin. Mairfidh siad ar na hofrálacha bia don Tiarna agus ar na nithe is dual dó. |
2. Ní bheidh aon oidhreacht acu lena mbráithre; is é an Tiarna a n-oidhreacht, faoi mar a gheall sé dóibh. |
3. An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile; |
4. ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d' arbhair, do fhíona agus d' ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó. |
5. Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách. |
6. «Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air agus ní cás dó teacht nuair is maith leis chun na háite a thoghfaidh an Tiarna, |
7. ní miste dó freastal ansiúd in ainm an Tiarna a Dhia, dála a chomh-Léivíteach a bhíonn ina seasamh ansiúd ag freastal i láthair an Tiarna. |
8. Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol. |
9. «Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, ná téigh i dtaithí chleachtaí uafara na gciníocha úd. |
10. Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir, |
11. ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh. |
12. Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat. |
13. Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia. |
14. Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh. |
15. Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean. |
16. Sin é a d' iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ' Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,' arsa tú, ' ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.' |
17. Dúirt an Tiarna liom: 'Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu. |
18. Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n-ordaím dó. |
19. An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m' ainm, éileoidh mé díoltas air. |
20. Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m' ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.' |
21. Agus má deir tú i do chroí: 'Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?' |
22. nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe. |
Salm 37:37-40 |
37. Féach an fíréan, tabhair do d' aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána; |
38. ach dísceofar na peacaigh uile le chéile; déanfar sliocht na n-éagráifeach a scriosadh. |
39. Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan, is é a ndídean é in am na trioblóide. |
40. Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas. |
Seanfhocal 12:20-22 |
20. Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc; ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích. |
21. Níl aon olc i ndán don fhíréan, ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh. |
22. Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne. |
Lúcás 4:1-30 |
1. Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é |
2. go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. |
3. Dúirt an diabhal leis: «Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.» |
4. Agus d' fhreagair Íosa é: «Tá scríofa: 'Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.'» |
5. Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; |
6. agus dúirt an diabhal leis: «Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. |
7. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.» |
8. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'» |
9. Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; |
10. óir tá scríofa: 'Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú'; |
11. agus: 'Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.'» |
12. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá ráite: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'» |
13. Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d' fhág sé é nó go dtiocfadh an uain. |
14. Agus d' fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. |
15. Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air. |
16. Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d' éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. |
17. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: |
18.
«Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
|
19. ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.» |
20. D' fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. |
21. Agus thosaigh sé ag rá leo: «Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.» |
22. Agus thug cách fianaise air, b' ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: «Nach é mac Iósaef é seo?» |
23. Agus dúirt sé leo: «Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: 'A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.'» |
24. Ach dúirt sé: «Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. |
25. Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, |
26. agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. |
27. Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.» |
28. Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d' fheirg, |
29. agus d' éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. |
30. Ach ghabh sé trína lár agus d' imigh leis. |