Deotranaimí 11:1-32 |
1. «Bíodh grá agat dá bhrí sin don Tiarna do Dhia; coimeád a threoracha, a dhlíthe, a reachtanna agus a aitheanta i gcónaí. |
2. Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall; |
3. na comharthaí agus na hiontais a rinne sé san Éigipt féin in aghaidh Fhorainn agus a chríoch go léir; |
4. a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n-eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin; |
5. gach a ndearna sé daoibh san fhásach sular shroich sibh an áit seo; |
6. a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach conas mar a d' oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh. |
7. Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna. |
8. «Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d' ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d' fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de, |
9. agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda. |
10. An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna. |
11. An tír a bhfuil bhur dtriall anonn ann, le seilbh a ghabháil air, is tír cnoc agus gleannta é, agus uisce ó neamh á uisciú. |
12. Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana. |
13. Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán: |
14. ' Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat; |
15. tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.' |
16. Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n-adhradh, |
17. nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n-aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh. |
18. «Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n-anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n-éadain. |
19. Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit. |
20. Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí, |
21. i dtreo go mbeadh fad saoil agaibh féin is ag bhur gclann sa tír a mhionnaigh sé do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh fad tá speir os cionn talún. |
22. Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis, |
23. ansin díbreoidh an Tiarna na ciníocha seo go léir amach romhaibh, agus cuirfidh sibh ciníocha is mó agus is cumhachtaí ná sibh as seilbh. |
24. Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar. |
25. Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n-aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh. |
26. Seo beannacht agus mallacht á cur agam romhaibh inniu: |
27. an bheannacht, má ghéilleann sibh d' aitheanta an Tiarna bhur nDia a ordaímse daoibh inniu; |
28. an mhallacht, mura ngéilleann sibh d' aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d' aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana. |
29. Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál. |
30. Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire. |
31. Tá sibh chun dul thar an Iordáin le dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh; gheobhaidh sibh seilbh air agus déanfaidh sibh cónaí ann, |
32. agus na reachtanna agus na dlíthe go léir a chuirim romhaibh inniu a chomhlíonadh le barr cúraim. |
Deotranaimí 12:1-31 |
1. «Seo iad na dlíthe agus na reachtanna nach foláir daoibh a choimeád agus a chomhlíonadh sa tír a thug an Tiarna Dia d' aithreacha duit le sealbhú, fad tá cónaí ort sa tír sin. |
2. Rialacha |
3. Déanaigí a n-altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n-íol a dhó, agus a n-ainm a scrios ón áit sin. |
4. Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia; |
5. ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd. |
6. Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n-ofrálacha loiscthe agus bhur n-íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n-ofrálacha móide agus bhur n-ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada. |
7. Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia. |
8. «Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin. |
9. Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh. |
10. Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol. |
11. Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n-ordaím daoibh: bhur n-ofrálacha uileloiscthe agus bhur n-íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna. |
12. Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc. |
13. Seachain agus ná hofráil d' íobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil; |
14. ná hofráil d' íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n-ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna. |
15. Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í. |
16. Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í. |
17. Deachú d' arbhair, ná do fhíona, ná d' ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte. |
18. Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha. |
19. Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach. |
20. «Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: 'beidh greim feola agam,' má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe. |
21. Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d' aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte. |
22. Ach ith é mar a dhéanfá gasail nó fia; ní cás do ghlan agus do neamhghlan é a ithe. |
23. Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t-anam, agus ná caith an t-anam leis an bhfeoil. |
24. Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce. |
25. Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna. |
26. Ach na nithe naofa is dual uait agus d' ofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna. |
27. Ofráil d' íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d' íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe. |
28. Coimeád na treoracha seo go léir a thugaim duit le barr cúraim, agus lean iad, i dtreo go rithfeadh go maith i gcónaí leat féin, agus le do shliocht i do dhiaidh, agus tú ag déanamh an chirt agus na córa faoi shúile an Tiarna do Dhia. |
29. «Nuair a dheanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n-áit, |
30. féach chuige nach bhfaightear faill ort: ná déan aithris orthu tar éis a millte romhat, agus ná bí ag fiafraí a ndéithe, á rá: 'Cén chaoi a ndearna na ciníocha seo seirbhís dá ndéithe? d' fhonn go ndéanfainn féin leis amhlaidh.' |
31. Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe. |
Salm 37:18-22 |
18. Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach, agus mairfidh a n-oidhreacht go brách. |
19. Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta. |
20. Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh. |
21. Ní aisíocann an t-éagráifeach a iasacht, ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil. |
22. Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna, ach dísceofar an dream a mhallaigh sé. |
Seanfhocal 12:12-14 |
12. Scriostar túr daingean na n-urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean. |
13. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t-urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste. |
14. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin. |
Lúcás 2:1-24 |
1. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. |
2. B' é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. |
3. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. |
4. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, |
5. chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. |
6. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, |
7. agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. |
8. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. |
9. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. |
10. Agus dúirt an t-aingeal leo: «Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: |
11. rugadh Slánaitheoir daoibh inniu is é Críost an Tiarna é i gcathair Dháiví. |
12. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.» |
13. Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: |
14. «Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!» |
15. Agus nuair a d' imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: «Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d' inis an Tiarna dúinn.» |
16. Agus d' imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. |
17. Agus ar a fheiceáil dóibh, d' inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. |
18. Agus cách a chuala, b' ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. |
19. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. |
20. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. |
21. Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. |
22. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna |
23. mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: «Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é» |
24. agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, «péire colm nó dhá ghearrcach colúir.» |