A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 24

Deotranaimí 9:1-29
1. «Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil.
2. Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: 'Cé a d' fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?'
3. Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit.
4. Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: 'Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,' tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.
5. Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d' aithreacha d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób.
6. Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.
7. «Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.
8. Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh.
9. Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D' fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.
10. Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil.
11. Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom,
12. dúirt an Tiarna liom: 'Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d' aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.'
13. Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: 'Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad!
14. Lig dom iad a mhilleadh, agus a n-ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.'
15. Chas mé agus síos liom ón sliabh arís agus bhí an sliabh faoi bharr lasrach agus bhí dhá chlár an chonartha i mo lámha.
16. D' fhéach mé uaim, agus b' shiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a d' aithin an Tiarna daoibh.
17. Rug mé greim dá bhrí sin ar an dá chlár agus chaith mé síos le mo dhá láimh iad agus bhris os bhur gcomhair iad.
18. Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.
19. Ba eagal liom an cuthach agus an fraoch feirge a spreag an Tiarna chomh mór sin i bhur n-aghaidh, go raibh fonn air sibh a scrios. Ach d' éist an Tiarna liom an uair sin leis.
20. Bhí an Tiarna i bhfeirg le hÁrón chomh maith, agus réidh le hé a scrios, agus ghuigh mé ar son Árón chomh maith.
21. Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.
22. «Chuir sibh fearg chomh maith ar an Tiarna ag Tabaerá agus ag Masá agus ag Ciobrot Hatavá.
23. Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: 'Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,' ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór.
24. Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.
25. «Thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla os comhair an Tiarna agus d' fhan mé mar sin ar feadh an daichead lá agus an daichead oíche sin mar dúirt an Tiarna go scriosfadh sé sibh.
26. Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: 'A Thiarna Dia,' arsa mé, ' ná scrios do phobal, d' oidhreacht a d' fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir.
27. Cuimhnigh ar do shearbhóntaí, ar Abrahám, ar Íosác, agus ar Iacób; ná tabhair aon aird ar cheanndáine an phobail seo, ar a gcoirpeacht ná ar a bpeaca,
28. i dtreo nach mbeadh sé á rá sa tír ónar thug tú sinn: «Toisc nárbh fhéidir don Tiarna iad a thabhairt isteach sa tír a gheall sé dóibh, agus toisc go raibh an ghráin aige orthu a thug sé amach iad, le hiad a chur chun báis san fhásach.»
29. Ach is iad do phobal iad, agus d' oidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.'

Deotranaimí 10:1-22
1. «San am sin dúirt an Tiarna liom: 'Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid.
2. Déanfaidh mé na briathra a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh ar na cláir agus cuirfidh tusa san áirc iad.'
3. Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh.
4. Ansin d' inscríobh sé ar an dá chlár, faoi mar a rinne a inscríobh an chéad uair, na Deich nAitheanta a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó chroí na tine lá an Tionóil. Ansin thug an Tiarna dom iad.
5. D' fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dom.
6. (Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó thoibreacha Bheiné Iácán go Mósaerá mar a bhfuair Árón bás; adhlacadh ansiúd é agus ghabh a mhac Eileázár a áit mar shagart.
7. Chuadar as sin go Gudgodá agus ó Ghudgodá go Iotbátá, dúiche le srutháin uisce.
8. Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.
9. Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)
10. «D' fhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus d' éist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh.
11. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n-aithreacha a thabharfainn dóibh.'
12. «Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán,
13. agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád.
14. Is leis an Tiarna do Dhia na flaithis agus flaithis na bhflaitheas, an domhan agus gach a bhfuil ann.
15. Is iad d' aithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin.
16. Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh.
17. Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.
18. Eisean a chuireann an chóir i bhfeidhm don dílleachta agus don bhaintreach; a thugann grá don deoraí agus a bhronnann air bia agus éadach.
19. Tugaigí grá don deoraí dá bhrí sin, mar ba dheoraithe sibh féin i dtír na hÉigipte.
20. Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn.
21. Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn.
22. Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d' aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.

Salm 37:12-17
12. Beartaíonn an t-urchóideach in aghaidh an fhíréin: baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.
13. Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
14. 14a Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.
15. Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féin agus brisfear a mbogha ina bhloghanna.
16. Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n-éagráifeach;
17. óir brisfear ar chumhacht na n-éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.

Seanfhocal 12:11-11
11. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún; níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.

Lúcás 1:57-80
57. Tháinig a hionú d' Eiliosaibeit agus rug sí mac.
58. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.
59. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.
60. Ach labhair a mháthair agus dúirt: «Ní hea, ach glaofar Eoin air.»
61. Agus dúirt siad léi: «Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.»
62. Ach d' fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.
63. Agus d' iarr seisean cláirín agus scríobh air: «Is Eoin is ainm dó.» Agus rinne siad uile ionadh de.
64. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.
65. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,
66. agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: «Cad is dán don leanbh seo, mar sin?» Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
67. Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:
68. «Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;
69. agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach
70. de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháidh anallód
71. mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,
72. ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa
73. ar an mionn a mhionnaigh sé d' Abrahám ár n-athair
74. go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,
75. bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.
76. Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
77. ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí
78. de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,
79. chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.»
80. Agus d' fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d' Iosrael.