Deotranaimí 1:1-27 |
1. Am Log |
2. Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.) |
3. Ba ar an daicheadú lá, ar an gcéad lá den aonú mí dhéag, a labhair Maois le clann Iosrael de réir gach treoir a fuair sé dóibh ón Tiarna. |
4. Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí. |
5. Ansiúd i dtír Mhóáb, lastall den Iordáin, chuir Maois chun an dlí seo a mhíniú. Dúirt sé: |
6. «Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: 'Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo. |
7. Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes. |
8. Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n-aithreacha, d' Abrahám, d' Iosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n-éis.' |
9. «Ansin is ea a dúirt mé: 'Téann díom sibh a iompar liom féin. |
10. Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh. |
11. Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh. |
12. Conas a d' fhéadfainn, liom féin amháin, sibhse agus bhur n-imris a iompar mar ualach? |
13. Tugaigí chugam saoithe, lucht gaoise agus taithí, as gach treibh ar leith, agus déanfaidh mé ceannairí oraibh díobh.' |
14. D' fhreagair sibh mé: 'Is maith an beart atá á mholadh agat dúinn.' |
15. Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna. |
16. Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: 'Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis. |
17. Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.» |
18. Thug mé treoracha daoibh an uair úd do gach a mbeadh le déanamh agaibh. |
19. «D' fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d' aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa. |
20. Ansin is ea a dúirt mé libh: 'Tá sibh tagtha chun arda na nAmórach a thug an Tiarna ár nDia dúinn. |
21. Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d' aithin an Tiarna Dia bhur n-aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.' |
22. Ansin tháinig sibh go léir chugam á rá: 'Seolaimis romhainn lucht braite na tíre; tabharfaidh siad scéala chugainn cén bealach ar a bhfuilimid le gabháil suas agus cad iad na cathracha ina dtriallfaimid.» |
23. Comhairle mhaith dar liom í siúd agus roghnaíos dáréag daoibh, fear as gach treibh. |
24. Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh. |
25. Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: 'Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.' |
26. Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia. |
27. Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: 'Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d' fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin! |
Deotranaimí 2:1-37 |
1. «Chasamar ansin agus ar aghaidh linn faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf mar a d' ordaigh an Tiarna dom. |
2. Is iomaí lá a bhíomar ar seachrán thart fá Shliabh Shaeír. |
3. Ansin dúirt an Tiarna liom: 'Tá sibh fada bhur ndóthain ar fán ar na hardáin seo. Ó thuaidh libh. |
4. Agus tabhair an t-ordú seo don phobal: Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach. |
5. Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas. |
6. Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh. |
7. Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.' |
8. «Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb. |
9. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.' |
10. (Mhair na hÉimím ansiúd tráth cine mór líonmhar, agus iad chomh hard leis na hAnácaím. |
11. Dála na nAnácaím, tugtaí na Rafáím orthu chomh maith, ach is Éimím a thugadh na Móábaigh orthu. |
12. Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n-áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.) |
13. «Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid. ' Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.' |
14. Anois mhair ár seachrán ó d' fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d' fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh. |
15. Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir. |
16. Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail, |
17. dúirt an Tiarna liom: |
18. ' Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár, |
19. agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.' |
20. (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu; |
21. cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n-áit, |
22. faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n-áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu. |
23. Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n-áit.) |
24. ' Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air! |
25. Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.' |
26. Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá: |
27. «Is áil liom dul trí d' fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé. |
28. Cibé bia a íosfaidh mé, díol liom ar airgead, agus íocfaidh mé as cibé uisce a olfaidh mé. Ná déan ach a cheadú dom gabháil ar aghaidh de chois, |
29. faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.' |
30. «Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d' fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d' fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu. |
31. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Seo mé ag cromadh ar Shíochon agus a fhearann á thabhairt agam faoi do réir. Cuir chun a ghabhála; gabh seilbh ar a fhearann.' |
32. Ansin mháirseáil Síochon agus a mhuintir go léir amach inár n-aghaidh chun catha a chur i Iáhaz. |
33. Thug an Tiarna ár nDia ar láimh dúinn é; bhriseamar air féin ar a chlann mhac agus ar a mhuintir go léir. |
34. Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal, |
35. ach ar an stoc a thugamar linn mar chreach agus ar an mbraid ó na cathracha a ghabhamar. |
36. Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn. |
37. Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn. |
Salm 36:1-6 |
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna. 2 Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl. Salm 35 |
2. 3 Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í. |
3. 4 Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith. |
4. 5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht ina luí ar a leaba dó. Gabhann sé i slí nach maith agus ní shéanann sé an t-olc. |
5. 6 Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d' fhíréantacht mar shléibhte Dé: |
6. 7 do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch. |
Seanfhocal 12:4-6 |
4. Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire. |
5. Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n-urchóideach. |
6. Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol. |
Marcas 16:1-20 |
1. Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh. |
2. Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama. |
3. Agus bhí siad á rá le chéile: «Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?» |
4. Ach nuair a d' fhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór. |
5. Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu. |
6. Ach dúirt sé leo: «Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D' éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é. |
7. Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: 'Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.'» |
8. Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu. |
9. Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach. |
10. D' imigh sise agus d' inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol. |
11. Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad. |
12. Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath. |
13. Tháinig siadsan ar ais agus d' inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan. |
14. Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d' athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. |
15. Agus dúirt sé leo: «Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. |
16. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. |
17. «Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m' ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; |
18. tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.» |
19. Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. |
20. Ach iad siúd, d' imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é. |