A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 11

Uimhreacha 19:1-22
1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2. «Seo reacht den dlí a d' aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.
3. Tugaigí d' Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair.
4. Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n-uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.
5. Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith.
6. Ansin faigheadh an sagart adhmad céadrais, íosóip, agus ábhar craorag agus caitheadh sé iad ar lasair na bó á loscadh.
7. Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin.
8. An té a loisc an bhó, ní mór dó a éide a ní agus a chorp a ionladh in uisce, agus a bheith neamhghlan go nóin.
9. Bailíodh duine atá glan luaithreach na bó, agus caitheadh sé in áit ghlan é lasmuigh den champa. Ní foláir é a choimeád i gcomhair chomhthionól chlann Iosrael le huisce na neamhghlaine a dhéanamh; is íobairt scriosta peaca í.
10. An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc.
11. «An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
12. Déanfaidh sé é féin a ionladh leis na huiscí seo ar an tríú agus ar an seachtú lá, agus beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé é féin a íonghlanadh ar an tríú agus an seachtú lá, ní bheidh sé glan.
13. An té a bhaineann le corpán mairbh, is cuma cé hé, agus nach ndéanann é féin a íonghlanadh, truaillíonn sé taibearnacal an Tiarna. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ó Iosrael, mar nár ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; bíonn sé neamhghlan; leanann a neamhghlaine de.
14. «Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
15. Ar an gcuma chéanna, gach soitheach oscailte nár iadh clab ná clúid air, bíodh sé neamhghlan.
16. Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
17. «Ar mhaithe leis an té atá neamhghlan ar an gcuma seo, tógtar cuid de luaithreach an íobairt pheaca a loisceadh; cuirtear fíoruisce leis i soitheach.
18. Ansin faigheadh duine íonghlan craobh íosóipe agus tumadh san uisce agus croitheadh ar an mboth é, agus ar na soithí agus ar na daoine go léir atá istigh ann, agus ar an té a bhain leis an gcnámharlach, nó le corp an mhairbh is cuma an bás de ghoin nó bás uaidh féin a fuair sé nó leis an uaigh.
19. Agus croitheadh an t-íonghlan ar an neamhghlan an tríú agus an seachtú lá, agus an seachtú lá beidh a ghlanadh curtha i gcrích aigesean. Ní foláir don neamhghlan a chuid éadaigh a ní agus é féin a ionladh in uisce agus beidh sé glan um nóin.
20. Mura ndéanann duine neamhghlan é féin a ghlanadh, gearrtar amach ón gcomhthionól é, óir thruailleodh sé sanctóir an Tiarna. Níor ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; tá sé neamhghlan.
21. «Bíodh seo ina dhlí síoraí acu: an té a chroitheann uisce na neamhghlaine, níodh sé a chuid éadaigh, agus an té a bhainfidh le huisce na neamhghlaine, bíodh sé neamhghlan go nóin.
22. Aon rud a mbainfidh an neamhghlan leis, bíodh sé neamhghlan, agus aon duine a bhainfidh leis sin arís, bíodh sé neamhghlan go nóin.»

Uimhreacha 20:1-29
1. An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.
2. Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.
3. Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: «Uch gan sinn a fháil bháis,» ar siad, «mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna!
4. Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d' fhonn go bhfaighimís bás anseo sinn féin agus ár n-eallach?
5. Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d' arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.»
6. Ansin d' imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh.
7. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
8. «Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.»
9. Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d' ordaigh sé dó.
10. Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: «Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?»
11. D' ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d' ól an comhthionól agus a n-eallach deoch.
12. Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.»
13. Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.
14. Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: «Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;
15. chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d' fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.
16. Ghlaomar chun an Tiarna; d' éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.
17. Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.»
18. Ach d' fhreagair Eadóm é: «Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.»
19. Dúirt clann Iosrael leis: «An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d' uisce, mise féin nó m' eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.»
20. D' fhreagair Eadóm: «Ní dhéanfaidh sibh,» agus tháinig Eadóm amach ina n-aghaidh le slua mór agus le tréan-neart.
21. Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d' Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh.
22. Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor.
23. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm.
24. «Ní foláir,» ar sé, «Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m' aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.
25. Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad.
26. Ansin bain a éidí d' Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.»
27. Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.
28. Bhain Maois a éidí d' Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.
29. Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.

Salm 33:1-9
1. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana: is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice. Salm 32
2. Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.
3. Canaigí amhrán urnua dó; canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.
4. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is fírinneach a oibreacha go léir.
5. Carann sé an chóir agus an ceart agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.
6. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.
7. Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.
8. Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.
9. Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D' ordaigh sé agus ráinig siad ann.

Seanfhocal 11:22-24
22. Is cuma nó fáinne óir i bpus muice, bean bhreá gan stuaim.
23. Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n-urchóideach amú.
24. Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.

Marcas 12:1-27
1. agus na Curadóirí Mallaithe
2. Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil.
3. Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é.
4. Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó.
5. Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile.
6. Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, á rá: 'Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.'
7. Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: 'Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.'
8. Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é.
9. Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.
10. Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ' An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne;
11. obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é.'»
12. Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d' fhág siad ansin é agus d' imigh siad leo.
13. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.
14. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?»
15. Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.»
16. Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: «Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?» «Céasar,» ar siad leis.
17. Dúirt Íosa leo: «Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.» Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.
18. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh iad seo a shéanann an t-aiséirí a bheith ann agus chuir siad ceist air:
19. «A Mháistir,» ar siad, «scríobh Maois dúinn: 'Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.'
20. Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil.
21. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;
22. níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás.
23. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?»
24. Dúirt Íosa leo: «Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?
25. Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.
26. Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: 'Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.'
27. Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.»