A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 3

Eaxodus 17:1-16
1. Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d' ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal.
2. Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: «Tabhair dúinn uisce le hól!» a deiridís. D' fhreagair Maois: «Cad a b' áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?»
3. Ach bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. «Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?» ar siad. «An d' fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?»
4. Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: «Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.»
5. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.
6. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.» Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.
7. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: «An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?»
8. Ansin tháinig Amailéic agus d' ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.
9. Agus dúirt Maois le Iósua: «Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.»
10. Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.
11. Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.
12. Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
13. Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.
14. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.»
15. 17a Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi,
16. 17b mar go ndúirt sé: «Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.»

Eaxodus 18:1-27
1. Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d' Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt.
2. Tar éis í a bheith curtha chun siúil, thóg Iatró athair céile Mhaois, Zipiorá bean Mhaois
3. agus a beirt mhac. Bhí Géirsiom ar dhuine acu mar go ndúirt sé: «Is deoraí mé i dtír iasachta»;
4. agus bhí Eilíeizir («Dia Mo Chabhair») mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: «Dia m' athar mo chabhair mar d' fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.»
5. Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé.
6. «Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,» a dúradh le Maois.
7. Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.
8. Ansin d' eachtraigh Maois d' athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d' fhuascail an Tiarna iad.
9. Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d' Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach.
10. «Go mbeannaítear an Tiarna,» arsa Iatró ansin, «mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn.
11. Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.»
12. Ansin d' ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
13. Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna.
14. Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: «Cad chuige an t-ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b' áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?»
15. Thug Maois freagra ar athair a chéile: «Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé.
16. Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.»
17. «Ní cóir duit,» arsa athair chéile Mhaois leis, «an t-ualach seo a chur ort féin.
18. Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin.
19. Déan rud orm; cuirfidh mé comhairle ort agus beidh Dia leat. Ní foláir duit seasamh i láthair Dé agus a gcúiseanna a chur faoi bhráid Dé.
20. Múin dóibh na reachtanna agus na socruithe, agus taispeáin dóibh an cosán atá le siúl acu agus na hoibreacha atá le déanamh acu.
21. Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.
22. Bídís-sean i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Cuiridís gach fadhb mhór faoi do bhráidse, ach breithnídís féin na mioncheasta, rud a fhágfaidh an scéal níos saoraidí agatsa mar go roinnfear an t-ualach leat.
23. Má dhéanann tú amhlaidh agus go n-ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d' ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.»
24. Thug Maois aird ar chomhairle athair a chéile agus rinne sé rud air.
25. Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.
26. Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.
27. Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d' imigh seisean leis chun a dhúiche féin.

Salm 18:28-36
28. 29 Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann, mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.
29. 30 Is tríotsa a bhearnaím na sluaite; le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.
30. 31 Tá slí Dé gan mháchail, tá briathar an Tiarna arna phromhadh. Is é is sciath go dearfa do chách a thriallann chuige.
31. 32 Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?
32. 33 An Dia a chrioslaigh mé le calmacht agus a rinne mo bhealach sábháilte;
33. 34 a thug luas na heilite do mo chosa agus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.
34. 35 D' oil sé mo lámh chun cogaidh is mo chuisle chun bogha práis a theannadh.
35. 36 Thug tú dom sciath do shlánaithe agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.
36. 37 Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna, ionas nár shleamhnaigh mo chosa.

Seanfhocal 6:16-19
16. Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn:
17. Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,
18. Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc,
19. Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.

Matha 22:1-22
1. Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís:
2. «Is iad dála ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac.
3. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.
4. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: 'Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.'
5. Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,
6. agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.
7. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.
8. Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: 'Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.
9. Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.'
10. Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.
11. Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.
12. Dúirt sé leis: 'Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?' Ach ní raibh focal as.
13. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: 'Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.'
14. Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.»
15. D' imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,
16. agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.
17. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?»
18. Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,»
19. agus shín siad déanar chuige.
20. Dúirt sé leo: «Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?»
21. «Céasar,» ar siad leis. «Maith go leor,» ar seisean leo, «íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.»
22. Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d' fhág siad é agus d' imigh siad leo.