A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 28

Léivític 25:1-55
1. Labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái, agus dúirt:
2. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a rachaidh sibh isteach san fhearann atá á thabhairt agam daoibh, bíodh sabóid sosa ag an bhfearann don Tiarna.
3. Cuir síol i d' ithir ar feadh sé bliana, agus bearr d' fhiniúin agus cnuasaigh a toradh.
4. Ach an seachtú bliain, bíodh sabóid shollúnta sosa, sabóid don Tiarna, ag d' fhearann; ná cuir d' ithir, agus ná bearr d' fhiniúin,
5. ná bain fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora de d' fhiniúin gan bearradh. Bíodh sí ina bliain sosa ag an bhfearann.
6. Beidh sabóid an fhearainn féin ina cothú agat féin agus ag do dhaoir, idir fhir agus mhná, ag do fhear tuarastail, agus ag an deoraí a chónaíonn leat.
7. Bíodh a fómhar go léir mar chothú ag d' eallach chomh maith agus ag an stoc ar do thalamh.
8. Comhair seacht seachtaine de bhlianta, sé sin aga seacht faoi sheacht de bhlianta; naoi mbliana agus daichead a bheidh sna seacht seachtaine de bhlianta.
9. Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche.
10. Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.
11. Bíodh an leathchéadú bliain sin ina bliain iubhaile agaibh; ná cuirigí síol, ná bainigí fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora d' fhiniúin gan bearradh.
12. Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire.
13. I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais.
14. Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.
15. Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat.
16. Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.
17. Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.
18. Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
19. Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
20. Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,
21. d' ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.
22. Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.
23. Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa.
24. An talamh go léir in bhur seilbh, beidh ceart fuascailte air.
25. Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt.
26. Mura mbíonn fear a fhuascailte aige, ach go dtagann speilp air féin, agus go mbíonn sás a fhuascailte aige,
27. déanadh sé líon na mblianta den díshealbhú a bhíonn gan caitheamh aige a áireamh, agus an tsuim ar son an fhaid a bhíonn le dul a íoc leis an té a cheannaigh, agus a shealúchas a fháil ar ais ar an gcaoi sin.
28. Ach mura mbíonn go leor maoine aige chun é a fháil ar ais uaidh féin, ansin fanadh a mbíonn díolta aige i seilbh an té a cheannaigh go bliain na hiubhaile; i mbliain na hiubhaile ní foláir dósan é a scaoileadh agus fillfeadh sé siúd ar a shealúchas.
29. Má dhíolann duine teach cónaithe i gcathair chaisil, beidh ceart fuascailte aige air go ceann bliana tar éis é a dhíol. Ní mhairfidh a cheart fuascailte thar bhliain.
30. Mura bhfuasclaítear é laistigh de bhliain slán, bíodh an teach seo sa chaiseal de sheilbh dhílis shíoraí ag an té a cheannaigh agus ag a shliocht; ní scaoilfear leis sa iubhaile.
31. Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile.
32. Ach maidir le cathracha na Léivíteach, beidh ceart fuascailte acu chun aon sealúchais leo sna cathracha go brách.
33. Mura gcuireann Léivíteach a cheart fuascailte i bhfeidhm, tagadh an ceannaitheoir amach sa iubhaile as an teach a díoladh agus filleadh sé ar a theach féin, ar an mbaile ina bhfuil ceart seilbhe aige. Óir na tithe i gcathracha na Léivíteach is leo iad i measc chlann Iosrael.
34. Agus an talamh beatha coimín timpeall ar na cathracha seo, ní féidir é a dhíol mar is leo é go brách.
35. Má éiríonn do bhráthair atá farat dealbh, agus nach féidir leis é féin a chothú farat, ní foláir duit é a chothú mar a dhéanfá deoraí nó aoi, agus maireadh sé fós farat.
36. Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh; bíodh eagla do Dhé ort agus lig do do dheartháir maireachtáil farat.
37. Ná tabhair iasacht airgid ar ús dó, agus ná tabhair bia dó ag súil le breis.
38. Mise an Tiarna bhur nDia a thug amach sibh as tír na hÉigipte chun talamh Chanán a thabhairt daoibh agus a bheith i mo Dhia agaibh.
39. Má éiríonn do bhráthair taobh leat dealbh agus é féin a dhíol leat, ná leag saothar daoir air.
40. Bíodh sé amhail fear tuarastail nó deoraí agat, agus oibríodh sé duit go bliain na hiubhaile.
41. Ansin imíodh sé uait, é féin agus a chlann agus filleadh sé ar a mhuintir féin agus gabhadh sé seilbh arís ar a mhaoin dhúchais.
42. Óir is searbhóntaí liomsa iadsan agus thugas ón Éigipt amach iad agus níl siad le reic mar dhaoir.
43. Ná bí i do mháistir dian air, ach bíodh eagla do Dhé ort.
44. Maidir leis na daoir idir fhir is mhná a bheidh agat, tagaidís ó na ciníocha i do thimpeall; ceannaigh daoir agus daoirseacha uathusan.
45. Ní miste daoibh chomh maith iad a cheannach ó i measc na gcoimhthíoch a chónaíonn in bhur measc agus óna gclann a chonaíonn in bhur measc agus a saolaíodh ar bhur dtailte. Bíodh seilbh agaibh orthusan.
46. Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael.
47. Má éiríonn coimhthíoch nó deoraí in bhur measc saibhir agus bhur mbráthair taobh leis a fháil dealbh agus é féin a reic leis siúd, leis an gcoimhthíoch nó leis an deoraí in bhur measc nó le duine dá mhuintir siúd,
48. tar éis a reaca beidh ceart fuascailte aige agus féadann bráthair leis é a fhuascailt.
49. Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.
50. I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t-am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí.
51. Má bhíonn a lán blianta le dul fós, ansin ní foláir dó, de réir líon na mblianta, cuid dá phraghas reaca a aisíoc ar son a fhuascailte.
52. Mura mbíonn ach an beagán blianta le dul go dtí bliain na hiubhaile, ní foláir dó táille a fhuascailte a mheas leis de réir líon na mblianta seirbhíse atá dlite uaidh.
53. Déantar an meastachán amhail is dá mba fhear ar tuarastal é ó bhliain go bliain. Féach chuige nach mbítear dian ar an bhfear.
54. Mura ndéantar é a fhuascailt ar aon slí díobh sin scaoiltear saor é i mbliain na hiubhaile, é féin agus a chlann in éineacht leis.
55. Óir is searbhóntaí liomsa clann seo Iosrael; is searbhóntaí iad a thug mé amach as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.

Salm 28:6-9
6. Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé le glór mo ghuí.
7. Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.
8. Is é an Tiarna neart a phobail, is é dídean shábháilte a ungthaigh é.
9. Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d' oidhreacht, á gcothú agus á n-iompar go brách.

Seanfhocal 10:19-21
19. Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.
20. Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin; ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.
21. Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine, ach faigheann amadáin bás le díth céille.

Marcas 6:30-56
30. Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d' inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
31. Dúirt sé leo: «Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall» óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
32. D' imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.
33. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d' aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.
34. Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
35. Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta.
36. Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.»
37. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» Dúirt siad leis: «An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d' arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?»
38. Dúirt sé leo: «Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.» Ar fháil amach dóibh dúirt siad: «Tá cúig cinn, agus dhá iasc.»
39. Agus d' ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,
40. agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.
41. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.
42. D' ith siad uile agus bhí siad sách.
43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.
44. Cúig mhíle fear an líon a d' ith na builíní.
45. Ansin chuir sé d' fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.
46. Tar éis dó iad a chur chun siúil, d' imigh sé faoin sliabh chun guí.
47. Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír.
48. Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.
49. Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach,
50. mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: «Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.»
51. Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth.
52. Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, ach bhí a gcroí go dúr.
53. Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire.
54. Agus ar theacht as an mbád dóibh, d' aithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad,
55. agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith.
56. Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.