A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 24

Léivític 17:1-16
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo: Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú:
3. Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,
4. ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.
5. Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n-íobairtí comaoineach don Tiarna.
6. Croitheadh an sagart an fhuil ar altóir an Tiarna atá ag doras Bhoth na Teagmhála; agus dódh sé an tsaill agus taitneoidh a boladh cumhra leis an Tiarna.
7. Ná déanfaidis a n-íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.
8. «Abair leo chomh maith: Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a ofrálann íobairt uileloiscthe, nó íobairt eile,
9. gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é.
10. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d' aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
11. Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n-anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama.
12. Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc.
13. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.
14. Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.
15. Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.
16. Ach mura ndéanann sé a éadach ná a chorp féin a ní, bíodh deasca a lochta air.»

Léivític 18:1-30
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Mise an Tiarna bhur nDia.
3. Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.
4. Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia.
5. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.
6. Ní ceadmhach d' aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna.
7. Ná bain an folach de nochtacht d' athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht.
8. Ná bain an folach de nochtacht bhean d' athar; is í nochtacht d' athar í.
9. Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d' athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht.
10. Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d' iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan.
11. Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d' athar a gineadh ó d' athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht.
12. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d' athar; óir sí feoil d' athar í.
13. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í.
14. Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d' athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d' aintín í.
15. Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht.
16. Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.
17. Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d' fheoil féin iad; ba chorbadh sin.
18. Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.
19. Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa.
20. Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d' fhágfadh sin neamhghlan thú.
21. Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.
22. Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.
23. Ná luigh le haon ainmhí; d' fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.
24. Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú.
25. Truaillíodh an talamh; d' agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de.
26. Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc aon cheann de na nithe gráiniúla sin.
27. Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.
28. Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh?
29. Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal.
30. Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.»

Salm 27:1-3
1. Le Dáiví. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m' anama; cé a chuirfidh ar crith mé? Salm 26
2. Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm d' fhonn mo chlú a mhilleadh, is iad m' eascairde a thiteann ar lár; baintear tuisle as mo naimhde.
3. Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne ní bheidh eagla ar mo chroí. Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm beidh dóchas agam ann.

Seanfhocal 10:9-9
9. An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.

Marcas 4:21-41
21. Dúirt sé leo: «An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?
22. Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais.
23. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!»
24. Dúirt sé leo: «Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.
25. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.»
26. Agus dúirt: «Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh,
27. agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.
28. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias.
29. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.»
30. Agus dúirt: «Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi?
31. Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh,
32. ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.»
33. Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d' fhéad siad éisteacht leis.
34. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
35. Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: «Téimis trasna anonn.»
36. Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.
37. D' éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin.
38. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: «A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?»
39. Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: «Éist, bí socair!» Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:
40. «Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?»
41. Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: «Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?»