A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 22

Léivític 14:1-57
1. Dúirt an Tiarna le Maois:
2. «Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.
3. Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach,
4. ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe.
5. Ordaíodh an sagart ceann de na héin a mharú i soitheach cré os cionn uisce reatha.
6. Ansin beireadh sé leis an t-éan beo, an t-admhad céadrais, an t-ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha.
7. Agus craitheadh sé seacht n-uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t-éan beo.
8. An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.
9. Ar an seachtú lá bearradh sé a ghruaig go léir idir cheann, mhalaí agus fhéasóg; bearradh sé a ghruaig on bpréamh. Tar éis dó a chuid éadaigh agus é féin a ní, bíodh sé glan.
10. «Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.
11. An sagart a bhíonn ag comhlíonadh ghnás an ghlanta, tugadh sé an té atá le glanadh agus a ofrálacha os comhair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála.
12. Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.
13. Maraíodh sé an t-uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.
14. Tógadh an sagart fuil na híobartha seo, agus cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té a bhíonn á ghlanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.
15. Ansin tógadh an sagart an log ola agus doirteadh sé cuid de ar bhois a láimhe clé.
16. Tumadh sé méar dá láimh dheas san ola i mbois a láimhe clé agus croitheadh sé an ola seacht n-uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.
17. Ansin cuireadh sé cuid den ola a fhanfaidh ar a bhois ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, agus ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise anuas is é sin ar fhuil an íobairt leorghnímh.
18. Fuílleach na fola i mbois a láimhe cuireadh an sagart é ar cheann an té atá le glanadh. Mar sin a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh i láthair an Tiarna.
19. Ansin ofráladh an sagart an íobairt pheaca agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh ar son an té atá le glanadh. Maraíodh sé ina dhiaidh sin íobarthach an uileloiscthe,
20. agus íobraíodh an sagart an íobairt uileloiscthe agus an abhlann ar an altóir. Nuair a bheidh gnás an leorghnímh comhlíonta ag an sagart dó ar an gcuma sin, bíodh sé glan.
21. «Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola,
22. agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir más acmhainn dó iad ceann d' íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh.
23. Ar an ochtú lá ní foláir dó iad a thabhairt chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna ar son a ghlanta.
24. Tógadh an sagart an t-uan don íobairt leorghnímh agus an log ola agus cuireadh sé i láthair an Tiarna iad leis an dleacht ar leith a ofráil.
25. Ansin maraíodh sé an t-uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.
26. Ansin doirteadh an sagart cuid den ola ar bhois a laimhe clé,
27. agus croitheadh sé cuid den ola atá ar a láimh chlé seacht n-uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.
28. Cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, ar ordóg á láimhe deise, ar ordóg a choise deise, mar a rinne le fuil an íobairt leorghnímh.
29. An chuid eile den ola a fhanfaidh ar a bhois, cuireadh sé é ar cheann an té atá le glanadh, ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar a shon i láthair an Tiarna.
30. Agus dála an dá cholm nó an dá ghearrcach colúir, más acmhainn dó iad,
31. déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.
32. «Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.»
33. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón, agus dúirt:
34. «Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis,
35. tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: 'Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.'
36. Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh,
37. agus má aimsíonn sé ina iniúchadh paistí glasa nó cróna galair ar na ballaí, agus iad ag dul faoi chneas,
38. ansin téadh an sagart lasmuigh de dhoras, ón teach amach, agus dúnadh sé an teach ar feadh seacht lá.
39. Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,
40. tugadh an sagart ordú na clocha ina bhfuil an galar a thógáil agus a chaitheamh in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.
41. Cuireadh sé an teach go léir á scríobadh laistigh, agus an screamh a scríobfar de, caitear í in áit neamhghlan lasmuigh den chathair.
42. Ansin leagtar clocha eile in áit na gcloch úd agus plástráiltear brat nua plástair ar an teach.
43. «Má bhriseann an galar amach arís tar éis na clocha a thógáil chun siúil agus an teach a scríobadh agus a athphlástráil,
44. tagadh an sagart á iniúchadh; má fheiceann sé gur leath an galar, ciallaíonn sin go bhfuil lobhra thógálach sa teach; tá sé neamhghlan.
45. Ní foláir an teach a scartáil, idir chlocha agus admhad agus phlástar, agus iad seo a iompar go háit neamhghlan lasmuigh den chathair.
46. «Aon duine a théann isteach sa teach agus é dúnta, bíodh sé neamhghlan go nóin.
47. Aon duine a chodlaíonn ann, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus aon duine a itheann sa teach, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní.
48. Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.
49. «Do ghlanadh an tí, tógadh sé dhá éan bheaga, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe;
50. maraíodh sé ceann de na héin i soitheach cré os cionn uisce reatha,
51. agus tógadh sé an t-adhmad céadrais, an chraobh íosóipe, agus an t-ábhar craorag, agus an t-éan beo, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha agus croitheadh sé seacht n-uaire ar an teach í.
52. Tar éis dó an teach a ghlanadh le fuil an éin, leis an uisce reatha, leis an éan beo, leis an adhmad céadrais, leis an gcraobh íosóipe, agus leis an ábhar craorag,
53. scaoileadh sé leis an éan beo saor faoi na bánta ón gcathair amach. Nuair a bhíonn gnás an ghlanta comhlíonta ar an gcuma seo don teach, bíodh sé glan.
54. «Sin é an dlí do gach cás lobhra agus tine dhia,
55. do lobhra éadaigh agus tithe,
56. do at nó do mhéirscre nó do ghearb,
57. á shocrú cathain is glan agus is neamhghlan dóibh. Sin é dlí na lobhra.»

Salm 26:1-5
1. Le Dáiví. Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh. Salm 25
2. Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m' áranna agus mo chroí;
3. Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d' fhírinne.
4. Ní bhím i bhfochair lucht éithigh ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.
5. Is gráin liom tionól na n-urchóideach, agus ní shuím i bhfarradh na n-éagráifeach.

Seanfhocal 10:6-7
6. Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin, ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
7. Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.

Marcas 3:20-35
20. Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe.
21. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d' fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: «As a mheabhair atá sé.»
22. Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: «Béalzabúl atá ann,» agus «Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.»
23. Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: «Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?
24. Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.
25. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh.
26. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh.
27. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.
28. «Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad,
29. ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,»
30. mar go ndúirt siad: «Tá spiorad míghlan ann.»
31. Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air.
32. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: «Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d' iarraidh.»
33. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?»
34. Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: «Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!
35. Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.»