A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 20

Léivític 11:1-47
1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt leo:
2. «Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí: Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún:
3. Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor.
4. Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;
5. an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb;
6. agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;
7. agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor.
8. Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh.
9. Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:
10. ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.
11. Sea, bíodh an ghráin agaibh orthu; ná hithigí a gcuid feola agus ná bainigí lena gconablaigh.
12. Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.
13. Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! an t-iolar, an bhadhb, an coirneach;
14. an fiach, gach cineál préacháin;
15. gach cineál cruchóige;
16. an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;
17. an ceann cait, an fiach mara, an t-ulchabhán,
18. an chearc uisce, an peileacán, an t-iolar gréagach,
19. an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair.
20. Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach.
21. De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.
22. Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh;
23. ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach.
24. Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;
25. aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
26. Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan.
27. Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin.
28. An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.
29. Ar na míola beaga a bhíonn ag snámhaíl ar an talamh, bídís seo neamhghlan agaibh: an t-eas, an luch, gach cineál earca,
30. an firéad, an cóa, an latáhá, an caimileon, agus an tinseámat.
31. Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin.
32. Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.
33. Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é.
34. Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan.
35. Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.
36. (Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan.
37. Má thiteann aon chuid dá gconablach ar shíol atá le cur, fanfaidh an síol glan.
38. Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh.
39. Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin.
40. Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
41. Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad.
42. Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad.
43. Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu.
44. Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
45. Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise.
46. Sin é an dlí i dtaobh na n-ainmhithe go léir, na n-éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,
47. chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.»

Léivític 12:1-8
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.
3. Ar an ochtú lá déantar timpeallghearradh ar a fhorchraiceann,
4. agus caithfidh sí fanacht trí lá dhéag agus fiche eile i bhfuil a híonghlanta; ná baineadh sí le haon ní naofa, agus ná tagadh isteach sa sanctóir go dtí go mbíonn laethanta a glanta comhlíonta.
5. Más iníon a bheireann sí, bíodh sí neamhghlan ar feadh coicíse, mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa; caithfidh sí fanacht sé lá agus trí fichid eile i bhfuil a híonghlanta.
6. Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d' iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.
7. Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon.
8. Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.»

Salm 25:8-15
8. Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna, taispeánann sé an tslí do na peacaigh.
9. Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht agus múineann a shlí don duine cneasta.
10. Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.
11. Ar mhaithe le d' ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é.
12. Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.
13. Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh.
14. Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.
15. Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.

Seanfhocal 10:1-3
1. Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
2. Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
3. Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

Marcas 2:1-28
1. Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáum dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach,
2. agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo.
3. Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar idir ceathrar.
4. Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.
5. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: «A mhic, tá do pheacaí maite.»
6. Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí:
7. «Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?»
8. Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n-aigne agus dúirt sé leo: «Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí?
9. Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: 'Tá do pheacaí maite,' nó a rá: 'Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil'?
10. Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh» dúirt sé leis an bpairiliseach:
11. Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.»
12. D' éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d' imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: «Ní fhacamar a leithéid seo riamh.»
13. Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean á dteagasc.
14. Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: «Lean mise.» D' éirigh seisean agus lean sé é.
15. Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.
16. Nuair a chonaic scríobhaithe na bhFairisíneach go raibh sé ag ithe leis na peacaigh agus na poibleacánaigh, dúirt siad lena dheisceabail: «Cén fáth a mbíonn sé ag ithe agus ag ól le poibleacánaigh agus le peacaigh?»
17. Ar a chloisteáil sin d' Íosa dúirt sé leo: «Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.»
18. Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: «Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?»
19. Dúirt Íosa leo: «An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.
20. Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin.
21. Ní fhuafadh aon duine preabán d' éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as an nua as an sean agus ba mhiste an stróiceadh é.
22. Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!»
23. Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí.
24. Dúirt na Fairisínigh leis: «Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach sa tsabóid?»
25. Dúirt sé leo: «Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh:
26. mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t-ardsagart, agus d' ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?»
27. Agus dúirt sé leo: «Rinneadh an tsabóid ar son an duine, ní dhearnadh an duine ar son na sabóide;
28. sa chaoi go bhfuil Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.»