A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 19

Léivític 9:1-24
1. Ar an ochtú lá, ghlaoigh Maois ar Árón agus ar a chlann mhac agus ar sheanóirí Iosrael.
2. Dúirt sé le hÁrón: «Tóg lao d' íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad.
3. Ansin abair le clann mhac Iosrael: 'Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:
4. damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.'»
5. Thugadar leo os comhair Bhoth na Teagmhála gach ar ordaigh Maois; tháinig an comhthionól uile i gcóngar agus sheasadar i láthair an Tiarna.
6. Dúirt Maois: «Is é seo a d' ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh, d' fhonn go bhfoilseofaí a ghlóir daoibh.»
7. Ansin dúirt Maois le hÁrón: «Téigh chun na haltóra agus ofráil d' íobairt pheaca, agus d' íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna.»
8. Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin.
9. Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra.
10. Saill an íobairt pheaca, na duáin agus an meall saille ar an ae, loisc sé ar an altóir iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
11. Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.
12. Mharaigh Árón an t-íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
13. Ansin thugadar dó an t-íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t-iomlán seo ar an altóir.
14. Nigh sé an t-ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach.
15. Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d' ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.
16. Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.
17. An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.
18. Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
19. Saill an daimh agus an reithe an t-eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae
20. chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.
21. Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22. Ansin d' ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas
23. agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d' fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad.
24. Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n-aghaidh.

Léivític 10:1-20
1. Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d' ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.
2. Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.
3. Dúirt Maois le hÁrón: «Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ' Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.'» Níor fhan focal ag Árón.
4. Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: «Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.»
5. Thángadar agus rugadar leo iad, a n-ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d' ordaigh Maois.
6. Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: «Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
7. Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.» Rinneadar mar a dúirt Maois.
8. Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt:
9. «Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
10. Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan,
11. agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.»
12. Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: «Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d' íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.
13. Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t-órdú a fuair mé.
14. Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d' iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d' íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d' iníonacha mar aon leat.
15. An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d' ordaigh an Tiarna.»
16. Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:
17. «Cén fáth,» ar sé, «nár ith sibh an t-íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d' fhonn go n-iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.
18. Níor tugadh a fhuil laistigh den sanctóir agus ba chóir daoibh go deimhin a fheoil a ithe sa sanctóir faoi mar a d' ordaigh mé daoibh.»
19. Dúirt Árón le Maois: «D' ofráil siad a n-íobairt pheaca agus a n-íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n-íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?»
20. Nuair a chuala Maois an méid sin bhí sé sásta.

Salm 25:1-7
1. Le Dáiví. Is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna: Salm 24
2. Is ionat a chuirim mo dhóchas, nár dhéantar mo náiriú, a Dhia; ná maíodh mo naimhde a mbua orm.
3. Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.
4. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus déan do chosáin a mhúineadh dom.
5. Déan mo threorú i d' fhírinne, tabhair teagasc dom, óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir. Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae ABN: 5., 7c, 6, 7a, 7b, 8
6. Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh.
7. 7a Ná cuimhnigh ar chionta m' óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.

Seanfhocal 9:13-18
13. Bean ghliogair an óinseach; tá sí leanbaí, aineolach.
14. Suíonn sí ag doras a tí; suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach.
15. Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braid agus iad i mbun cúraimí an lae:
16. «An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!» agus deir sí leis an amadán:
17. «Is milis é an t-uisce a goideadh; is milis é an t-arán a itear faoi choim.»
18. Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.

Marcas 1:23-45
23. Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:
24. «Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.»
25. Labhair Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus gabh amach as.»
26. Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d' imigh as.
27. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: «Cad é an rud é seo?» deiridís: «teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.»
28. Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
29. Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.
30. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.
31. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D' fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
32. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.
33. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais,
34. agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
35. D' éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d' imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
36. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,
37. agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: «Tá cách do do chuardach.»
38. Dúirt sé leo: «Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.»
39. Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
40. Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: «Más áil leat é,» ar seisean, «is féidir duit mé a ghlanadh.»
41. Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: «Is áil,» ar seisean leis, «glantar thú!»
42. D' fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.
43. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill
44. ag rá leis: «Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d' ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.»
45. Ní túisce a d' fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.