A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 17

Léivític 5:1-19
1. Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n-iompar aige;
2. nó má bhaineann duine le rud neamhghlan cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn agus go n-éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;
3. nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n-éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;
4. nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é
5. má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,
6. agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread caora nó gabhar mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.
7. Mura bhfuil sé d' acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
8. Tugadh sé chun an tsagairt iad agus ofráladh seisean ar dtús an ceann don íobairt pheaca. Casadh seisean an ceann ar a mhuineál ach gan a cheann a bhaint de.
9. Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo.
10. Tá an t-éan eile le huileloscadh mar íobairt aige ansin de réir an ghnáis. Sin é mar atá gnás an leorgnímh le comhlíonadh ag an sagart don duine ar son an pheaca a rinne sé agus maithfear dó.
11. Mura bhfuil sé d' acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
12. Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo.
13. Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.»
14. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
15. «Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
16. Ní foláir dó an slad a rinne a pheaca ar na cearta naofa a aisíoc, an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis leis, agus é a thabhairt don sagart. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó le reithe an íobairt chúitimh agus maithfear dó.
17. «Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.
18. Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.
19. Íobairt chúitimh í seo; bhí an duine ciontach i láthair an Tiarna.»

Léivític 6:1-23
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air;
3. nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine;
4. má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé,
5. nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t-iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh.
6. Tugadh sé chun an tsagairt mar íobairt don Tiarna, reithe gan mháchail ón tréad, arna mheas agat de réir tháille an íobairt chúitimh.
7. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó i láthair an Tiarna agus maithfear dó cibé beart ina raibh sé ciontach.»
8. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
9. «Tabhair na horduithe seo leanas d' Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra).
10. Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra.
11. Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan.
12. An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n-íobairtí comaoineach.
13. Bíodh tine dhearg i gcónaí ar an altóir; ná ligtear in éag í.
14. Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna.
15. Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne leis an ola agus an túis a cuireadh léi agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
16. Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.
17. An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh.
18. Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.»
19. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
20. «Sí seo an íobairt nach foláir d' Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n-ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna.
21. Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
22. An sagart ar chlann Árón atá le hungadh ina áit, déanadh sé mar an gcéanna. Dlí síoraí é seo. Ní foláir an t-iomlán a loscadh don Tiarna.
23. Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.»

Salm 24:1-6
1. Salm le Dáiví. Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann. Salm 23
2. Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
3. Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna? Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?
4. An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
5. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin agus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.
6. A leithéid sin a bhíonn á lorg: a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.

Seanfhocal 9:7-9
7. An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.
8. Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
9. Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.

Matha 28:1-20
1. Íosa á Thaispeáint Féin do na Mná
2. Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi.
3. Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta.
4. Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh.
5. Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: «Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh.
6. Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.
7. Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!»
8. D' fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.
9. Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: «Sé bhur mbeatha!» Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.
10. Dúirt Íosa leo ansin: «Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.»
11. Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d' inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.
12. Chruinnigh siadsan agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí
13. ag rá: «Is é a déarfaidh sibh: 'Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus d' fhuadaigh siad é.'
14. Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibhse ó imní.»
15. Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.
16. D' imigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh,
17. agus ar a fheiceáil dóibh d' umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
18. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: «Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
19. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
20. ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.»