A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 11

Eaxodus 33:1-23
1. Dúirt an Tiarna le Maois: «Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób leis na focail: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.'
2. Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh.
3. Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh óir is ceanndána an pobal sibh le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.»
4. Ar chlos na cainte boirbe sin, rinne an pobal caoineadh, agus ní chaithfeadh aon duine a chuid ornáidí.
5. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le clann Iosrael: 'Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d' ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!'»
6. Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n-ornáidí.
7. Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.
8. Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d' éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth.
9. Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois.
10. Nuair a d' fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d' éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin.
11. Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d' fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.
12. Dúirt Maois leis an Tiarna: «Féach, deir tú liom: 'Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,' ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: 'Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.'
13. Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d' fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.»
14. D' fhreagair sé: «Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.»
15. Agus dúirt [Maois] leis: «Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn.
16. Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.»
17. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.»
18. Dúirt Maois: «Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.»
19. Agus d' fhreagair sé: «Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m' ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
20. Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,» ar sé «óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.»
21. Agus lean air: «Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig,
22. agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid.
23. Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.»

Eaxodus 34:1-35
1. Dúirt an Tiarna le Maois: «Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.
2. Bí ullamh faoi mhaidin agus tar aníos go Sliabh Shíonái le breacadh an lae; bí i láthair ansiúd fá mo choinne ar bharr an tsléibhe.
3. Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.»
4. Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dó.
5. Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.
6. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d' fhógair sé: «A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht;
7. leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.»
8. Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh
9. agus dúirt: «Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.»
10. Dúirt [an Tiarna]: «Féach! táim ar tí conradh a dhéanamh. Déanfaidh mé, i láthair do phobail go léir, iontais nach ndearnadh a leithéid riamh in aon tír ná in aon náisiún. An mhuintir go léir a bhfuil tú ina measc, feicfidh siad obair an Tiarna, óir is uaimhneach é a ndéanfaidh mé tríot.
11. Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.
12. Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa.
13. Ní foláir daoibh a n-altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, agus a gcuaillí naofa a ghearradh anuas.
14. Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é.
15. Ná déan conradh le dúchasaigh na tíre nó, nuair a dhéanfaidh siad striapachas lena ndéithe féin agus íobairt dóibh, ba bhaol go dtabharfadh duine díobh cuireadh duit agus go n-íosfá cuid dá íobarthach;
16. nó b' fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n-iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean.
17. Ná déan déithe duit féin as miotal leáite.
18. Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d' ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.
19. «Is liomsa gach a n-osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.
20. Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.
21. «Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin.
22. Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana.
23. Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.
24. Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.
25. «Ná hofráil dom fuil m' íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.
26. Tabhair tús do nús ó d' fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.»
27. Dúirt an Tiarna le Maois: «Cuir na focail sin i scríbhinn, óir is de réir na bhfocal sin atá an conradh déanta agam leatsa agus le hIosrael.»
28. D' fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.
29. Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna.
30. Nuair a chonaic Árón agus clann Iosrael go léir Maois agus a leithéid de loinnir ón gcneas ar a aghaidh, bhí eagla orthu dul ina ghaire.
31. Ghair Maois chuige iad agus tháinig Árón agus ceannairí an chomhthionóil ar ais chuige agus labhair Maois leo.
32. Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái.
33. Nuair a bhí deireadh ráite ag Maois leo, chuir sé brat ar a aghaidh.
34. Ach nuair a théadh Maois isteach i láthair an Tiarna chun labhairt leis, bhaineadh sé an brat de go dtí go dtagadh sé amach arís. Agus nuair a thagadh sé amach, d' insíodh sé do chlann Iosrael na horduithe a d' fhaigheadh sé.
35. Agus d' fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.

Salm 21:8-13
8. 9 Béarfaidh do lámh ar d' eascairde go léir: béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.
9. 10 Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine an uair a thaibhseoidh do ghnúis. Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad, agus déanfaidh an tine a slogadh.
10. 11 Scriosfaidh tú a sliocht den talamh agus a gclann as líon na ndaoine.
11. 12 Bíodh go mbeartóidís an t-olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
12. 13 Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu agus teannfaidh tú do bhogha ina n-éadan.
13. 14 Éirigh, a Thiarna, i do neart: canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.

Seanfhocal 8:1-5
1. Nach nglaonn an eagna? Nach n-ardaíconn an tuiscint a glór?
2. Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair; ar na cosáin atá a stáitse,
3. Ag na geataí os comhair na cathrach; glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí:
4. «Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara; ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.
5. A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].

Matha 26:1-25
1. Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail:
2. «Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.»
3. San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas,
4. agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.
5. Dúirt siad, áfach: «Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.»
6. Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar,
7. tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d' ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.
8. Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: «Cén fáth an diomailt seo?» ar siad;
9. «b' fhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.»
10. Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;
11. mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,
12. agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m' adhlactha a rinne sí é.
13. Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.»
14. Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart
15. agus dúirt: «Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?» Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d' airgead geal.
16. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh.
17. Ar an gcéad lá d' fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: «Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?»
18. «Téigí isteach sa chathair,» ar seisean, «go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: 'Dúirt an Máistir a rá leat: tá m' uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.'»
19. Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d' ullmhaigh siad an Cháisc.
20. Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal.
21. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: «Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.»
22. Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: «An mise é, a Thiarna?»
23. D' fhreagair sé: «Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,» ar seisean, «sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.
24. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B' fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.»
25. D' fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: «An mise é, a Raibí?» Dúirt Íosa leis: «Tá sé ráite agat.»