Eaxodus 31:1-18 |
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: |
2. Féach! Roghnaigh mé ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá, |
3. agus líon mé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta |
4. i gcomhair dearadh agus saothar in ór agus in airgead agus i gcré-umha, |
5. i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde. |
6. Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit: |
7. Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail, |
8. an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise, |
9. agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t-umar gona bhonn, |
10. agus na héidí dea-mhaisithe na héidí naofa d' Árón an sagart agus na héidí dá mhic i gcomhair a seirbhísí sagairt, |
11. agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.» |
12. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: |
13. «Labhair le clann Iosrael agus abair: 'Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh. |
14. Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal. |
15. Beidh obair á déanamh ar feadh sé lá, ach ní foláir an seachtú lá a choimeád ina lá saoire ar fad, sabóid choisricthe don Tiarna. An té a dhéanann obair ar an tsabóid, ní foláir é a chur chun báis. |
16. Coimeádfaidh clann Iosrael an tsabóid, á cleachtadh ó ghlúin go glúin, mar chonradh síoraí. |
17. Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.'» |
18. Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé. |
Eaxodus 32:1-35 |
1. Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: «Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.» |
2. D' fhreagair Árón: «Bainigí,» ar sé leo, «na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n-iníonacha, agus tugaigí chugam iad.» |
3. Agus bhaineadar go léir a bhfáinní óir dá gcluasa agus thugadar go hÁrón iad. |
4. Ghlac seisean an t-ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. «Seo é do dhia, a Iosrael,» ar siad de liú, «a thug thú amach as tír na hÉigipte!» |
5. Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: «Lá féile don Tiarna an lá amárach!» |
6. D' éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d' ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d' éiríodar chun scléipe. |
7. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. |
8. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d' ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d' adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: 'Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.'» |
9. «Is léir dom,» arsa an Tiarna le Maois, «a cheanndáine mar phobal an pobal seo! |
10. Lig dom anois más ea agus lasfaidh m' fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.» |
11. Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: «A Thiarna,» ar sé, «cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan? |
12. Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: 'I bhfeall a rug sé amach iad, d' fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne'? Scaoil uait d' fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. |
13. Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: 'Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.'» |
14. Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé. |
15. D' fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n-aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl. |
16. Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca. |
17. Chuala Iósua geoin an phobail agus iad ag gáraíl. «Tá gleo catha sa champa,» ar sé le Maois. |
18. D' fhreagair Maois é agus dúirt: «Ní gáir chaithréime an gháir seo, Ná olagón cloíte an gháir seo; Glór cantaireachta is ea a chluinim.» |
19. Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe. |
20. Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d' iallach ar chlann Iosrael é a ól. |
21. Dúirt Maois le hÁrón: «Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?» |
22. D' fhreagair Árón: «Ná bíodh d' fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo. |
23. Dúradar liom: 'Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.' |
24. Dúirt mé leo dá bhrí sin: 'An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,' agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.» |
25. Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall |
26. sheas sé ag geata an champa agus dúirt: «Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!» agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige. |
27. Agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.'» |
28. Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd. |
29. Agus dúirt Maois: «Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.» |
30. Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: «Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b' fhéidir go n-éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.» |
31. Agus d' fhill Maois ar an Tiarna. «Mo bhrón,» ar sé, «rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh. |
32. Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.» |
33. Ach d' fhreagair an Tiarna Maois: «An té a pheacaigh i m' aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar. |
34. Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m' aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.» |
35. Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh. |
Salm 21:1-7 |
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna, cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh! Salm 20 |
2. 3 Thug tú mian a chroí go deimhin dó, is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil. |
3. 4 Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann. |
4. 5 D' iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air a mhairfidh go brách ó aois go haois. |
5. 6 Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh. Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air. |
6. 7 Rinne tú ábhar beannachta go brách de; cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air. |
7. 8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna: toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh. |
Seanfhocal 7:24-27 |
24. Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil: |
25. Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí, agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin. |
26. Óir is iomaí fear a leag sí ar lár, agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir. |
27. Sé a teach an bealach go Seól agus an tslí síos go cúirteanna an bháis. |
Matha 25:31-46 |
31.
«Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.
|
32. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. |
33. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. |
34. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: 'Tagaigí, a lucht bheannaithe m' Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. |
35. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, |
36. bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m' fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.' |
37. Freagróidh na fíréin é ansin: 'A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? |
38. Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? |
39. Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?' |
40. Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: 'Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.' |
41. Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: 'Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. |
42. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, |
43. bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m' fheiceáil.' |
44. Agus freagróidh siad sin é ansin: 'A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?' |
45. Ansin freagróidh sé iad: 'Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.' |
46. Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.» |