Eaxodus 13:1-22 |
1. Labhair an Tiarna le Maois: |
2. «Coisric dom,» ar sé, «gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.» |
3. Dúirt Maois leis an bpobal: «Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte. |
4. Inniu, ar an lá seo i mí Áibíb, tá sibh ag cur chun bóthair. |
5. Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d' aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo. |
6. Ar feadh na seacht lá íosfaidh tú arán gan ghabháile, agus ar an seachtú lá beidh féile agat don Tiarna. |
7. I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir. |
8. Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: 'Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!' |
9. Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d' éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach. |
10. Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. |
11. «Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d' aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit, |
12. déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu. |
13. Gach céadghin asail, déan é a fhuascailt ar uan, nó mura ndéanann tú, bris a mhuineál. Gach céadghin mic ar do chlann mhac, déan é a fhuascailt. |
14. Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: 'Cén chiall atá leis seo?' déarfaidh tú leis: 'Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse; |
15. óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.' |
16. Beidh an tseirbhís mar mharc ar do láimh agat, nó mar lann ar d' éadan; óir thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn le láimh láidir.» |
17. «Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, «le heagla,» a dúirt Dia, «go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d' fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.» |
18. Ach threoraigh Dia an timpeall iad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach. Ghabh clann Iosrael as an Éigipt amach faoi chóiriú catha. |
19. Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.» |
20. Ghluaiseadar ar aghaidh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh. |
21. Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d' oíche. |
22. Níor theip an colún néil sa lá ná an colún tine san oíche, ach lean ar aghaidh os comhair an phobail. |
Eaxodus 14:1-31 |
1. Agus labhair an Tiarna le Maois: |
2. «Abair,» ar sé, «le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige. |
3. Óir déarfaidh Forann leis féin: 'Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d' iaigh an fásach orthu.' |
4. Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.» Rinneadar amhlaidh. |
5. Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. «Cad é seo atá déanta againn,» ar siad, «á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?» |
6. Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua. |
7. Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann. |
8. Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn rí na hÉigipte agus chuaigh sé sa tóir ar chlann Iosrael agus iad ag cur díobh faoi thréanchosaint. |
9. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu le heachra agus le carbaid Fhorainn lena mharcshlua agus lena arm go léir; agus thángadar orthu agus a gcampa suite acu cois na farraige ag Pí Haichíorót os coinne Bhálzafón. |
10. Agus Forann ag druidim leo d' fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b' shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna; |
11. agus dúradar le Maois: «B' ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt? |
12. Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ' Lig dúinn,' a dúramar, ' seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b' fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!'» |
13. D' fhreagair Maois an pobal: «Bíodh misneach agaibh!» ar sé; «seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís. |
14. Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.» |
15. Dúirt an Tiarna le Maois: «Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh. |
16. Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige. |
17. Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua. |
18. Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.» |
19. Ansin aingeal an Tiarna a bhí ar bhéala shlua Iosrael san aistear, d' fhág sé an áit sin agus tháinig ar a gcúla; agus an colún néil a bhí rompu amach tháinig sé laistiar díobh agus d' fhan ann, |
20. agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche. |
21. Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, |
22. agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. |
23. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. |
24. Le ham faire na maidine, d' fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. |
25. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: «Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.» |
26. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.» |
27. Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d' fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. |
28. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. |
29. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. |
30. D' fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach. |
31. Chonaic Iosrael an t-éacht groí a rinne an Tiarna ar na hÉigiptigh agus thugadar ómós don Tiarna; chreideadar sa Tiarna agus i Maois a shearbhónta. |
Salm 18:13-19 |
13. 14 Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh. |
14. 15 Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad. |
15. 16 Bhí foinsí na farraige le feiceáil agus nochtadh fothaí na cruinne de thoradh do bhagartha, a Thiarna, de thoradh sí gaoithe do chuid feirge. |
16. 17 Shín sé anuas agus rug orm, agus tharraing as na tuilte móra mé. |
17. 18 Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir dom ó lucht m' fhuatha ba threise ná mé. |
18. 19 D' ionsaíodar mé lá mo thubaiste, ach tharla an Tiarna ina thaca dom. |
19. 20 Sheol sé amach in áit fhairsing mé, do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom. |
Seanfhocal 6:6-11 |
6. A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat. |
7. Níl aon duine le hordú a thabhairt dó, saoiste ná máistir; |
8. Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar. |
9. An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan? |
10. Bíodh beagán suain, beagán codlata agat; fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht, |
11. Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora]. |
Matha 21:1-22 |
1. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh |
2. ag rá leo: «Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; |
3. scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: 'Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.'» |
4. Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: |
5. «Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.» |
6. D' imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh: |
7. thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu. |
8. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar; |
9. agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: «Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.» |
10. Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: «Cé hé seo?» deirtí. |
11. Agus deireadh na sluaite: «Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.» |
12. Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. |
13. Agus dúirt sé leo: «Tá scríofa: 'Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa'; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.» |
14. Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad. |
15. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus «Hósana do Mhac Dháiví!» mar gháir acu sa Teampall. |
16. Dúirt siad leis: «An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?» «Cinnte!» arsa Íosa leo, «nár léigh sibh riamh é seo: 'As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin'?» |
17. D' éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann. |
18. Ag filleadh ar an gcathair a bhí sé go moch ar maidin agus bhí ocras air, |
19. agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: «Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!» Agus shearg an crann fígí ar an mball. |
20. Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: «Cén chaoi,» ar siad, «ar shearg an crann fígí láithreach?» |
21. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: 'Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige', déanfar sin. |
22. Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.» |