Habacúc 1:1-17 |
1. Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís. |
2. Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n-éistfidh tú liom nó ag éamh «Foréigean!» agus nach bhfuasclóidh tú sinn? |
3. Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann. |
4. Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht. |
5. Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu, agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh. Óir tá obair á déanamh le bhur linn nach gcreidfeadh sibh é dá n-inseofaí daoibh é. |
6. Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad. |
7. Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n-ardcheannas uathu féin amháin. |
8. Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n-eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh. |
9. Chun foréigean a dhéanamh a thagann siad go léir; tá dianteas a n-aghaidheanna mar an ghaoth anoir; cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh. |
10. Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe, agus gáire faoi phrionsaí, agus beag is fiú den uile dhún. Carnann siad cré ina dtimpeall agus gabhann siad seilbh orthu. |
11. Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin. |
12. Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m' Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt. |
13. Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin? |
14. Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na mara nó mar phéisteanna gan mháistir. |
15. Beireann an pobal seo ar chách le duán; tarraingíonn siad isteach iad lena líon; cruinníonn siad le chéile iad lena saighean; ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu. |
16. Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia. |
17. An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthu ag folmhú a lín gan stad agus ag marú na náisiún gan trua? |
Habacúc 2:1-20 |
1. Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m' ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m' fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid. |
2. Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: «Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. |
3. Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. |
4. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.» |
5. Réamhrá |
6. «Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad cá fhad eile? agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.» Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir |
7. Nach n-éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú. |
8. De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. |
9. Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint. |
10. Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d' anam féin a chaill tú. |
11. Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa agus tugann na bíomaí freagra orthu ón gcreatlach adhmaid. |
12. Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart. |
13. Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha. |
14. Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t-uisce grinneall na mara. |
15. Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht. |
16. Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d' fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir. |
17. Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n-ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. |
18. Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige? |
19. Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: «Múscail thú féin»; agus leis an gcloch bhalbh: «Éirigh.» An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann. |
20. Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair. |
Habacúc 3:1-19 |
1. Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe. |
2. Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d' éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D' ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh. |
3. Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir. |
4. Is cosúil leis an solas a dhealramh; as a lámha bladhmann gathanna gealáin. Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt. |
5. Ar a aghaidh amach gabhann an phlá; tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála. |
6. Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n-áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall. |
7. Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith. |
8. An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha? |
9. Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin. |
10. Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe. |
11. Fanann an ghrian agus an ghealach ina n-áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh. |
12. Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge. |
13. Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d' ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah |
14. Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n-uachais. |
15. Pasálann tú an mhuir le do chapaill trí bhorradh na n-uiscí doimhne. |
16. Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe. |
17. Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile. |
18. Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir. |
19. Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha. |
Salm 146:1-10 |
1. Alleluia. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom. Salm 145 |
2. Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo; molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé. |
3. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú. |
4. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin. |
5. Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia, |
6. an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor; |
7. agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois. Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. ABN: 7, 8a, 8b, 9a, 9b, 8c, 9c, 10 |
8. 8a Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan; |
9. 9a Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; 9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. 9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile. |
10. Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin. |
Seanfhocal 30:17-17 |
17. An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í. |
Apacailipsis 13:1-18 |
1. Agus sheas sé ar bhruach na farraige. 13:1 Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn. 12:18 |
2. Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht. |
3. Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch. |
4. Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: «Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?» |
5. Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead. |
6. D' oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n-áitreabh acu sna flaithis. |
7. Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine. |
8. Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó. |
9. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé: |
10. «Má tá geibheann i ndán d' aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.» |
11. Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan. |
12. Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta. |
13. Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine. |
14. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair. |
15. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh. |
16. Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n-éadan |
17. agus sin i dtreo nach bhféadfadh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh is é sin, nó uimhir a ainm, a bheith air. |
18. Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean! |