A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Nollaig 22

Nahúm 1:1-15
1. Réamhrá
2. Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
3. Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
4. Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.
5. Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,
6. Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
7. Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.
8. Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas.
9. Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh ín aghaidh an Tiarna? Eisean a t-ollscriostóir. Tá deireadh leis an ansmacht go deo.
10. Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.
11. Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.
12. Deir an Tiarna é seo: «Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.
13. Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.»
14. Tá an t-ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: «Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d' ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.»
15. 2:1 Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.

Nahúm 2:1-13
1. 2 Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.
2. 3 Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib agus niamhracht Iosrael chomh maith d' ainneoin gur scrios na scriostóirí iad agus gur mhill siad a gcraobhacha.
3. Scartáil Nínivé 4
4. 5 Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna; ropann siad ó áit go háit sna cearnóga. Is cosúil le tóirsí iad agus iad ag rith anonn agus anall mar splancacha tintrí.
5. 6 Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit.
6. 7 Tá na geataí chun na n-aibhneacha ar oscailt agus gach duine dá bhfuil sa phálás imithe chun scaoill.
7. 8 Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n-ucht le teann díomá.
8. 9 Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t-uisce ag rith as. «Stadaigí, stadaigí!» Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.
9. 10 «Sladaigí an t-airgead! Sladaigí an t-ór!» Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.
10. 11 Slad, creachadh, léirscrios! Croíthe á leá le heagla! Glúine ag bualadh le chéile! Áranna ar aon bharr amháin creatha! Aghaidheanna ar dhath an bháis!
11. Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d' imíodh an leon amach, d' fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu, 12
12. 13 Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
13. 14 Féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Cuirfidh mé do charbaid trí thine agus ídeoidh an claíomh do leoin óga. Cuirfidh mé críoch le do chuid creachadóireachta sa tír agus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.

Nahúm 3:1-19
1. Is mairg do chathair na fola, atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creach agus nach bhfuil teorainn leis an slad a dhéanann sí,
2. Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí, capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!
3. Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú? sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!
4. De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,
5. féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d' aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí.
6. Caithfidh mé cac ort, náireoidh mé thú agus déanfaidh mé seó bóthair díot.
7. Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: «Tá Nínivé léirscriosta!» Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?
8. An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh, cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann? (Bhí uiscí ina timpeall) Bhí an fharraige aici mar urbhalla agus na huiscí mar bhábhún.
9. B' iad an Aetóip agus an Éigipt a neart. (Ní raibh aon teorainneacha aici.) B' iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe.
10. Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d' imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.
11. Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith.
12. Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí atá ag tabhairt fígí luatha uathu; má chroitear iad titfidh na torthaí isteach i mbéal an alpaire.
13. Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.
14. Tarraing uisce le haghaidh an léigir; neartaigh do dhúnta; satail ar an láib; pasáil an chré; beir greim ar an múnla brící.
15. Ansin loiscfidh an tine thú; ciorróidh an claíomh thú; (ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste). Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste; déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.
16. 16a Cuir le do chuid trádálaithe chun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe; 16b leathann na lócaistí a sciatháin agus eitlíonn siad leo; ABN: 16a, 17a, 16b, 17b.
17. 17a bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí, a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar. Ach nuair a éiríonn an ghrian, 17b imíonn siad as radharc agus ní bhíonn a fhios ag aon duine cá mbíonn siad.
18. Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
19. Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?

Salm 145:17-21
17. Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.
18. Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.
19. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu.
20. Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.
21. Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain.

Seanfhocal 30:16-16
16. Seól, an bhroinn aimrid, an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce, agus an tine nach ndeir riamh: «Is leor sin.»

Apacailipsis 12:1-17
1. Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.
2. Bhí gin aici ina broinn, agus d' éigh sí ina híona agus ina pianta linbh.
3. Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n-adharc agus seacht gcoróin ar a chinn.
4. Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d' fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.
5. Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach.
6. Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.
7. Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D' fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,
8. ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n-ionad sna flaithis feasta.
9. An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.
10. Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: «Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d' oíche.
11. Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás.
12. Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.»
13. Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic.
14. Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.
15. Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d' fhonn go bhfuadódh sé le sruth í.
16. Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d' oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.
17. Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d' imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.