A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Nollaig 19

Míocá 1:1-16
1. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.
2. Daorbhreith ar an tSamáir
3. Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.
4. Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.
5. De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í?
6. Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.
7. Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.
8. Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
9. Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d' aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.
10. Ná fógraígí é seo i nGat; ná siligí deora [i mBáca]; déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!
11. Séidigí an stoc, a áitritheoirí Shaifír! Ní bhogann áitritheoirí Zánán amach as a mbaile. Tá Béit Eizéil faoi bhrón; tógfar uait gach taca.
12. Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót bheith ag súil lena slánú; mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna fad le geataí Iarúsailéim féin.
13. Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.)
14. Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat. Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach ina n-ábhar meallta do ríthe Iosrael.
15. Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh, a áitritheoirí Mháraeiseá. Scriosfar Adulám go deo ar nós ghlóir Iosrael.
16. Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.

Míocá 2:1-13
1. Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
2. Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.
3. Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo: Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh; ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta a dhonacht is a bheidh an uain.
4. An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: «Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.»
5. Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh chun dorú a leagan daoibh ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.
6. «Ná déanaigíse praeitseáil» sin é a bpraeitseáil siúd «Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.»
7. An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?
8. Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.
9. Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.
10. «Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!» Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.
11. Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: «Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí» sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
12. Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir; baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile; déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh mar chaoirigh i loc nó mar thréad ar féarach sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.
13. Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

Míocá 3:1-12
1. Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?
2. Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc, a stróiceann an craiceann de dhaoine agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,
3. a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.
4. Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.
5. Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
6. Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu.
7. Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.
8. Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
9. Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael, a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart, a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
10. a thógann Síón le fuil agus Iarúsailéim le héigeart.
11. De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: «Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.»
12. Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.

Salm 144:9-15
9. Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia; seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.
10. Óir is tú a thugann an bua do ríthe; agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.
11. Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé; sábháil ó láimh na n-eachtrannach mé, a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.
12. Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn, agus iad ag fás ina n-óige; gura cosúil ar n-iníonacha le colúin chúinne, arna snoí mar cholúin an teampaill.
13. Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh, agus ár dtréada ag breith ina mílte, agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.
14. Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna; ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht, ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.
15. Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh; an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.

Seanfhocal 30:10-10
10. Ná déan daor a ghearán lena mháistir, le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.

Apacailipsis 9:1-21
1. Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.
2. Agus d' oscail sé an poll duibheagáin agus d' éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.
3. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.
4. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d' fhéar na talún, ná d' aon fhás ná d' aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan.
5. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.
6. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.
7. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d' ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;
8. bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.
9. Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.
10. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.
11. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.
12. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.
13. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,
14. agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: «Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.»
15. Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.
16. Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua chuala mé a líon dhá oiread deich míle de dheich míle fear.
17. Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m' fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.
18. Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal.
19. Óir tá cumhacht na n-each ina mbéal agus ina n-eireaball. Tá a n-eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar.
20. Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.
21. Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n-asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta.