A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Nollaig 18

Ióna 1:1-17
1. Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití:
2. «Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.»
3. D' éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d' íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.
4. Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d' éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.
5. Tháinig scanradh a n-anama ar an bhfoireann agus d' impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.
6. Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: «Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B' fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.»
7. Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: «Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.» Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.
8. Dúirt siad leis ansin: «Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?»
9. «Eabhrach is ea mé,» an freagra a thug sé orthu, «agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.»
10. Bhuail eagla a gcraicinn an fhoireann ansin agus dúirt siad leis: «Céard é seo atá déanta agat?» Bhí a fhios acu, dar ndóigh, ón scéal a d' inis sé dóibh, go raibh sé ar a theitheadh ó láthair an Tiarna.
11. «Cad a dhéanfaimid leat,» d' fhiafraigh siad de ansin, «chun go suaimhneodh an fharraige dúinn?» Is amhlaidh a bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla i gcónaí.
12. «Tógaigí suas mé,» ar seisean leo, «agus caithigí isteach san fharraige mé agus suaimhneoidh sí daoibh ansin. Óir is maith atá a fhios agam gur mise faoi deara an stoirm mhór seo a theacht oraibh.»
13. Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n-aghaidh.
14. Mar sin de, d' agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: «Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.»
15. Ansin thóg siad Ióna suas agus chaith siad isteach san fharraige é. Ar an toirt suaimhníodh fraoch na farraige.
16. Dá thoradh sin tháinig eagla nár bheag ar an bhfoireann roimh an Tiarna; d' ofráil siad íobairt dó agus thug móideanna.
17. 2:1 Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc.

Ióna 2:1-10
1. 2 Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia,
2. «Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d' éist tú le mo ghuth. 3 mar a leanas:
3. 4 Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam.
4. 5 Dúirt mé liom féin, mar sin: ' Tá mé díbeartha as do láthair. Conas a gheobhaidh mé radharc arís ar do Theampall naofa?'
5. 6 Bhí na huiscí do mo chiorclú, agus mé i mbaol mo mhúchta; bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.
6. 7 Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom!
7. 8 Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m' achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa:
8. 9 Go n-éirí lucht adhartha íol gan éifeacht as a mbaothdhílseacht dóibh.
9. 10 I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.»
10. 11 Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim.

Ióna 3:1-10
1. Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair:
2. «Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t-oracal a thabharfaidh mé duit.»
3. D' éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú.
4. Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t-oracal seo á fhógairt aige: «I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,»
5. nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D' fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.
6. Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d' éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.
7. Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: «Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce.
8. Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.
9. Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n-imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?»
10. Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Ióna 4:1-11
1. Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air.
2. Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: «Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t-olc.
3. Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m' anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.»
4. «An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?» arsa an Tiarna leis.
5. D' imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d' fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair.
6. Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo.
7. Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé.
8. Nuair a d' éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n-éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: «Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.»
9. Dúirt Dia leis ansin: «An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?» «Is ceart go deimhin,» d' fhreagair Ióna, «is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.»
10. Dúirt an Tiarna: «Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d' fheoigh sé an oíche chéanna.
11. Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t-olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?»

Salm 144:1-8
1. [Salm] Dháiví. Moladh leis an Tiarna, mo charraig, a oileann mo lámha chun catha; agus fós mo mhéara chun cogaidh. Salm 143
2. Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m' fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.
3. A Thiarna, cad é an duine go dtógfá ceann de, nó mac an duine go mbeadh meas agat air?
4. Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart.
5. Ísligh do spéartha agus tuirling; bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach.
6. Teilg amach uait na splancacha agus scaip iad; scaoil uait do shaigheada á dtreascairt.
7. Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradh is a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n-eachtrannach,
8. a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.

Seanfhocal 30:6-9
6. Ná cuir lena bhriathra, ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.
7. Dhá ní a iarraim ort, ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:
8. Coinnigh i bhfad uaim an t-éitheach agus an bhréag; ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,
9. Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: «An Tiarna? cé hé féin?» Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.

Apacailipsis 8:1-13
1. Nuair a d' oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.
2. Urnaithe na Naomh ag Brostú an Lae
3. Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.
4. Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé.
5. Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D' éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.
6. Ansin phrapáil na seacht n-aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh.
7. Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.
8. Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.
9. Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.
10. Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.
11. «Mormónta» is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.
12. Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna.
13. Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: «Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.»