Obaidiá 1:1-21 |
1. Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. «Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!» |
2. «Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún; beidh tarcaisne ort ag daoine. |
3. Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ' Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?' |
4. Cé go n-éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,» a deir an Tiarna. |
5. «Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama? |
6. Cad é mar a creachadh Éasau! rinneadh slad ar a sheoda. |
7. Mheall do chomhghuaillithe go léir thú! thiomáin siad go himill do chríoch thú. Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort; chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat. ' Níl aon eagna fágtha aige.' |
8. Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna, na saoithe as Eadóm an lá sin? agus an eagna as Sliabh Éasau. |
9. Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.» |
10. «Beidh brat náire ort faoin bhforéigean a rinneadh ar do bhráthair Iósaef, agus rachaidh tú ar ceal go brách. |
11. An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú. |
12. Ach b' olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise. |
13. B' olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach, lá a mhillte, gur gheal leat a thubaiste, lá a mhillte, agus go ndearna tú creach ar a mhaoin, lá a mhillte. |
14. B' olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthair lena theifigh a theanntú; gur thug tú fuíoll an áir ar láimh, lá a dhuainéise.» |
15. Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir; mar a rinne tú leo, déanfar leat; fillfidh do bhearta ar do mhullach. |
16. Faoi mar a d' ól tusa ar mo shliabh naofa ólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall; ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu, agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann. |
17. Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin. |
18. Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.» |
19. «Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád, |
20. Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib. |
21. Rachaidh lucht ceannais suas go Sliabh Shíón, le Sliabh Éasau a rialú, agus beidh an Tiarna i réim.» |
Salm 143:7-12 |
7. Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d' aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh. |
8. Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m' anam. |
9. Fuascail mé ó m' eascairde, a Thiarna; óir chuir mé mé féin faoi do choimirce. |
10. Múin dom do thoil a dhéanamh, óir is tú mo Dhia, a Thiarna. Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh, isteach sa talamh comhréidh. |
11. Cosain mo bheo as ucht d' ainm, a Thiarna; i d' fhíréantacht saor m' anam ón anacair. |
12. Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais; agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm; óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna. |
Seanfhocal 30:5-5 |
5. Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce. |
Apacailipsis 7:1-17 |
1. Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann. |
2. Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir, |
3. agus dúirt sé: «Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.» |
4. Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael. |
5. Cuireadh an séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá, ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen, ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád, |
6. ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise, |
7. ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár, |
8. ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin. |
9. Ina dhiaidh sin b' shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d' aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. |
10. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: «Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!» |
11. Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé |
12. á rá: «Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.» |
13. Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: «Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?» |
14. Dúirt mé mar fhreagra air: «A Thiarna liom, tá fhios agat.» Agus dúirt sé liom: «Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. |
15. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d' oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; |
16. ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. |
17. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.' |