Amós 8:1-14 |
1. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí. |
2. «A Amós, cad é a fheiceann tú?» a dúirt sé. «Cliabh de thorthaí aibí,» a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó. |
3. Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm. |
4. Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú. |
5. Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí, |
6. go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t-ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol? |
7. Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu. |
8. Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte? |
9. An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil. |
10. Déanfaidh mé údar bróin de bhur n-oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh. |
11. Féach, tá na laethanta chugaibh, a deir an Tiarna Dia, nuair a chuirfidh mé gorta sa tír, nach gorta bia ná dí é, ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna. |
12. Tuisleofar ó fharraige go farraige; seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air. |
13. An lá sin titfidh idir chailín deas agus bhuachaill breá i laige le tart. |
14. An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: «Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!», titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách. |
Amós 9:1-15 |
1. Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: «Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán. |
2. Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d' iallach orthu teacht anuas. |
3. Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd. |
4. Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.» |
5. An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte. |
6. Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm. |
7. «Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,» a deir an Tiarna. «Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír? |
8. Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,» a deir an Tiarna. |
9. «Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh. |
10. Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh, iadsan a deir: 'Ní bhéarfaidh an t-olc orainne ná ní thiocfaidh sé fhad linn.'» |
11. «An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód, |
12. ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m' ainmse atá orthu a ghabháil,» a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch. |
13. «Féach, tiocfaidh na laethanta,» a deir an Tiarna, «nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc. |
14. Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí. |
15. Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iad ón tír atá tugtha agamsa dóibh,» a deir an Tiarna, bhur nDia. |
Salm 143:1-6 |
1. Salm Dháiví. Éist le m' urnaí, a Thiarna; éist le m' achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d' fhíréantachta. Salm 142 |
2. Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d' fhianaise. |
3. Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm; threascair sé m' anam go huir; thug sé orm fanacht sa dorchacht ar nós daoine atá marbh le fada. |
4. Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma; agus chalcaigh mo chroí istigh ionam. |
5. Is cuimhin liom na laethanta fadó; déanaim machnamh ar d' oibreacha go léir. Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh |
6. agus sínim mo sciatháin amach chugat; mar thalamh spalptha bíonn m' anam ag tnúth leat. |
Seanfhocal 30:1-4 |
1. Briathra Ágúr |
2. Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna níl tuiscint duine agam. |
3. Níor foghlaim mé eagna, ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa. |
4. Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit! |
Apacailipsis 6:1-17 |
1. Ansin san fhís dom, nuair a d' oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: «Tar.» |
2. D' fhéach mé agus b' shiúd an t-each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith. |
3. Nuair a d' oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: «Tar.» |
4. Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó. |
5. Nuair a d' oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: «Tar.» D' fhéach mé agus b' shiúd an t-each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach. |
6. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: «Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.» |
7. Nuair a d' oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: «Tar.» |
8. D' fhéach mé, agus b' shiúd an t-each báiteach bán agus «An Bás» a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún. |
9. Nuair a d' oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad. |
10. Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: «A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?» |
11. Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin. |
12. Nuair a d' oscail sé an séú séala, d' fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil, |
13. agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é. |
14. Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n-ionad. |
15. Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc, |
16. agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: «Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain; |
17. óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?» |