Eizicéil 9:1-11 |
1. Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: «Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.» |
2. Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D' imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis. |
3. D' ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios. |
4. Dúirt an Tiarna leis: «Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.» |
5. Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: «Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire. |
6. Maraígí ar áit na mbonn idir fhir sean agus óg agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d' aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.» Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill. |
7. Dúirt sé leo ansin: «Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.» D' imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach. |
8. Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: «A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d' Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?» |
9. Dúirt sé liom ansin: «Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d' fhuil agus an chathair lán d' urchóid; óir deir siad: 'Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.' |
10. Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.» |
11. Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: «Rinne mé mar a d' ordaigh tú dom.» |
Eizicéil 10:1-22 |
1. D' amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach. |
2. Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: «Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d' aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.» Isteach leis agus mé ag amharc air. |
3. Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal. |
4. D' éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna. |
5. Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé. |
6. Nuair a d' ordaigh sé d' fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth. |
7. Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d' imigh amach. |
8. Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní. |
9. D' amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít. |
10. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha. |
11. Ag gluaiseacht dóibh d' imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa. |
12. Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar. |
13. Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí. |
14. Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann. |
15. D' éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár. |
16. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n-ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n-ais). |
17. Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d' éirídís ón talamh d' éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí. |
18. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní. |
19. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d' éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n-ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn. |
20. Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad. |
21. Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin. |
22. Agus ba é cosúlacht a n-aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh. |
Salm 121:1-8 |
1. Amhrán Oilithreach. Tógaim mo shúile chun na sléibhte. Cad as do mo chúnamh? Salm 120 |
2. Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh, a rinne neamh agus talamh. |
3. Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh. |
4. Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan ar gharda Iosrael. |
5. Is é an Tiarna do gharda is do dhídean, agus é ar do dheis. |
6. Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae, ná an ré istoíche. |
7. Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d' anam. |
8. Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche. |
Seanfhocal 28:16-16 |
16. An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil. |
Eabhraigh 5:1-14 |
1. Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. |
2. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. |
3. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. |
4. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. |
5. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: «Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.» |
6. Agus in áit eile fós deir sé leis: «Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.» |
7. Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach. |
8. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d' fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d' fhulaing sé. |
9. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó |
10. agus d' fhógair Dia gurb ardsagart é ar nós Mheilcizidic. |
11. Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta. |
12. Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne. |
13. Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc [domhain] i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán. |
14. Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc. |