Eizicéil 3:1-27 |
1. «A mhic an duine» ar sé, «ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.» |
2. D' oscail mé mo bhéal agus thug sé an scrolla dom le hithe, |
3. agus dúirt: «A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.» D' ith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal. |
4. Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo. |
5. Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur; |
6. ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú d' éistfidís leat. |
7. Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir. |
8. Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin. |
9. Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.» |
10. Dúirt sé liom fosta: «A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach. |
11. Imigh chuig na deoraithe de do mhuintir féin agus abair leo: 'Mar seo a deir an Tiarna Dia,' éistidís nó ná héistidís.» |
12. Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: «Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.» |
13. Sciatháin na n-ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n-ais, ba iad seo an clampar mór. |
14. Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d' imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm. |
15. Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D' fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe. |
16. I gcionn seacht lá tháinig briathar an Tiarna chugam: |
17. «A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann. |
18. Má deirim leis an drochdhuine: 'Tá an bás i ndán duit cinnte' agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. |
19. Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin. |
20. Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. |
21. Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith. |
22. Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.» |
23. D' éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh. |
24. Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom. Dúirt sé liom: «Imigh agus druid tú féin istigh i do theach. |
25. Agus tusa, a mhic an duine, cuirfear cuibhreacha ort anois, agus ceanglófar thú leo i dtreo nach mbeidh ar do chumas imeacht i measc an phobail. |
26. Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad. |
27. Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: 'Mar seo a deir an Tiarna Dia.' An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.» |
Eizicéil 4:1-17 |
1. Léigear Iarúsailéim á Thairngreacht |
2. Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall. |
3. Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael. |
4. «Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós. |
5. Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin. |
6. Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana. |
7. Iompóidh tú d' aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin. |
8. Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat. |
9. «Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá. |
10. An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú. |
11. An t-uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú. |
12. Íosfaidh tú an t-arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine. |
13. An Tiarna a dúirt: 'Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n-arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.'» |
14. Ansin dúirt mise: «Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m' anam; ó m' óige aníos níor ith mé aon rud a d' éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.» |
15. Dúirt sé liom ansin: «Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d' arán air sin.» |
16. Dúirt sé liom chomh maith: «Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis. |
17. Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.» |
Salm 119:161-168 |
161. Sin Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth; ach is eagal liom do bhriathra. |
162. Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach. |
163. Is fuath liom an t-éitheach agus is gráin liom é; i aoibhinn liom do dhlí. |
164. Seacht n-uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit as ucht do cheartbhreithiúnas. |
165. Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu. |
166. Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna; agus comhlíonaim d' aitheanta. |
167. Bíonn m' anam ag coimeád do fhorálacha; tugaim grá thar cuimse dóibh. |
168. Coimeádaim do phroiceapta agus d' orduithe; bíonn mo shlite uile i d' fhianaise. |
Seanfhocal 28:13-13 |
13. Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air. |
Eabhraigh 2:1-18 |
1. Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth. |
2. Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi, |
3. conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é. |
4. Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola. |
5. Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air. |
6. Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: «Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de? |
7. Ar feadh tamaillín rinne tú ní b' uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air |
8. agus chuir tú an uile ní faoina smacht.» Mar sin de, nuair a «chuir sé an uile ní faoina smacht,» níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill «go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.» |
9. Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d' fhulaing sé agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d' fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. |
10. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. |
11. Óir is d' aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu, |
12. á rá: «Inseoidh mé d' ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,» |
13. agus arís: «Is air a bheidh mo sheasamh,» agus arís eile: «Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.» |
14. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, |
15. agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt. |
16. Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. |
17. Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. |
18. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu. |