A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Samhain 30

Dainéil 3:1-30
1. An Triúr Compánach san Fhoirnéis
2. Ansin ghairm Nabúcadnazar na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí chun teacht chun coisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar rí.
3. Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar.
4. D' fhógair an callaire os ard: «A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t-ordú atá tugtha:
5. cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí.
6. Ach má bhíonn aon duine nach dtitfidh síos agus adhradh a thabhairt, caithfear eisean láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.»
7. Uime sin a luaithe a chuala na daoine glór na hadhairce, an píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sort uirlise ceoil, rinne siad uile, idir chiníocha náisiúin, agus theangacha, iad féin a chaitheamh síos agus adhradh a thabhairt don íomhá óir a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar.
8. Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach.
9. Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: «A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!
10. Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir;
11. dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n-adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.
12. Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d' orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.»
13. Ansin d' aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí.
14. Dúirt Nabúcadnazar leo: «An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n-adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?
15. Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?»
16. D' fhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: «Ní gá dúinn,» arsa siad, «freagra a thabhairt ort sa ghnó seo.
17. Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh.
18. Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n-adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.»
19. Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D' aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth
20. agus d' ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
21. Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
22. Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d' iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.
23. 24 Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna. 25 Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá: 26 Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, a thuilleann moladh, agus moladh go deo le d' ainm. 27 Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíor d' oibreacha go léir, is is díreach do shlite, is is fírinneach do bhreithiúnais. 28 Thug tú breith chóir i ngach ar sheol tú orainn agus ar chathair naofa ár n-aithreacha, Iarúsailéim. Mar san fhírinne agus sa cheart thug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí. 29 Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach. Pheacaíomar go mór agus níor ghéilleamar do d' aitheanta. 30 Níor chomhlíonamar iad, ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinn ar mhaithe linn féin. 31 Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn, gach a ndearna tú linn, tá siad seo déanta agat sa tslánchóir. 32 Thug tú sinn i lámha ár namhad, do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach, agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain. 33 Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt; táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d' adhartha. 34 Ná tréig sinn ar fad ar son d' aimn agus ná bris do chonradh. 35 Ná tóg ar ais uainn do thrócaire ar son Abrahám do chara, agus Íosác do shearbhónta, is Iosrael do neach naofa, 36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus le gaineamh ar thrá na mara. 37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile, agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí. 38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa, uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis, ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit, 39 agus trócaire a fháil os do chomhair. Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn, 40 mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbh agus leis na mílte ar dheich mílte d' uain mhéithe; gurb amhlaidh sin dár n-íobairt inniu os do chomhair, i slí is go leanfaimid thú go hiomlán, mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa. 41 Anois leanaimid thú ó chroí lán; tá d' eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis. 42 Ná cuir náire orainn, ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachta agus de réir do thrócaire rómhór. 43 Fuascail sinn de réir d' oibreacha taibhseacha, agus tabhair glóir do d' ainm, a Thiarna. 44 Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí; go raibh siad faoi tháir, a gcumhacht uile ar ceal, agus a neart go léir cloíte. 45 Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna, faoi ghlóir ar fud an domhain uile. 46 Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna. 47 D' ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde, 48 agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise. 49 Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach 50 i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu. 51 Caintic an Triúr Ógánach Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
24. 91 Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus d' éirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: «Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?» D' fhreagair siadsan an rí: «Sea go deimhin, a rí.»
25. 92 Dúirt seisean: «Feicim, áfach, ceathrar fear gan chuibhreacha ag siúl timpeall i lár na tine gan dochar déanta dóibh, agus is cosúil le mac de chuid na ndéithe an ceathrú duine ar a dhealramh.»
26. 93 Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: «A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ro-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.» Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine.
27. 94 Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n-éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo.
28. 95 Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: «Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d' fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d' ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh.
29. 96 Uime sin tugaim ordú: 'Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.'»
30. 97 Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine.

Dainéil 4:1-37
1. Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile! 3:98
2. 3:99 Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú.
3. 3:100 Nach mór iad a chomharthaí! Nach tréan iad a fhearta! Ríocht shíoraí a ríocht! Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin!
4. 1 Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás.
5. 2 Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé.
6. 3 Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n-inseoidís ciall an taibhrimh dom.
7. 4 Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d' inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom.
8. 5 Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé agus d' inis mé an taibhreamh dó á rá:
9. 6 «A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom:
10. 7 Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba: Féach: crann i lár na talún; ba mhór a airde.
11. 8 D' fhás an crann agus neartaigh; ráinig a bharr chun neimhe, agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
12. 9 B' álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh. Ba ann a fuair cách cothú, Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire, agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga, agus cothaíodh an uile fheoil leis.
13. 10 Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba: Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.
14. 11 D' fhógair sé in ard a chinn: ' Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de, croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh; teitheadh na hainmhithe óna scáth, agus an éanlaith óna ghéaga.
15. 12 Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh, agus slabhra iarainn agus práis á cheangal, i bhféar mín an mhachaire. Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe, agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n-ainmhithe fiáine.
16. 13 Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna; tugtar croí ainmhí dó, agus téadh seacht n-aimsir thairis.
17. 14 Sin breith na bhfear faire agus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh, d' fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beo go bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine; agus go dtugann sé í don té is mian leis agus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.'
18. 15 «Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.»
19. 16 Ansin bhí Dainéil ar a dtugtaí Béiltiseazar trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: «Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.» D' fhreagair Béiltiseazar: «Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde.
20. 17 An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,
21. 18 arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d' ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga
22. 19 sin é tusa, a rí, a d' fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d' ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne.
23. 20 Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: 'Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n-ainmhithe fiáine, go dté seacht n-aimsir thairis'
24. 21 seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
25. 22 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire, agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh; fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis.
26. 23 «Agus an t-ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.
27. 24 Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d' urchóidí le déirc do bhochta d' fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.»
28. 25 Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.
29. 26 I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin.
30. 27 Agus dúirt an rí: «Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?»
31. 28 Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis: Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar! Tá an flaitheas imithe uait!
32. 29 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire. Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis.
33. 30 Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin.
34. 31 I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; d' fhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde: Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách. Flaitheas síoraí a fhlaitheas. Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin.
35. 32 Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne; ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe, agus áitritheoirí na cruinne. Ní fhéadann neach a lámh a chosc ná a rá leis: «Cad atá agat á dhéanamh?
36. 33 Láithreach bonn d' fhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, d' fhill orm m' onóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós.
37. 34 Anois, mise Nabúcadnazar molaim, móraim agus glóirím Rí neimhe, mar is fíréan iad a oibreacha go léir, agus is cóir iad a shlite uile, agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.

Salm 136:1-9
1. Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, agus go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 135
2. Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe, óir maireann a bhuanghrá go brách.
3. Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
4. Is é an t-aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
5. Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách.
6. Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách.
7. Eisean a rinne na soilse móra, óir maireann a bhuanghrá go brách.
8. Chuir sé an ghrian i gceannas an lae, óir maireann a bhuanghrá go brách;
9. an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Seanfhocal 29:11-11
11. Scaoileann an t-amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

2 Peadar 1:1-21
1. Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.
2. Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.
3. Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;
4. dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.
5. Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce,
6. agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne,
7. agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar.
8. Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n-aithne ar ár dTiarna Íosa Críost.
9. An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí.
10. Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche.
11. Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.
12. Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.
13. Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,
14. mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom.
15. Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith.
16. Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.
17. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.»
18. Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa.
19. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.
20. Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair.
21. Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.