Eizicéil 31:1-18 |
1. San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam: |
2. «A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh: Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht? |
3. Le céadras sa Liobáin gan amhras, le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard, a bharr i measc na néalta. |
4. Chothaigh na huiscí é, thug an duibheagán air fás go hard, trína aibhneacha a chur ag sní thar láthair a fhréamhaithe, a shrutháin chun crainn uile na foraoise. |
5. Uime sin d' fhás sé níb airde ná na crainn eile; mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amach de thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis. |
6. Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir; bheireadh na hainmhithe allta uile a n-óga faoina chraobhacha; shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt. |
7. Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán, chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce. |
8. Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé; ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith, ná a leithéid de bheangáin ag crann plána, ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé. |
9. Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag; bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé. |
10. «Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde, |
11. thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é. |
12. Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d' imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é. |
13. Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha. |
14. As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n-uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól. |
15. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh. |
16. Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce. |
17. Na ciníocha a dhéanadh cónaí faoina scáth, chuaigh siad uile síos leis go Seól chucu siúd a bascadh leis an gclaíomh. |
18. «An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. «Is é seo Forann agus a ghéillsinigh an Tiarna Dia a labhraíonn.» |
Eizicéil 32:1-32 |
1. Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam: |
2. «A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis: Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha. Ach is crogall thú sna farraigí; brúchtann tú i d' aibhneacha, corraíonn tú na huiscí le do spága, salaíonn tú na sruthanna. |
3. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Leathfaidh mé m' eangach os do chionn agus tú i gcomhluadar a lán pobal; tabharfaidh siad aníos i m' eangach thú. |
4. Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú, teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú, tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ort agus ar bheithígh an domhain thú a alpadh. |
5. Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte, agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach. |
6. Fliuchfaidh mé le do shruth fola an talamh fad leis na sléibhte; agus beidh na claiseanna lán díot. |
7. Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas. |
8. Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéire múchadh os do chionn, agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír an Tiarna Dia a labhraíonn. |
9. «Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit. |
10. Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu. |
11. Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort. |
12. Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile. |
13. Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n-uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread. |
14. Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola an Tiarna Dia a labhraíonn. |
15. Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte, nuair a fhágfar í ina fásach folamh, nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti, tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna. |
16. «Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile an Tiarna Dia a labhraíonn.» |
17. Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam: |
18. «A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól: |
19. An áille tusa ná aon duine? Gabh síos, agus luigh leis an dream gan timpeallghearradh.' |
20. «Titfidh siad i measc an dream a maraíodh leis an gclaíomh; luífidh a sluaite uile ina cuideachta. |
21. Labhróidh na gaiscígh mhóra i Seól agus a lucht cúnta léi: '[Tar] anuas agus [luigh] leis an dream gan timpeallghearradh, a thit leis an gclaíomh.' |
22. «Tá an Asaír ansin agus a comhluadar uile, a n-uaigheanna ina timpeall; tá siad go léir marbh, arna dtitim leis an gclaíomh. |
23. Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. |
24. «Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d' imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól. |
25. Chóirigh siad leaba di i measc na marbh, lena slua uile timpeall a huaighe; gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. Tá siad curtha ansin i lár na marbh. |
26. «Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n-uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu. |
27. [Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo. |
28. Brisfear thú mar sin agus luífidh tú leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh. |
29. «Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól. |
30. «Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. |
31. «Feicfidh Forann iad agus glacfaidh sé sólás nuair a fheicfidh sé méid an tslua a thit leis an gclaíomh, Forann agus a shlua go léir an Tiarna a labhraíonn. |
32. Eisean a raibh tír na mbeo ar uafás roimhe, luíonn sé anois leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh, Forann, agus a phobal uile. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.» |
Salm 130:1-4 |
1. Amhrán Oilithreach. As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna; éist, a Thiarna, le mo ghuí. Salm 129 |
2. Go n-éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort. |
3. Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán? |
4. Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit. |
Seanfhocal 28:28-28 |
28. Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach, ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin. |
Séamas 1:1-27 |
1. Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh. |
2. Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe, |
3. mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht. |
4. Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh. |
5. Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í. |
6. Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall. |
7. Óir ná bíodh an té sin á mheas go bhfaighidh |
8. an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia. |
9. Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é, |
10. agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir. |
11. Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí. |
12. Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó. |
13. Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: «Tá Dia ag cur cathaithe orm,» mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine; |
14. ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é; |
15. agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige. |
16. A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh. |
17. Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. |
18. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé. |
19. Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge, |
20. mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcrích. |
21. Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. |
22. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith. |
23. Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán; |
24. feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é. |
25. Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre. |
26. An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh. |
27. Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú. |