A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Deireadh Fómhair 3

Íseáia 57:1-21
1. Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.
2. Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.
3. Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.
4. Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh, agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga? Síol an pheaca atá ionaibh agus pór na mbréag!
5. Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig!
6. Clocha snoite na n-altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
7. Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí.
8. Ar chúl an dorais agus na hursan is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde. D' imigh tú uaim agus bhain tú díot, chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat. Tá conradh déanta agat leo siúd ar mhór leat a leaba, ag síorstriapachas leo agus do shúile ar an dia bréige.
9. Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic, ag stealladh cumhrán ort féin; chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin, chuir tú iad síos go Seól fiú.
10. Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: «Tá mé ag éirí as.» Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós.
11. Cé a chuir an eagla agus an t-uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.
12. Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath.
13. Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú! Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t-iomlán acu, siabfaidh anáil ar shiúl iad. Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht, agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
14. Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15. Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: «Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16. Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
17. Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D' imigh sé leis fiáin sna bealaí a b' áil lena chroí;
18. chonaic mé féin iad na bealaí céanna. Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó; líonfaidh mé le suaimhneas é, é féin agus lucht a chaointe,
19. á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.»
20. Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.
21. «Níl síocháin i ndán,» a deir mo Dhia, «do lucht na hurchóide.»

Íseáia 58:1-14
1. Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
2. Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:
3. «Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é, ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?» Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh, bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n-oibrithe go léir.
4. Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troid agus ag bualadh dorn ar a chéile le binb. Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéid a gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór.
5. An é sin an troscadh is rogha liom, lá cránais den chineál seo i láthair? Duine ag cromadh a chinn mar a bheadh giolcach ann, agus é sínte ar éadach róin agus ar luaithreach, an air seo a thabharfá troscadh, agus lá taitneamhach i láthair an Tiarna?
6. An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;
7. do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
8. Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d' fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.
9. Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort; nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: «Seo anseo mé.» Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí, bagairt na méire agus an chaint urchóideach,
10. má thugann tú do chuid aráin don ocrach agus a sháith don duine dearóil, éireoidh do sholas sa dorchadas agus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.
11. Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.
12. Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n-áitreabh scriosta.
13. Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;
14. is ansin a bheidh d' aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d' athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.

Salm 114:1-8
1. Alleluia. Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach, teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha, Salm 113A
2. rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá, agus tharla Iosrael ina ríocht aige.
3. Chonaic an mhuir agus theith sí; agus chas an Iordáin ar ais.
4. Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí, agus na cnocáin ar nós uan óg.
5. Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?
6. Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí, agus a chnocána, ar nós uan óg?
7. Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna; creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,
8. a chlaochlaigh an charraig ina linn, agus an aill ina foinse uisce.

Seanfhocal 26:22-22
22. Is geall le sólais bhlasta focail an chúlchainteora, sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

Eifisigh 5:1-16
1. Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach,
2. agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.
3. Maidir le drúise nó graostacht d' aon sórt nó saint, ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin, mar ní healaí do na naoimh iad.
4. Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n-oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith.
5. Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint rud is ionann agus íoladhradh níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.
6. Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.
7. Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí;
8. mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais
9. bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.
10. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna
11. agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.
12. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim.
13. Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach
14. agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: «Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.»
15. Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara
16. ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.