Irimia 21:1-14 |
1. An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá: |
2. «Iarraimid d' achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b' fhéidir go n-oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.» |
3. Dúirt Irimia leo: «Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá: |
4. ' Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo. |
5. Agus troidfidh mé féin in bhur n-aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór. |
6. Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás. |
7. Ina dhiaidh sin an Tiarna a labhraíonn tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.' |
8. «Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis. |
9. An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil. |
10. Óir tá m' aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.'» |
11. «Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna. |
12. rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ' Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m' fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil. |
13. Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d' imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh an Tiarna a labhraíonn libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean? |
14. (Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.'» |
Irimia 22:1-30 |
1. Is é a dúirt an Tiarna: «Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin. |
2. ' Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach. |
3. Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo. |
4. Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir. |
5. Ach mura n-éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin an Tiarna a labhraíonn go mbeidh an pálás seo ina fhásach. |
6. Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann. |
7. Tá fir do mhillte tofa agam, ag gach uile fhear acu tá a thua; gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat, agus teilgfidh sa tine iad. |
8. «' Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo? |
9. Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.' |
10. Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d' imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách. |
11. «Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: 'Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó |
12. ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.'» |
13. «Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart, agus a sheomraí uachtair le héagóir, a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal, agus nach n-íocann é ar son a shaothair, |
14. a deir: 'Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing le seomraí leathana in airde', a ghearrann fuinneoga amach ann a chumhdaíonn sé le céadar agus a phéinteálann le flanndearg. |
15. An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair? D' ith d' athair agus d' ól sé, mar a dhéanann tusa, ach chleacht seisean macántacht agus ceart; mar sin bhíothas go maith aige. |
16. Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? an Tiarna a labhraíonn. |
17. Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.» |
18. Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: «Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ' Uch a dheartháir!' ' Uch a dheirfiúr!' Ná caoinigí ar a shon: ' Uch, a thiarna!' ' Uch, a mhórgacht!' |
19. Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.» |
20. «Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d' aos grá uile! |
21. Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: 'Ní éistfidh mé.' Ba é seo do bhéasa ó d' óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa. |
22. Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile go malairt féaraigh; rachaidh d' aos grá i mbraighdeanas. Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois ag smaoineamh duit ar do chionta uile. |
23. Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.» |
24. «Faoi mar a mhairim an Tiarna a labhraíonn dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é. |
25. Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach. |
26. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás. |
27. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.» |
28. An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh? |
29. Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh, éist le briathar an Tiarna! |
30. Is mar seo a deir an Tiarna «Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.» |
Salm 119:9-16 |
9. Beth Conas a mhairfidh an t-ógánach go glan, ach le d' aitheanta a chomhlíonadh? |
10. Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d' aitheanta. |
11. Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort. |
12. Is beannaithe atá tú, a Thiarna; múin do reachtanna dom. |
13. Is amhlaidh a d' admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil. |
14. Gairdím i slí d' fhorálacha amhail san uile shaibhreas. |
15. Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc; agus breithneoidh mé do shlite. |
16. Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna; ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra. |
Seanfhocal 27:14-14 |
14. An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine, áireofar é a bheith ag mallachtú. |
1 Teasalónaigh 5:1-28 |
1. Maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. |
2. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. |
3. Nuair a bheidh daoine á rá: «Táthar slán sábháilte,» ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. |
4. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. |
5. Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. |
6. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall. |
7. Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce. |
8. Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr. |
9. Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost, |
10. a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn. |
11. Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana. |
12. Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh. |
13. Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre. |
14. Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile. |
15. Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile. |
16. Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. |
17. Bígí ag guí gan staonadh |
18. agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost. |
19. Ná múchaigí an Spiorad; |
20. ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. |
21. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith |
22. agus seachnaígí gach aon sórt oilc. |
23. Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. |
24. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin. |
25. A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith. |
26. Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa. |
27. Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile. |
28. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh. |