Irimia 15:1-21 |
1. Dúirt an Tiarna liom: «Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m' fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo! |
2. Agus má fhiafraíonn siad díot: 'Cá rachaimid?' inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ' An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!' |
3. «Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú. |
4. Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim. |
5. Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat, cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú? |
6. Is tú féin a thréig mise an Tiarna a labhraíonn. Thug tú cúl liom; mar sin sínim mo lámh amach i d' aghaidh le go scriosfainn thú. Tá mé tuirseach den aithreachas. |
7. Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí. |
8. Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n-ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin. |
9. Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú? Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde an Tiarna a labhraíonn.» |
10. Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m' fhear caismirte agus i m' fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé. |
11. Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit, go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid ABN: 11, 15a, 12, 13, 14, 15b, 16 |
12. An féidir le fear iarann a bhriseadh, iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha? |
13. «Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste chun creiche, mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre. |
14. Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde i dtír nach feasach duit, óir d' fhadaigh m' fhearg tine a loscfaidh thú go hiomlán.» |
15. 15a ar uair a thubaiste agus a anó? Is feasach duit go ndearna! 15b A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm, agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna. Is mall í d' fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé. Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla. |
16. Nuair a tháinig do bhriathra, d' ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d' ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua. |
17. Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé. |
18. Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan? |
19. Is mar seo a d' fhreagair an Tiarna: «Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir; agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach, beidh tú amhail mo bhéal féin. Fillfidh siadsan ortsa, ach ná fillse orthusan. |
20. Déanfaidh mise díotsa balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo. Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir tá mise leat chun cuidiú leat agus chun thú a shaoradh an Tiarna a labhraíonn. |
21. Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine, agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.» |
Irimia 16:1-21 |
1. Tháinig briathar an Tiarna chugam: |
2. «Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo. |
3. Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n-iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n-aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo: |
4. Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d' éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún. |
5. Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo an Tiarna a labhraíonn mo shíocháin agus mo thruamhéil. |
6. Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son. |
7. Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar. |
8. Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól. |
9. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige. |
10. Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: 'Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n-aghaidhne? Céard é ár n-éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?' |
11. Ansin déarfaidh tú leo: 'Is ar an ábhar gur thréig bhur n-aithreacha mé an Tiarna a labhraíonn agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n-adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí. |
12. Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n-aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa. |
13. Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n-aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d' oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.' |
14. «Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach ndéarfaidh daoine níos mó: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!' |
15. ach: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.' Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir. |
16. «Seolfaidh mé anois mórán iascairí an Tiarna a labhraíonn agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig. |
17. Óir tá mo shúile ar a n-imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile. |
18. Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m' oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.» |
19. Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: «Níor ghabh ár n-aithreacha d' oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe. |
20. An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin? Más ea, ní déithe iad in aon chor!» |
21. «Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m' ainm.» |
Salm 118:21-24 |
21. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom; agus gur tú mo shlánaitheoir. |
22. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. |
23. Is é an Tiarna a rinne an ní seo, agus is éachtach linn é. |
24. Is é seo an lá a rinne an Tiarna; bíodh áthas is gliondar orainn. |
Seanfhocal 27:10-10 |
10. Ná tréig do chara, ná cara d' athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile. |
1 Teasalónaigh 2:1-20 |
1. Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh. |
2. Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d' ainneoin fhreasúra láidir. |
3. Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar; |
4. ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d' fhonn daoine a shásamh ach d' fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n-intinn. |
5. Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh, |
6. agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile, |
7. cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí. |
8. Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh. |
9. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d' oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh. |
10. Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh. |
11. Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí, |
12. do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina ríocht ghlórmhar féin. |
13. Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh. |
14. Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh, |
15. ón mbuíon chéanna a d' imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna, |
16. mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d' fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh. |
17. Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís. |
18. Bhí fonn orainn teacht chugaibh ba mhian liomsa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile ach choisc Sátan orainn é. |
19. Tar éis an tsaoil, cén t-ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse? |
20. Sea, is sibhse, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire. |