A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 9

Geineasas 17:1-27
1. Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d' aois thaispeáin an Tiarna é féin d' Abrám agus dúirt leis: «Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
2. agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.»
3. Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:
4. «Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d' athair ar mhórán ciníocha.
5. Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot.
6. Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.
7. Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
8. Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.»
9. Agus dúirt Dia le hAbrahám: «Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin.
10. Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid;
11. déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn.
12. Nuair a bheidh siad ocht lá d' aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
13. Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d' airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí.
14. An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.»
15. «Maidir le Sáraí do bhean,» arsa Dia le hAbrahám, «ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi.
16. Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.»
17. Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: «An mbéarfar mac don té atá céad bliain d' aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d' aois?»
18. «Ó, mhuise,» arsa Abrahám le Dia, «go maire Ísmeáél féin i d' fhianaise.»
19. «Ní hé sin é,» arsa Dia, «ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí.i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.
20. D' éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.
21. Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.»
22. Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh.
23. Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis.
24. Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.
25. Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d' aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.
26. Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin,
27. agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch.

Geineasas 18:1-33
1. Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.
2. D' fhéach sé suas agus b' shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
3. «A thiarna,» ar sé, «más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.
4. Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.
5. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.» «Déan mar a deir tú,» ar siad.
6. Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. «Faigh,» ar sé, «agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.»
7. Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d' ullmhaigh seisean é faoi dheifir.
8. Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
9. Agus chuireadar ceist air: «Cá bhfuil do bhean Sárá?» «Tá sí sa bhoth,» ar sé.
10. «Fillfidh mé ort,» arsa an t-aoi, «sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.» Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.
11. Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá.
12. Ansin gháir Sárá léi féin á rá: «An amhlaidh a bheidh sólás agam le m' fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?»
13. Ach d' fhiafraigh an Tiarna d' Abrahám: «Cén fáth ar gháir Sárá á rá: 'An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?'
14. An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.»
15. «Níor gháir mé,» arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. «Ní fíor duit,» ar sé, «mar gháir tú.»
16. Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.
17. Dúirt an Tiarna leis féin: «An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,
18. ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?
19. [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d' fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d' Abrahám a bhfuil geallta aige dó.»
20. Ansin dúirt an Tiarna: «Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!
21. Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n-aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.»
22. D' imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d' fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.
23. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: «An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?
24. Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?
25. Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d' fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?»
26. D' fhreagair an Tiarna: «Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.»
27. «Seo mé,» arsa Abrahám á fhreagairt, «agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.
28. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?» «Ní dhéanfaidh mé,» ar sé, «ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.»
29. Agus labhair sé leis arís: «Abair,» ar sé, «gur daichead a gheofar inti.» «Ní dhéanfaidh mé,» ar seisean, «ar son daichead.»
30. «Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,» ar sé ansin, «agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.» D' fhreagair seisean: «Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.»
31. «Tá sé de dhánaíocht ionam,» arsa Abrahám ansin, «labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.» «Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.»
32. Ansin dúirt sé: «Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.» D' fhreagair sé: «Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.»
33. Nuair a bhí deireadh ráite aige le hAbrahám, d' imigh an Tiarna leis, agus d' fhill Abrahám abhaile.

Salm 5:8-12
8. 9 Treoraigh mé a Thiarna, i d' fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.
9. 10 Níl an fhírinne le fáil ina mbéal; tá cealg ina gcroí. Is uaigh ar leathadh a gcraos; is mealltach a dteanga.
10. 11 Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d' éirigh siad i d' éadan.
11. 12 Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat; gairdídís go brách; caomhnaigh an dream lenarb áil d' ainm chun go ndéana siad gairdeas ionat.
12. 13 Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna; beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.

Seanfhocal 2:10-22
10. Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d' anam an t-eolas,
11. Beidh an chríonnacht mar gharda ort agus an tuiscint i do chúram,
12. Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga,
13. Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta d' fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;
14. Orthú siúd ar geal leo an t-olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl,
15. Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.
16. Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;
17. Threig sise céile a hóige agus rinne dearmad ar chonradh Dé.
18. Tá a teach ag fiaradh chun báis, agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.
19. Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.
20. Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.
21. Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre, agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach.
22. Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.

Matha 7:1-29
1. «Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh;
2. óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.
3. «Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail i do shúil féin?
4. Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: 'Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit'; agus sin í an tsail i do shúil féin!
5. A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.
6. «Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.
7. «Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
8. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
9. Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige?
10. Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige?
11. Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?
12. «Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
13. «Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.
14. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.
15. «Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.
16. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d' fheochadáin?
17. Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.
18. Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt.
19. Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.
20. Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.
21. «Ní hé gach aon duine a deir liom: 'A Thiarna, a Thiarna!' a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m' Athar atá ar neamh.
22. Déarfaidh mórán liom an lá sin: 'A Thiarna, a Thiarna, nach i d' ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d' ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d' áinm a rinneamar mórán míorúiltí?'
23. Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: 'Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t-olc!'
24. «Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:
25. thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.
26. «Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh:
27. thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.»
28. Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;
29. á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.