Geineasas 5:1-32 |
1. Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé. |
2. Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t-ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad. |
3. Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d' aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air. |
4. Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. |
5. Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas. |
6. Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d' aois ghin sé Eanóis, |
7. agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
8. Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás. |
9. Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d' aois, ghin sé Céanán, |
10. agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
11. Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás. |
12. Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael. |
13. Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
14. Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás. |
15. Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad. |
16. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
17. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás. |
18. Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d' aois, ghin sé Eineoc |
19. agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha. |
20. Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás. |
21. Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach. |
22. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
23. Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad. |
24. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d' imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é. |
25. Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d' aois ghin sé Láimic. |
26. Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. |
27. Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d' éag sé. |
28. Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac |
29. agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: «Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n-oibre.» |
30. Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. |
31. Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás. |
32. Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d' aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat. |
Geineasas 6:1-22 |
1. Nuair a thosaigh na daoine ar dhul i líonmhaire ar chlár na talún agus gur rugadh iníonacha dóibh, |
2. chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná. |
3. Dúirt an Tiarna: «Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d' fhad saoil aige feasta.» |
4. Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú. |
5. Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t-olc. |
6. Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí. |
7. Agus dúirt an Tiarna: «Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.» |
8. Bhí gnaoi an Tiarna ar Naoi. |
9. Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia. |
10. Agus ghin Naoi triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat. |
11. Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d' fhoréigean. |
12. D' fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh. |
13. Dúirt Dia le Naoi: «Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d' fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo. |
14. Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh. |
15. Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead. |
16. Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair. |
17. Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh. |
18. Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat. |
19. Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith. |
20. An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo. |
21. Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n-itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.» |
22. Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó. |
Salm 2:7-12 |
7. Foilseoidh mé reacht an Tiarna. «Is tú mo mhac,» a dúirt an Tiarna liom, «inniu is ea a ghin mé thú. |
8. Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit. |
9. Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.» |
10. Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe; aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne. |
11. 11a Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla agus tugaigí ómós dó go creathnach, |
12. 11b sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann. Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann. |
Seanfhocal 1:10-19 |
10. Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó, ná géill dóibh. |
11. Má deir siad: «Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh; |
12. Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe. |
13. Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach. |
14. Fág do chuid roinne fúinne; ní bheidh againn go léir ach an t-aon sparán.» |
15. A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán. |
16. (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.) |
17. Is fánach é an líon a leathadh agus an t-éan ag faire. |
18. Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí. |
19. Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t-anam ón dream ar leo é. |
Matha 3:1-17 |
1. Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: |
2. «Déanaigí aithrí,» deireadh sé, «mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.» |
3. Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: «Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.'» |
4. Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. |
5. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, |
6. agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. |
7. Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: «A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? |
8. Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, |
9. agus nárab áil libh a rá libh féin: 'Tá Abrahám mar athair againn,' óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d' Abrahám as na clocha seo. |
10. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. |
11. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. |
12. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.» |
13. Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh. |
14. Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. «Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,» ar seisean, «agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?» |
15. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán. Lig sé dó ansin. |
16. An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. |
17. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.» |