A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 28

Eaxodus 5:1-23
1. Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.'»
2. Ach dúirt Forann: «Cé hé an Tiarna seo go n-éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.»
3. «Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,» ar siad; «tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.»
4. Dúirt rí na hÉigipte leo: «A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!»
5. Agus lean Forann air: «Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?»
6. An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:
7. «Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.
8. Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: 'Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.'
9. Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.»
10. Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: «Seo mar a deir Forann: 'Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.
11. Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.'»
12. Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí.
13. Luigh na saoistí orthu á rá: «Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.»
14. Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: «Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?»
15. Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: «Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?» ar siad.
16. «Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: 'Déanaigí brící!' Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.»
17. «Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,» ar sé. «Uime sin a deir sibh: 'Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.'
18. Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.»
19. Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: «Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.»
20. Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo;
21. agus dúradar leo: «Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.»
22. Agus d' fhill Maois arís ar an Tiarna: «Cad chuige duit, a Thiarna,» ar sé, «caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?
23. Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d' ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.»

Eaxodus 6:1-30
1. Ach dúirt an Tiarna le Maois: «Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.»
2. Labhair Dia le Maois: «Mise an Tiarna.
3. Thaispeánas mé féin d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób faoin ainm ' Dia Uilechumhachtach'; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m' ainm féin ' an Tiarna.'
4. Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe.
5. D' éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh.
6. Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: 'Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
7. Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d' fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
8. Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d' Abrahám, agus d' Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.'»
9. Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.
10. Ansin dúirt an Tiarna le Maois:
11. «Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.»
12. Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: «Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?»
13. Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d' ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte.
14. Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen.
15. Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon.
16. Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d' fhad saoil ag Léiví.
17. Clann mhac Ghéirseon: Libní agus Simí de réir a gclann.
18. Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d' fhad saoil ag Cohát.
19. Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach.
20. Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d' fhad saoil ag Amrám.
21. Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí.
22. Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí.
23. Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
24. Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach.
25. Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.
26. Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: «Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.»
27. Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.
28. An lá a labhair an Tiarna le Maois i dtír na hÉigipte,
29. dúirt sé leis mar leanas: «Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.»
30. Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: «Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n-éisteodh Forann liomsa?»

Salm 16:7-11
7. Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
8. Coimeádaim an Tiarna de shíor i m' intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.
9. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m' anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
10. Óir ní fhágfaidh tú m' anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
11. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.

Seanfhocal 5:7-14
7. Éist liomsa anois, [a mhic], agus ná scar le briathra mo bhéil.
8. Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi; agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,
9. Nó imeoidh d' onóir le daoine eile agus blianta do shaoil le duine gan trócaire,
10. Agus cothófar coimhthígh ar do chuid, rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,
11. Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil, nuair a bheidh do cholainn is d' fheoil caite;
12. Agus déarfaidh tú: «Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.
13. Níor éist mé le glór mo mháistrí, ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.
14. Táim anois in umar na haimléise i bhfianaise an chomhthionóil go léir.»

Matha 18:21-35
21. Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: «A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m' aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?»
22. Dúirt Íosa leis: «Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
23. «Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.
24. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.
25. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d' ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh.
26. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: 'Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.'
27. Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó.
28. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: 'Íoc a bhfuil amuigh ort!'
29. Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: 'Bíodh foighne agat liom,' ar seisean, ' agus íocfaidh mé leat é.'
30. Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha.
31. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir.
32. Chuir an máistir fios air: 'A sheirbhísigh mhallaithe,' ar seisean, ' mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm.
33. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?'
34. Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.
35. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m' Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.»