Geineasas 49:1-33 |
1. Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: «Cruinnigí le chéile go n-inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh. |
2. Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n-athair. |
3. A Reúbaen, is tú mo chéadghin mo neart, céadtoradh m' fhearúlachta. Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht, |
4. gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach, mar gur ghabh tú suas chun leaba d' athar, agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón! |
5. Deartháireacha Simeon agus Léiví, agus chuireadar a ndobhearta i gcrích. |
6. Ná bíodh m' anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile. |
7. Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael. |
8. A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú; beidh do lámh ar bhráid do naimhde agus sléachtfaidh clann mhac d' athar duit. |
9. Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt? |
10. Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine. |
11. Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor; |
12. beidh a shúile dearg le fíon agus a dhéada bán le bainne. |
13. Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón. |
14. Asal tréan é Íosácár ina luí i measc cróite caorach; |
15. tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin. |
16. Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal, mar cheann de threibheanna Iosrael. |
17. Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar agus ar an gcosán ina nathair adharcach, a bheireann greim ar speir an chapaill agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil. |
18. Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia. |
19. Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád, ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu. |
20. Is saibhir é arán Áiséar agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí. |
21. Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí agus oisíní gleoite á mbreith aici. |
22. Craobh thorthúil é Iósaef, craobh thorthúil le hais an tobair, agus a géascaí ag síneadh thar an mballa. |
23. Thug na saighdeoirí faoi le fíoch, scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air, |
24. ach bhris neach tréan a mbogha agus scaradh cuislí a lámh ona chéile ag láimh Neach Tréan Iacóib, ag ainm Charraig Iosrael, |
25. ag Dia d' athar a chabhraíonn leat, ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú, le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos, le beannachtaí cíoch agus broinne, |
26. le beannachtaí arbhair agus bláthanna, le beannachtaí na gcnoc cianaosta, le beannachtaí na sléibhte síoraí; go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef, agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha. |
27. Faolchú craosach é Biniáimin; alpann sé a chreach ar maidin, agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.» |
28. Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n-athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith. |
29. Ansin thug sé treoracha dóibh. «Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,» ar sé. «Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m' aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach, |
30. san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. |
31. Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh |
32. san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.» |
33. Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d' imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é. |
Geineasas 50:1-26 |
1. Ansin chaith Iósaef é féin anuas ar a athair, agus shil deora ar a aghaidh agus phóg é. |
2. Ansin d' ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú. |
3. Chaitheadar daichead lá leis an ngnó, mar go dtógann sé daichead lá an balsamú a dhéanamh. Agus chaoin na hÉigiptigh é ar feadh deich lá agus trí fichid. |
4. Nuair a bhí an tréimhse chaointe air thart, labhair Iósaef le teaghlach Fhorainn: «Má táim i bhfabhar in bhur láthair,» ar sé, «cuirigí an teachtaireacht seo i gcluais Fhorainn, le bhur dtoil: |
5. Chuir m' athair faoi bhrí na mionn mé. ' Táimse ar tí báis,' ar sé, ' tá uaigh agam a d' oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.' Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m' athair a chur. Ansin fillfidh mé.» |
6. D' fhreagair Forann: «Imigh leat suas agus déan d' athair a adhlacadh mar a chuir sé d' iallach ort a mhionnú dó.» |
7. D' imigh Iósaef suas dá bhrí sin chun a athair a adhlacadh agus chuaigh in éineacht leis searbhóntaí uile Fhorainn agus seanóirí uile a theaghlaigh, agus seanóirí uile thír na hÉigipte; |
8. agus, chomh maith leo, teaghlach uile Iósaef, agus a dheartháireacha, agus teaghlach a athar, ach gur fágadh a leanaí, a dtréada, agus a dtáinte i dtír Ghoisin. |
9. Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í. |
10. Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá. |
11. Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: «Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!» Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait tá sé lastall den Iordáin. |
12. Rinne a chlann mhac leis mar a d' ordaigh sé dóibh. |
13. Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. |
14. Tar éis dó a athair a adhlacadh, d' fhill Iósaef ar an Éigipt mar aon lena dheartháireacha agus ar ghabh suas leis chun a athair a adhlacadh. |
15. Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n-athair marbh, dúradar: «B' fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.» |
16. Chuireadar teachtaireacht dá bhrí sin go dtí Iósaef á rá: «Roimh bhás dó, thug d' athair an t-ordú seo: |
17. ' Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.' Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d' athar.» Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis. |
18. Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: «Seo sinne inár searbhóntaí agat!» |
19. Ach d' fhreagair Iósaef: «Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé? |
20. Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m' aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois. |
21. Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.» Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh. |
22. Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana. |
23. Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef. |
24. Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: «Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d' Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.» |
25. Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.» |
26. Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d' aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt. |
Salm 14:1-7 |
1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. Salm 13 |
2. Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia. |
3. Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine. |
4. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna. |
5. Beidh an dream sin ar crith le heagla, óir tá Dia leis an bhfíréan. |
6. Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean. |
7. Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal, beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael. |
Seanfhocal 4:20-24 |
20. Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil. |
21. Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad. |
22. Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad. |
23. Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha. |
24. Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon. |
Matha 16:1-28 |
1. Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d' iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. |
2. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: 'Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg'; |
3. agus ar maidin: 'Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.' Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? |
4. Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna» a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis. |
5. Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. |
6. Dúirt Íosa leo: «Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.» |
7. Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: «Mar nár thugamar an t-arán linn.» |
8. Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? |
9. Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? |
10. Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? |
11. Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.» |
12. Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach. |
13. Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d' fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: «Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?» |
14. Dúirt siad: «Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.» |
15. Dúirt sé leo: «Ach cé a deir sibhse mé?» |
16. Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: «Is tú an Críost, Mac Dé bheo.» |
17. D' fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: «Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d' fhoilsigh duit é ach m' Athair atá ar neamh. |
18. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m' eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. |
19. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.» |
20. Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost. |
21. An Chros agus an Choróin |
22. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: «Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,» ar seisean, «agus i bhfad uait sin!» |
23. Ach d' iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.» |
24. Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. |
25. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. |
26. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d' fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? |
27. Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. |
28. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.» |