Geineasas 43:1-34 |
1. agus Biniáimin Leo |
2. Nuair a bhí an t-arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t-athair leo: «Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.» |
3. «An fear úd,» arsa Iúdá leis, «thug sé rabhadh sollúnta dúinn: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.' |
4. Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit. |
5. Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.'» |
6. «Cad a ba áil libh,» arsa Iosrael, «a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?» |
7. D' fhreagraíodar é: «Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: 'An maireann bhur n-athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?' Sin é an fáth a dtugamar an t-eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: 'Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh'?» |
8. Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: «Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith. |
9. Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách. |
10. Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.» |
11. Ansin dúirt Iosrael an t-athair leo: «Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne. |
12. Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t-airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B' fhéidir gur dearmad é. |
13. Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd. |
14. Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.» |
15. Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef. |
16. Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: «Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.» |
17. Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef; |
18. tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: «Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n-asail mar an gcéanna.» |
19. Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí: |
20. «A thiarna,» ar siad, «thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach. |
21. Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d' osclaíomar ár málaí agus b' shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin, |
22. agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.» |
23. «Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,» ar sé. «Is é bhur nDia agus Dia bhur n-athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n-airgead slán iomlán.» Thug sé Simeon amach chucu ansin. |
24. Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n-asail; |
25. chóiríodarsan a dtabhartas agus iad ag feitheamh le Iósaef a theacht um nóin, mar dúradh leo go rabhadar chun bia a chaitheamh ansiúd. |
26. Nuair a tháinig Iósaef abhaile thugadar isteach chuige an tabhartas a bhí acu agus shléachtadar go talamh dó. |
27. Agus chuir sé ceist orthu conas mar a bhí acu, agus dúirt: «An bhfuil bhur n-athair ar fónamh? an seanfhear a luaigh sibh? An maireann sé fós?» |
28. «Tá do shearbhónta, ár n-athair, ar fónamh,» ar siad, «agus maireann sé fós»; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó. |
29. D' fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; «An é seo,» ar sé, «an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.» |
30. Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd. |
31. Ansin nigh sé a aghaidh agus tháinig amach; ansin, agus greim ar a chroí aige, dúirt sé: «Dáiltear an bia.» |
32. Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh is gráin dearg leo é sin. |
33. Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d' fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht. |
34. Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D' óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach. |
Geineasas 44:1-34 |
1. Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: «Líon málaí na bhfear,» ar sé, «de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála; |
2. agus cuir mo chorn, an ceann airgid, i dteannta airgead a arbhair, isteach i mbéal mhála an té is óige acu.» Rinne sé mar a dúirt Iósaef leis. |
3. Lá arna mhárach le breacadh an lae seoladh na fir chun siúil agus a n-asail leo. |
4. Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: «Bí amuigh,» ar sé, «agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: 'Cad chuige daoibh an t-olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?] |
5. Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!'» |
6. Nuair a tháinig seisean suas leo labhair sé mar sin leo. |
7. Dúradar leis: «Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh! |
8. Féach an t-airgead a fuaireamar i mbéal ár málaí, thugamar ar ais chugat é ó thír Chanán. Conas, más ea, a ghoidfimis airgead ná ór ó theach do thiarna? |
9. Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.» |
10. «Breith bhur mbéil féin oraibh, más ea,» ar sé, «an té ag a bhfaighfear é, beidh sé ina dhaor agam; ach rachaidh an chuid eile agaibh saor.» |
11. Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d' oscail gach duine a cheann féin. |
12. Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin. |
13. Stróic siad a gcuid éadaigh, chuir gach duine a ualach ar a asal agus ar ais leo chun na cathrach. |
14. Nuair a shroich Iúdá agus a dheartháireacha teach Iósaef, bhí sé ansiúd fós; shléachtadar síos go talamh roimhe. |
15. Dúirt Iósaef leo: «Cad é seo atá déanta agaibh? Nach bhfuil a fhios agaibh gur fear feasa mo leithéidse?» |
16. «Cad tá le rá againn leat, a thiarna?» arsa Iúdá, «cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.» |
17. «Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n-athar.» |
18. Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: «A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa. |
19. Chuir tú ceist, a thiarna, ar do shearbhóntaí: 'An bhfuil athair nó deartháir agaibh?' |
20. Agus dúramar le d' onóir: 'Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.' |
21. Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: 'Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.' |
22. Ansin dúramar le d' onóir: 'Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.' |
23. Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: 'Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.' |
24. Nuair a d' fhilleamar ar ár n-athair, do shearbhónta, d' insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna. |
25. Agus nuair a dúirt ár n-athair: 'Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,' |
26. dúramar: 'Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.' |
27. Ansin dúirt do shearbhónta, m' athair, linn: 'Tá a fhios agaibh gur rug mo bhean beirt mhac dom; |
28. nuair a scar mé le duine acu, dúirt mé: Stolladh, sea agus alpadh é; agus ní fhaca mé riamh ó shin é. |
29. Má thógann sibh an ceann seo uaim chomh maith, seolfaidh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.' |
30. Má thagaimse dá bhrí sin chun do shearbhónta, m' athair, agus gan an buachaill inár dteannta, ós rud é go bhfuil a chroí istigh sa bhuachaill, |
31. titfidh an t-anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n-athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin. |
32. Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m' athar, á rá: 'Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m' athar.' |
33. Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha. |
34. Conas a d' fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m' athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m' athair.» |
Salm 11:1-7 |
1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m' anam: «Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.» Salm 10 |
2. Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha; táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang, á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht. |
3. Ón uair a scriostar na fothaí cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh. |
4. Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine. |
5. Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin. |
6. 6a Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. |
7. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh. |
Seanfhocal 4:10-13 |
10. Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra, agus mairfidh tú an céad. |
11. Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha. |
12. Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat. |
13. Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é. |
Matha 14:22-36 |
22. Ansin chuir sé d' fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. |
23. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. |
24. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. |
25. Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. |
26. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: «Taibhse atá ann!» ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. |
27. Ach labhair Íosa leo láithreach: «Bíodh misneach agaibh!» ar seisean, «mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.» |
28. D' fhreagair Peadar é: «A Thiarna,» ar seisean, «más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.» |
29. Dúirt Íosa: «Tar! Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. |
30. Ach nuair a d' airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: «A Thiarna, saor mé!» ar seisean. |
31. Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: «A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?» |
32. Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. |
33. Agus iad seo a bhí sa bhád, d' umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: «Go dearfa, is tú Mac Dé.» |
34. Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. |
35. Nuair a d' aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, |
36. agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán. |