A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 21

Geineasas 41:1-57
1. Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d' Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl.
2. Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
3. Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.
4. D' ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin.
5. Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.
6. Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus
7. shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige.
8. Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d' inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d' fhéadfadh é a mhiniú d' Fhorann.
9. Ansin labhair an príomhchornaire le Forann: «Ní foláir dom mo chionta a thabhairt chun cuimhne inniu.
10. Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda.
11. Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin.
12. Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D' insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d' inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.
13. Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.»
14. Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
15. Dúirt Forann le Iósaef: «Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d' fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.»
16. D' fhreagair Iósaef Forann: «Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.»
17. Dúirt Forann le Iósaef dá bhrí sin: «Sa taibhreamh dom, seo mé i mo sheasamh ar bhruach na Níle.
18. Seo aníos as an Níl seacht gcinn de bha slíoctha méithe agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
19. Seo seacht mba eile aníos ina ndiaidh, truáin loma ghránna, nach bhfaca a leithéid riamh i dtalamh na hÉigipte ar fad.
20. Agus d' alp na ba loma gránna na seacht mba slíoctha méithe.
21. Ach nuair a bhíodar ite acu, níorbh fhéidir le haon duine a rá go rabhadar ite acu, mar bhíodar fós chomh lom is a bhíodar riamh. Ansin dhúisigh mé.
22. Rinneadh taibhreamh eile dom: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin, agus iad faoi bhláth toraidh
23. ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir.
24. Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D' inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.»
25. Dúirt Iósaef le Forann: «Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D' fhoilsigh Dia d' Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
26. Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh //céanna ceannann atá i gceist.
27. Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.
28. Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d' Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh.
29. Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir.
30. Ach tiocfaidh seacht mbliana gorta ina ndiaidh agus ní bheidh cuimhne ar an bhflúirse go léir i gcríocha na hÉigipte; creimfidh an gorta an tír.
31. Beidh an gorta úd a leanfaidh chomh dian sin ar fad nach mbeidh cuimhne ag aon duine ar an bhflúirse a bhí sa tír.
32. Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích.
33. Ba chóir d' Fhorann duine críonna ciallmhar a thoghadh agus a chur i bhfeighil thír na hÉigipte.
34. Cuireadh Forann chuige dá bhrí sin agus ceapadh sé feidhmeannaigh os cionn na tíre agus gearradh sé cáin den chúigiú cuid ar thír na hÉigipte le linn seacht mbliana na flúirse.
35. Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t-arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.
36. Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.»
37. D' aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé.
38. Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: «Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?»
39. Agus dúirt Forann le Iósaef: «Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
40. Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d' orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.»
41. «Féach!» arsa Forann le Iósaef, «déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,»
42. agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.
43. Chuir sé ina shuí é sa charbad is fearr aige seachas a charbad féin agus bhíodh na daoine roimhe ag cur na ngártha in airde: «Ar bhur nglúine.» Rinneadh rialtóir de ar chríocha uile na hÉigipte sa tslí sin.
44. «Mise Forann,» arsa Forann le Iósaef, «agus níl cead cos ná lámh ag aon duine ar fud críocha na hÉigipte ach de réir do tholasa.»
45. Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.
46. Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.
47. I gcaitheamh na seacht mbliana flúirse, thug an talamh fómhar fial uaidh,
48. agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.
49. Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.
50. Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.
51. Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; «mar,» ar sé, «thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m' athar.»
52. Thug sé Eafráim ar an dara mac; «mar,» ar sé, «chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.»
53. Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche,
54. agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir.
55. Nuair a luigh an gorta ar chríocha na Éigipte go léir, ghlaoigh na daoine ar Fhorann ag iarraidh aráin; agus dúirt Forann leis na hÉigiptigh go léir: «Téigí go Iósaef, agus déanaigí mar a déarfaidh sé libh.»
56. Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d' oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t-arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.
57. Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad.

Geineasas 42:1-38
1. Chuala Iacób go raibh arbhar ar díol san Éigipt agus dúirt sé lena chlann mhac: «Cad a ba áil libh féachaint ar a chéile?
2. Is clos dom, féach!» ar sé, «go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.»
3. D' imigh deichniúr de dheartháireacha Iósaef síos chun arbhar a cheannach san Éigipt.
4. Ach níor chuir Iacób Biniáimin, deartháir Iósaef, lena dheartháireacha. «Ní foláir,» ar sé, «gan aon ní a thitim amach dó.»
5. Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán.
6. Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.
7. Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d' aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: «Cad as daoibh?» ar sé. «Ó thír Chanán,» ar siad, «a thángamar chun bia a cheannach.»
8. Sea, d' aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é.
9. Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: «Spiairí sibh,» ar sé, «agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.»
10. «Ní hea ar aon chor,» ar siad, «ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí.
11. Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.»
12. «Ní fíor sin,» ar sé leo, «ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.»
13. D' fhreagraíodar: «Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n-athair, agus tá duine nach maireann.»
14. Ach d' fhreagair Iósaef iad: «Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh.
15. Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.
16. Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.»
17. Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá.
18. Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: «Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;
19. más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.
20. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.» Rinneadar amhlaidh.
21. Ansin dúradar le chéile: «Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.»
22. D' fhreagair Reúbaen: «Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!»
23. Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu.
24. D' iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d' fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl.
25. D' ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d' arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.
26. Ansin chuireadar a n-ualach arbhair ar a gcuid asal agus d' imíodar leo.
27. Nuair a d' oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.
28. Dúirt sé lena dheartháireacha: «Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!» Thit an lug ar an lag acu ansin: d' fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: «Ceard é seo a rinne Dia linn?» ar siad.
29. Nuair a d' fhilleadar ar a n-athair Iacób, i dtír Chanán, d' eachtraíodar dó gach ar tharla dóibh.
30. «An té is tiarna ar an tír,» ar siad, «labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn.
31. Ach dúramar leis: 'Daoine macánta sinne agus ní spiairí;
32. tá dháréag dearthár againn ann, mic ár n-athar; tá duine againn nach maireann agus tá an sóisear fós anois fara ár n-athair i dtír Chanán.'
33. Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: 'Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.
34. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugam; ansin is ea a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh agus scaoilfidh mé bhur ndeartháir chugaibh, agus féadfaidh sibh bheith ag margáil sa tír.'»
35. Ag folmhú a málaí dóibh, seo spagaí airgid gach duine ina mhála. Nuair a chonaiceadar féin agus an t-athair na spagaí airgid, tháinig scanradh orthu
36. agus dúirt Iacób, an t-athair, leo: «Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!»
37. Ansin dúirt Reúbaen lena athair: «Cead agat mo bheirt mhac a chur chun báis mura dtabharfaidh mé ar ais chugat é; fág fúmsa é agus tabharfaidh mé ar ais chugat é.»
38. Ach d' fhreagair sé: «Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.»

Salm 10:12-18
12. Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.
13. Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia, á rá ina chroí: «Ní imreoidh sé díoltas»?
14. Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
15. Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n-urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.
16. Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.
17. Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
18. a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d' fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

Seanfhocal 4:7-9
7. Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
8. Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.
9. Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.»

Matha 14:1-21
1. San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa,
2. agus dúirt sé le lucht a chúirte: «Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.»
3. Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
4. Mar dúirt Eoin leis: «Ní ceadmhach duit í bheith agat.»
5. Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air.
6. Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród
7. gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d' iarrfadh sí a thabhairt di.
8. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: «Tabhair dom anseo ar mhias,» ar sise, «ceann Eoin Baiste.»
9. Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d' ordaigh sé an aisce a thabhairt di,
10. agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún.
11. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é.
12. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d' Íosa.
13. Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.
14. Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.
15. Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.»
16. Ach dúirt Íosa leo: «Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.»
17. «Ach,» ar siadsan leis, «níl anseo againne ach cúig builíní agus dhá iasc.»
18. «Tugaigí chugam anseo iad,» ar seisean.
19. D' ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
20. D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.
21. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.