Geineasas 37:1-36 |
1. Mhair Iacób sa tír inar chuir a athair faoi, i dtír Chanán. |
2. Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d' aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n-athair. |
3. Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó. |
4. Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n-athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis. |
5. Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d' inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó. |
6. «Éistigí,» ar sé, «leis an taibhreamh a rinneadh dom. |
7. Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d' éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.» |
8. Dúirt a dheartháireacha leis: «An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?» Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte. |
9. Rinneadh taibhreamh eile dó agus d' inis sé dá dheartháireacha é: «Féach! bhí taibhreamh eile agam,» ar sé. «Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.» |
10. D' inis sé dá athair agus dá dheartháireacha é agus thug a athair scalladh dó: «Cad é mar thaibhreamh a taibhríodh duit!» ar sé, «an amhlaidh a bheidh mise agus do mháthair agus do dheartháireacha ag teacht agus ag sléachtadh go talamh duit?» |
11. Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal. |
12. D' imigh a dheartháireacha chun tréad a n-athar a chur ar féarach in aice le Seicim. |
13. Dúirt Iosrael le Iósaef: «Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.» «Teacht,» ar sé leis. |
14. «Imigh leat anois,» ar sé leis, «agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.» Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim. |
15. Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d' fhiafraigh an fear de: «Cad tá tú a lorg?» |
16. «Táim ar lorg mo dhearthaireacha,» ar sé. «Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.» |
17. «Tá siad imithe leo,» arsa an fear, «mar chuala mé iad á rá: 'Téimis go Dotán.'» D' imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán. |
18. Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú. |
19. «Seo chugainn,» a dúradar le chéile, «fear na dtaibhreamh. |
20. Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.» |
21. Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: «Ná maraímis é. |
22. Ná doirtigí aon bhraon fola,» arsa Reúbaen leo; «caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air» mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair. |
23. Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige, |
24. agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann. |
25. Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu. |
26. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: «Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach? |
27. Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.» Agus ghéill a dheartháireacha dó. |
28. Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt. |
29. Nuair a d' fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh |
30. agus d' fhill ar a dheartháireacha agus dúirt: «Tá an buachaill ar iarraidh, agus mise, cá rachaidh mé?» |
31. Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil. |
32. Sheoladar an cóta leis na muinchillí fada ar ais le tabhairt dá n-athair, leis an teachtaireacht: «Fuaireamar é seo; féach an é cóta do mhic é nó nach é.» |
33. D' aithin an t-athair é agus dúirt: «Is é cóta mo mhic é! D' alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.» |
34. Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta. |
35. Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: «Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.» Sin mar a chaoin a athair é. |
36. Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda. |
Geineasas 38:1-30 |
1. Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá. |
2. Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi. |
3. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air. |
4. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air. |
5. Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb. |
6. Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar. |
7. Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é. |
8. Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: «Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.» |
9. Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir. |
10. Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna. |
11. Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: «Fill abhaile ar d' athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá» mar is é a bhí ina aigne aige: «Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.» D' imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar. |
12. Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois. |
13. Fuair Támár scéala: «Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,» |
14. agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean. |
15. Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici. |
16. Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: «Téanam agus luigh liom.» Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. «Cad a thabharfaidh tú dom,» ar sí, «ar son céileachas a dhéanamh liom?» |
17. «Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,» ar sé. «Tá go maith,» ar sí, «ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.» |
18. «Cén geall a fhágfaidh mé agat?» ar sé. «Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,» ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh. |
19. Ansin d' éirigh sí, d' imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís. |
20. Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í. |
21. D' fhiafraigh sé de mhuintir na háite: «Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?» D' fhreagraíodar: «Ní raibh aon striapach ansiúd.» |
22. D' fhill sé ar Iúdá agus dúirt: «Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.» |
23. «Bíodh aici mar sin,» arsa Iúdá, «chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.» |
24. Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: «Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.» Dúirt Iúdá: «Tugtar amach í agus loisctear í!» |
25. Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: «An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.» Agus dúirt sí: «Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?» |
26. D' aithin Iúdá iad agus a dúirt: «Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.» Agus níor luigh sé léi níos mó. |
27. Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn. |
28. Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: «É seo is túisce a tháinig amach.» |
29. Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: «Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!» Tugadh Bearna air dá bhrí sin. |
30. Tháinig a dheartháir amach ansin ina dhiaidh agus snáithín craorag ar a láimh agus tugadh Zearach air. |
Salm 9:11-20 |
11. 12 Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin; |
12. 13 Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu, ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht. |
13. 14 Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d' ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé, |
14. 15 d' fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú. |
15. 16 Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d' fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa. |
16. 17 Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir: tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin. |
17. 18 Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia. |
18. 19 Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí; ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag. |
19. 20 Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine: tugtar breith ar na ciníocha i d' fhianaise. |
20. 21 Scanraigh an croí iontu, a Thiarna; bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah |
Seanfhocal 3:31-35 |
31. Ná bí ag éad le lucht ansmachta agus ná déan aithris orthu. |
32. Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún. |
33. Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan. |
34. Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle. |
35. Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin. |
Matha 13:1-30 |
1. Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, |
2. agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. |
3. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: «Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. |
4. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. |
5. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d' eascair sé gan mhoill. |
6. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d' fheoigh sé de cheal fréimhe. |
7. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d' fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. |
8. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. |
9. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!» |
10. Tháinig na deisceabail chuige á rá: «Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?» |
11. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. |
12. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. |
13. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. |
14.
Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ' Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
|
15.
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d' éist siad le cluasa bodhránta, d' iaigh siad a súile, d' eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.'
|
16. «Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. |
17. Deirim libh go fírinneach, b' é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.» |
18.
«Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra.
|
19. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. |
20. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, |
21. ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. |
22. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. |
23. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.» |
24. Chuir sé parabal eile os a gcomhair: «Is iad dála ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. |
25. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d' imigh. |
26. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. |
27. Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: 'A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?' |
28. Dúirt sé leo: 'Namhaid éigin a rinne an méid sin.' ' Agus ar mhaith leat,' deir na sclábhaí leis, ' go rachaimis á bhailiú chun a chéile?' |
29. ' Ná déanaigí,' ar seisean, ' ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. |
30. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.'» |